Eoin 4
4
1Agus nuair do bhí a fhios ag an Tighearna go gcuala na Fairisínigh go raibh deisceabail d’á ndéanamh agus d’á mbaisteadh aige de bhreis ar Eoin 2(b odh nárbh é Íosa féin do bhí ag baisteadh, acht a dheisceabail), 3d’fhág sé Iúdaea, agus d’imthigh sé arís go dtí an Ghalilé. 4Agus níor mhór dó gabháil tré Shamária. 5Agus táinig sé go cathair i Samária ar a dtugtar Suchar, láimh leis an bhfearann thug Iácób d’á mhac Seosamh: 6agus is ann do bhí tobar Iácóib. Agus, ó bhí Íosa cortha ó’n aistear, do shuidh sé síos le h‐ais an tobair. Do bhí sé timcheall na sémhadh h‐uaire. 7Tháinig bean ó Shamária chum uisce do tharraing: adubhairt Íosa léi, Tabhair dhom le n’ól. 8Óir bhí na deisceabail imthighthe isteach sa gcathair ag ceannach bidh. 9Agus adubhairt an bhean Shamáritánach leis, Cad chuige dhuit‐se bheith ag iarraidh dighe orm‐sa, ar mhnaoi Shamáritánaigh? (Óir ní bhíonn aon chaidreamh idir na h‐Iúdaigh agus na Samáritánaigh). 10D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé léi, Dá mb’ eol duit tabhartas Dé, agus cia h‐é atá g‐á rádh leat, Tabhair dhom le n’ól; is tusa d’iarrfá airsean, agus do‐bhéarfadh sé uisce beo dhuit. 11Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, ní fhuil aon nidh agat chum uisce do tharraing, agus atá an tobar doimhin: cad as, mar sin, a bhfuil an t‐uisce beo sin agat? 12An mó tusa ’ná ár n‐athair Iácób thug dúinn an tobar, agus d’ól as, mar aon le n‐a chlainn agus le n‐a áirnéis. 13D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé léi, Cibé duine ólas an t‐uisce seo béidh tart air arís: 14acht an t‐uisce do‐bhéarfad‐sa dhó, béidh sé ’n‐a thobar uisce ann ag brúchtghail chum na beathadh síorraidhe. 15Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, tabhair dhom‐sa an t‐uisce sin, chum nach mbéidh tart orm arís, agus nach mbéidh orm teacht annso ag tarraing. 16Adubhairt Íosa léi, Imthigh, ghlaodh ar t’fhear, agus fill annso. 17D’fhreagair an bhean, Ní fhuil fear agam, Adubhairt Íosa lei, Is maith adubhrais, Ní fhuil fear agam, óir do bhí cúigear fear agat; 18agus an té atá agat fá láthair ní h‐é t’fhear é: do b’fhíor an focal adubhrais. 19Adubhairt an bhean leis, A dhuine uasail, do‐chím gur fáidh thú. 20Do‐rinne ár sinnsear adhradh ar an sliabh seo, acht adeir sibh‐se gur i nIarúsalem atá an áit ’n‐ar cheart dúinn adhradh do dhéanamh. 21Adubhairt Íosa léi, Creid uaim‐se é, a bhean, go bhfuil an t‐am ag teacht nach ar an sliabh seo ná i nIarúsalem, adharfas sibh an t‐Athair. 22Adhrann sibh‐se an nidh nach eol daoibh; adhraimíd‐ne an nidh is eol dúinn: óir is ó na h‐Iúdaigh atá an slánú. 23Acht atá an uair ag teacht, agus atá sí ann cheana féin, ’n‐a n‐adharfaidh na fíor‐adharthóirí an t‐Athair i spioraid agus i bhfírinne: óir is iad sin na h‐adharthóirí theastuigheas ó’n Athair. 24Spiorad is eadh Dia: agus na daoine adhras é, ní mór dóibh a adhradh i spioraid agus i bhfírinne. 25Adubhairt an bhean leis, Atá a fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht (an té ar a dtugtar Críost): nuair thiocfas seisean, inneosaidh sé gach uile nidh dhúinn. 26Adubhairt Íosa léi, Is mise é, atá ag labhairt leat.
