YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 20

20
1Nuair do bhí deireadh leis an toirmeasc, do chuir Pól fios ar na deisceablaibh, agus thug sé deagh‐chómhairle dhóibh, agus d’fhág sé slán aca, agus d’imthigh sé le triall ar an Mhaiceadóin. 2Agus nuair do ghluais sé tríd na críochaibh sin, agus do chuir sé ar a meisneach iad le mórán cainnte, tháinig sé isteach san nGréig. 3Agus tar éis trí mí do chaitheamh annsin do cheap na h‐Iúdaigh cóimhchealg ’n‐a aghaidh, agus é ar tí imtheachta go Siria, agus do shocruigh sé ar fhilleadh tríd an Mhaiceadóin. 4Agus do chuaidh ’n‐a chuideachtain chómh fada leis an Áise Sópater Phirris ó Bheréa; agus Aristárchus agus Secundus, Tessalónaigh; agus Gáius ó Dherbé, agus Timóteus; agus Tuchicus agus Trofimus na h‐Áise. 5Acht do bhíodar‐san imthighthe rómhainn, agus iad ag fanamhain linn i dTróas. 6Agus do cuadhamar‐ne ar luing ó Phillippi tar éis laethe an aráin gan laibhín, agus thángamar chuca go Tróas cúig lá ’n‐a dhiaidh sin; agus d’fhanamar annsin seachtmhain.
7Agus an chéad lá de’n tseachtmhain, agus sinn cruinnighthe le chéile chum arán do bhriseadh, do bhí Pól ag tabhairt seanmóire dhóibh, mar bhí sé de rún aige imtheacht lá ar n‐a bhárach; agus do lean sé ag cainnt leo go h‐uair an mheadhon‐oidhche. 8Agus do bhí a lán lóchrann san tseomra uachtair, mar a rabhamar i bhfochair a chéile. 9Agus do bhí fear óg darbh ainm Eútuchus ’n‐a shuidhe ar an bhfuinneoig, agus trom‐chodladh air; agus, mar bhí Pól ag cainnt i bhfad, do ghabh an codladh treise air gur thuit sé síos ó’n treas lochta, agus do tógadh suas marbh é. 10Agus do chuaidh Pól síos, agus do luigh sé anuas air, agus d’fháisc sé é, g‐á rádh, Ná bíodh imnidhe ar bith oraibh; atá a anam ann. 11Agus do chuaidh sé suas, agus do bhris sé arán, agus d’ith sé biadh; annsin do labhair sé leo ar feadh i bhfad, agus d’imthigh sé. 12Agus rugadar leo an buachaill ’n‐a bheathaidh, agus níor bheag an t‐áthas do bhí ortha.
13Acht ag dul ar bórd luinge dhúinne, do chuamar fá sheol go h‐Assos, ag súil le Pól do thabhairt isteach: mar bhí socruighthe aige féin, agus é ar an intinn taisteal ar tír. 14Agus nuair tháinig sé chughainn i nAssos, do ghlacamar isteach é, agus thángamar go Mitiléné. 15Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, thángamar os cómhair Chíos, lá ar n‐a bhárach; agus an chéad lá eile thángamar i dtír i Samos; agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do shroicheamar Mílétus. 16Óir do bhí socruighthe ag Pól seoladh thar Eiféis, i dtreo nach gcuirfidhe aon mhoill air san Áise; óir bhí deithneas air, chum dá mb’ fhéidir é, bheith i nIarúsalem lá Cingcíse.
17Ó Mhílétus do chuir sé teachtaireacht go h‐Eiféis, agus do ghlaodh sé chuige seanóirí na h‐eaglaise. 18Agus nuair tháinig siad chuige, adubhairt sé leo,
