Eoin 19
19
1Annsin thug Píoláid Íosa, agus do sciúrsáil sé é. 2Agus d’fhigh na saighdiúirí coróin deilgneach, agus chuiseadar ar a cheann í, agus do chuireadar falaing chorcra uime; 3agus thángadar chuige, agus adubhradar, Go mbeannuighthear dhuit, a Rí na nIúdach! agus do ghabhadar dé bhosaibh air. 4Agus do chuaidh Píoláid amach arís, agus adubhairt sé leo, Féach, atáim g‐á thabhairt amach chugaibh, chum go dtuigfidh sibh nach bhfaghaim coir ar bith ann. 5Tháinig Íosa amach annsin, an choróin deilgneach air, agus an fhalaing chorcra uime. Agus adubhairt Píoláid leo, Féach an duine! 6Agus nuair do chonnaic na h‐árd‐shagairt agus na h‐oifigigh é, do liúghadar g‐á rádh, Croch é, croch é. Adubhairt Píoláid leo, Tógaidh féin é, agus crochaidh é: óir ní fhaghaim‐se coir ar bith ann. 7D’fhreagair na h‐Iúdaigh, Atá dlighe againn, agus de réir na dlighe sin atá an bás tuillte aige, de bhrigh go ndearna sé Mac Dé dhe féin. 8Nuair do chuala Píoláid an chainnt sin, ba mhó do scannruigh sé; 9agus do chuaidh sé isteach san bPraetorium arís, agus adubhairt sé le h‐Íosa, Cá h‐as duit‐se? Acht ní thug Íosa aon fhreagra air. 10Uime sin adubhairt Píoláid leis, Nach labharfaidh tú liom? nach bhfuil a fhios agat go bhfuil ar chumas dom do scaoileadh saor, agus go bhfuil ar chumas dom do chrochadh? 11D’fhreagair Íosa dhó, Ní bhéadh aon chumas agat im’ aghaidh muna dtugtaidhe dhuit é ó neamh anuas: uime sin, an té thug ar láimh duit mé, is móide a pheacadh é. 12Annsin do bhí fonn ar Phíoláid Íosa do shaoradh: acht do liúgh na h‐Iúdaigh, g‐á rádh, Má shaorann tú an duine sin, ní cara le Céasar thú: gach duine do‐ghní rí dhe féin, is ag cur i gcoinnibh Chéasair atá sé. 13Ar n‐a chlos sin do Phíoláid, thug sé Íosa amach, agus do shuidh sé síos san gcathaoir breitheamhnais, i n‐áit ar a dtugtar Litostrótos, agus Gabbata i nEabhrais. 14Agus ba é lá Ullmhuighthe na cásca do bhí ann: tuairim na sémhadh h‐uaire. 15Agus adubhairt sé leis na h‐Iúdachaibh, Sin é bhúr Rí! Acht do liúghadar, Tóg uainn é, tóg uainn é, croch é! Adubhairt Píoláid leo, An amhlaidh chrochfad bhúr Rí? D’fhreagair na h‐árd‐shagairt, Ní fhuil aon rí againn acht Céasar. 16Annsin thug sé dhóibh é le crochadh.
17Rugadar Íosa, d’á bhrigh sin: agus d’imthigh sé amach, ag iomchar a chroise dhó, go dtí an áit ar a dtugtar Áit an Chloiginn, d’á ngoirthear Golgotá i nEabhrais: 18mar ar chrochadar é, agus beirt eile i n‐éinfheacht leis, duine ar gach taobh de, agus Íosa i lár baill. 19Agus do scríobh Píoláid tiodal, agus do chuir sé ar an gcrois é. Agus is é do bhí scríobhtha, ÍOSA NASARDHA, RÍ NA N‐IÚDACH. 20Agus do bhí a lán de na Iúdachaibh do léigh an tiodal sin: óir an áit ’n‐ar crochadh Íosa bhí sé cómhgarach do’n chathair: agus do bhí sé scríobhtha i nEabhrais, agus i Laidin, agus i nGréigis. 21Uime sin adubhairt árd‐shagairt na nIúdach le Píoláid, Ná scríobh, Rí na nIúdach; acht go ndubhairt sé, Is mise Rí na nIúdach. 22D’fhreagair Píoláid, An nidh atá scríobhtha agam, atá sé scríobhtha agam.