27Le n‐a linn sin tháinig a dheisceabail; agus ba iongnadh leo é bheith ag labhairt le mnaoi; acht cheana ní dhubhairt duine aca, Créad atá uait? nó, Cad chuige a bhfuil tú ag labhairt léi? 28Agus d’fhág an bhean a soitheach ’n‐a diaidh, agus do chuaidh sí isteach sa gcathair, agus adubhairt sí leis na fearaibh, 29Tagaidh go bhfeicidh sibh fear d’innis damh‐sa gach a ndearnas riamh: an féidir gurb é an Críost é? 30D’imthigheadar amach as an gcathair, agus do bhíodar ag teacht chuige. 31I rith an ama do bhí na deisceabail ag tathant air, g‐á radh, A Rabbí, bí ag ithe. 32Adubhairt Íosa leo, Atá biadh nach eol daoibh le n’ithe agam. 33Annsin adubhairt na deisceabail eadortha féin, An féidir go dtug aoinneach rud le n’ithe chuige? 34Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh. 35Nach é rud adeir sibh, Ceithre mí go fóill, agus béidh an fóghmhar ann? féach, adeirim libh, Árduighidh bhúr súile, agus féachaidh ar na gortaibh atá geal cheana féin i gcómhair an fhóghmhair. 36An té bhaineas do‐gheibh sé tuarastal, agus cnuasann sé toradh le h‐aghaidh na beathadh síorraidhe; chum go mbéidh áthas ar an síoladóir agus ar an mbuanaidhe i n‐éinfheacht. 37Óir is fíor an sean‐fhocal, Cuireann duine síol, agus baineann duine eile. 38Do chuireas‐sa sibh‐se ag baint an fhóghmhair nár shaothruigh sibh: do shaothruigh daoine eile, agus tá toradh a saothair agaibh‐se.
39Agus do chreid mórán de Shamáritánachaibh na cathrach sin ann, mar gheall ar fhocal na mná thug an fhiadhnaise, D’innis sé dhom gach a ndearnas riamh. 40Ar an adhbhar sin, nuair tháinig na Samáritánaigh chuige, d’impidheadar air fanamhain aca; agus d’fhan sé annsin dhá lá. 41Agus do chreid mórán eile aca mar gheall ar a bhriathraibh féin; 42agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor.
43Agus tar éis an dá lá d’imthigh sé as an áit sin, isteach sa nGalilé. 44Óir thug Íosa féin fiadhnaise nach mbíonn meas ar fháidh ’n‐a dhúthaigh féin. 45Agus nuair do shroich sé an Ghalilé, d’fháiltigh na Galiléanaigh roimhe, óir do chonnacadar gach a ndearna sé i nIarúsalem le linn na féile: óir do chuadar féin chum na féile.
46Tháinig sé, mar sin, arís go Cána, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus do bhí duine uasal de lucht an ríogh ann, go raibh a mhac breoite i gCafarnaúm. 47Nuair do‐chuala seisean go raibh Íosa tagtha as Iúdaea isteach sa nGalilé, do chuaidh sé chuige, agus d’iarr sé d’athchuinghe air dul síos, agus a mhac do leigheas; óir do bhí sé i riochtaibh báis. 48Agus adubhairt Íosa leis, Muna bhfeicidh sibh cómharthaí agus iongantais, ní chreidfidh sibh. 49Adubhairt an duine uasal leis, A dhuine uasail, tar anuas sara bhfaighidh mo mhac bás. 50Adubhairt Íosa leis, Imthigh leat; atá do mhac beo. Do chreid an fear an focal adubhairt Íosa leis, agus d’imthigh sé ar a bhealach. 51Agus sa tslighe dhó ag gabháil síos, tháinig a sheirbhísigh ’n‐a choinne, g‐á rádh go raibh a mhac ’n‐a bheathaidh. 52D’fhiafruigh sé dhíobh annsin cia an uair tháinig biseach air. Agus dubhradar leis, Indé, ar an seachtmhadh h‐uair d’imthigh an fiabhras de. 53Do bhí a fhios ag an athair annsin gur le linn na h‐uaire sin adubhairt Íosa leis, Atá do mhac beo: agus do chreid sé féin agus a líon tighe uile. 54Ba í sin arís an dara míorbhail do‐rinne Íosa tar a éis dó teacht ó Iúdaea isteach sa nGalilé.
Currently Selected:
Eoin 4: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932