Atá a fhios agaibh féin cionnas mar chaitheas mo shaoghal ’n‐bhúr measc i rith an ama, ó’n gcéad lá ’n‐ar chuireas cos ar thalamh na h‐Áise, 19ag déanamh seirbhíse do’n Tighearna le fíor‐umhlacht intinne, agus le deoraibh, agus le cathuighthibh tháinig orm tré chóimhcheilg na nIúdach: 20cionnas nár staonas ó nidh ar bith go raibh tairbhe ann, d’innsin daoibh, ag tabhairt teagaisc daoibh go poiblidhe, agus ó thigh go thigh, 21ag brostú na nIúdach agus na nGréagach chum aithrighe chum Dé, agus chum creidimh ’n‐ár dTighearna Íosa Críost. 22Agus féach, anois, atáim ag dul fá cheangal an Spioraid go h‐Iarúsalem, gan a fhios agam créad atá i ndán dom annsin: 23acht amháin go bhfuil an Spiorad g‐á dhearbhú dhom ins gach cathair gur géibheann agus géirleanmhain atá fá mo chómhair. 24Acht ní h‐é m’anam is cás liom, mar bhéadh cion agam air, acht go gcóimhlíonfad mo chúrsa, agus an mhiniostrálacht fuaras ó’n Tighearna Íosa soiscéal grása Dé do chraobhscaoileadh. 25Agus féach, anois, atá a fhios agam nach bhfuil duine agaibh, gur shiubhlas ’n‐bhúr measc ag craobhscaoileadh na ríoghachta, fheicfeas mo ghnúis arís. 26D’á bhrigh sin dearbhuighim daoibh indiu, go bhfuilim glan maidir le fuil gach duine. 27Óir níor staonas ó chómhairle Dé go h‐iomlán do nochtadh dhaoibh. 28Tabhraidh aire dhaoibh féin, agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spiorad Naomh ’n‐bhúr n‐easbogaibh sibh, leis an eaglais do cheannuigh sé le n‐a fhuil féin, do chothú. 29Atá a fhios agam, nuair bhéidhead‐sa imthighthe, go dtiocfaidh faolchoin fíochmhara isteach ’n‐bhúr measc, agus ní staonfaidh siad ó’n tréad; 30agus éireochaidh daoine dhíbh féin, labharfas as saobhchainnt, d’fhonn na deisceabail do tharraing ’n‐a ndiaidh. 31D’á bhrigh sin bidhidh ag faire, agus tabhraidh chum bhúr gcuimhne nár scuireas de lá ná d’oidhche, ar feadh trí bliadhan de theagasc do thabhairt daoibh le deoraibh. 32Agus anois, cuirim fá choimirce Dé, agus fá bhriathar a ghrása sibh, go bhfuil ar chumas dó bhúr dtógáil suas, agus oidhreacht do thabhairt daoibh i measc na naomh. 33Níor shanntuigheas airgead, ná ór, ná éadach duine ar bith. 34Is eol daoibh féin gurbh iad na lámha so do sholáthruigh d’á raibh ’n‐a riachtanas orm, agus dóibh‐sean do bhí im’ fhochair. 35Do bhíos im’ eisiompláir dhaoibh ins gach éinnidh, g‐á thaisbeáint daoibh gur ag obair ar an gcuma sin ba dhual daoibh cuidiú leis na daoinibh laga, agus cuimhniú ar bhriathraibh an Tighearna Íosa, mar adubhairt sé, Is mó is beannuighthe bronnadh ’ná glacadh.
36Nuair do bhí an méid sin ráidhte aige, do leig sé é féin ar a ghlúnaibh, agus do‐rinne sé urnaighe i n‐éinfheacht leo go léir. 37Agus do bhris a ngol ortha go léir, agus chuireadar a lámha timcheall ar mhuineál Phóil, 38agus do phógadar é, agus ba mhóide a mbrón go mór an focal adubhairt sé, nach bhfeicfidís a ghnúis arís. Agus annsin do thíodhlacadar é ar a bhealach go dtí an long.

Currently Selected:

Gníomhartha 20: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in