23Agus na saighdiúirí, nuair bhí Íosa crochta aca, do thógadar a chuid éadaighe, agus do roinneadar ’n‐a gceithre codacha iad, cuid do gach saighdiúr; agus an chasóg, chómh maith: agus do bhí an chasóg gan fuagháil innti, í fighthe ar fad ó n‐a bárr. 24Ar an adhbhar sin adubhradar le chéile, Ná réabaimís í, acht cuirimís ar chrannaibh cia leis í: chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, adubhairt,
Do roinneadar mo chuid éadaighe eatortha,
Agus do chuireadar ar chrannaibh mo chlúdach.
25Mar sin do‐rinne na saighdiúirí. Acht do bhí ’n‐a seasamh i n‐aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chléopais, agus Máire Mhagdaléne. 26Agus nuair do chonnaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ionmhain leis ’n‐a sheasamh ’n‐a h‐aice, adubhairt sé le n‐a mháthair, A bhean, sin é do mhac! 27Annsin adubhairt sé leis an deisceabal, Is ise do mháthair! Agus ó’n uair sin amach thug an deisceabal chum a theaghlaigh féin í.
28I n‐a dhiaidh sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh críochnuighthe, ionnas go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, adubhairt sé, Atá tart orm. 29Do bhí soitheach ann, agus é lán de bhínéigre; agus do chuireadar sponnc lán de’n bhínéigre ar iosóip, agus do shíneadar chum a bhéil é. 30Agus nuair do ghlac Íosa an bhínéigre, adubhairt sé, Atá críochnuighthe: agus do chrom sé a cheann, agus thug sé a anam uaidh.
31Annsin na h‐Iúdaigh, toisc lá an Ullmhuighthe bheith ann, chum nach bhfanfadh na cuirp ar an gcrois ar an tsabóid (óir ba lá mór lá na sabóide sin), d’iarradar ar Phíoláid go mbrisfidhe a loirgne, agus go dtógfaidhe as iad. 32Tháinig na saighdiúirí d’á réir sin, agus do bhriseadar loirgne an chéad duine, agus loirgne an duine eile do crochadh i n‐éinfheacht leis: 33acht nuair thángadar chum Íosa, agus chonnacadar go raibh sé marbh cheana, níor bhriseadar a loirgne‐sean: 34acht do tholl duine de na saighdiúiribh a chliathán le sléigh, agus ar an láthair tháinig fuil agus uisce amach as. 35Agus an té do chonnaic é, thug sé fiadhnaise ’n‐a thaobh; agus atá a fhiadhnaise fíor: agus atá a fhios aige gur fíor a n‐abrann sé, chum go gcreidfeadh sibh‐se, chómh maith. 36Óir tháinig an méid sin chum críche chum go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, Cnámh de ní brisfear. 37Agus adeir scrioptúir eile fós, Féachfaid ar an té do tholladar.
38Agus ’n‐a dhiaidh sin, Seosamh ó Arimataea (do bhí ’n‐a dheisceabal ag Íosa, acht fá cheilt ar eagla na nIúdach), d’iarr sé ar Phíoláid leigean dó corp Íosa do bhreith leis: agus thug Píoláid cead dó. Tháinig sé mar sin, agus do thóg sé leis a chorp. 39Agus tháinig Nicodémus, leis, an té úd tháinig ar dtús chum Íosa san oidhche, agus tuairim céad púnt de mheascán mirr agus alóes aige. 40Agus do thógadar corp Íosa, agus d’fhilleadar i línéadach é leis na spíosraibh, mar is gnáth leis na h‐Iúdachaibh adhlacadh do dhéanamh. 41Agus do bhí garrdha san áit ’n‐ar crochadh é; agus sa ngarrdha sin bhí tuama úr‐nua nár cuireadh duine riamh roimhe sin ann. 42Uime sin, de bhrigh go raibh lá an Ullmhuighthe ann, (óir do bhí an tuama cómhgarach), ba ann do chuireadar Íosa.
Currently Selected:
Eoin 19: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932