YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 1

1
1Do‐rinneas an chéad tráchtas, a Théofiluis, ar gach ar thionnscain Íosa do dhéanamh agus do theagasc, 2go dtí an lá ’n‐ar tógadh suas é, tar a éis dó aitheanta do thabhairt tríd an Spiorad Naomh do na h‐abstalaibh do thogh sé; 3d’ar thaisbeán sé é féin beo i ndiaidh a pháise, le n‐a lán deimhniú, d’á thaidhbhsiú féin dóibh i gcaitheamh dá fhichid lá, agus ag labhairt ar na neithibh do bhain le ríoghacht Dé: 4agus, ’n‐a gcómhluadar dó, d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht as Iarúsalem, acht fanamhain le geallamhain an Athar, do‐chualabhar, ar sé, uaim‐se: 5óir do‐rinne Eoin baisteadh go dearbhtha le h‐uisce; acht baistfear sibh‐se leis an Spiorad Naomh taobh istigh de bheagán laethe.
6Agus, ar mbeith dhóibh i bhfochair a chéile, d’fiafruigheadar de, g‐á rádh, A Thighearna, an é seo an t‐am ’n‐a dtiubhraidh tú an ríoghacht ar ais d’Israel? 7Acht adubhairt seisean leo, Ní cuibhe dhaoibh‐se fios d’fhágháil ar na h‐aimsiribh ná ar na tráthaibh do choimhéad an t‐Athair ’n‐a chumhacht féin. 8Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain. 9Agus nuair adubhairt sé an méid sin, do tógadh suas é, agus iad ag amharc; agus do cheil scamall ar a radharc é. 10Agus an fhaid do bhíodar ag féacain go géar ar spéir neimhe, agus é ag imtheacht, féach, do bhí beirt fhear agus éadach geal ortha ’n‐a seasamh ’n‐a n‐aice; agus adubhradar. 11A fheara Galiléanacha, cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr seasamh ag amharc ar spéir neimhe? an t‐Íosa so, atá tógtha suas uaibh isteach ins na flaitheasaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma chéadna agus chonnaic sibh é ag dul suas ar neamh.
12Annsin d’fhilleadar ar ais go h‐Iarúsalem ó’n gcnoc ar a dtugtar Ola‐chrannda, atá i ngiorracht aistir lae sabóide d’Iarúsalem. 13Agus ar dteacht isteach dhóibh, chuadar suas go dtí an seomra uachtarach, mar a raibh siad ’n‐a gcómhnaidhe; Peadar agus Séamas agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Parthalán agus Matha, Séamas Alféuis, agus Síomón Sélótés, agus Iúdás Shéamais. 14Do bhíodar uile ag leanamhain de thoil a chéile i n‐urnaighe, mar aon leis na mnáibh, agus le Muire máthair Íosa, agus le n‐a bhráithreachaibh.
15Agus ins na laethibh sin d’éirigh Peadar i lár na mbráithreach, (do bhí cruinniú daoine ann, tuairim céad agus fiche), 16agus adubhairt, A bhráithreacha, ní foláir go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, do thairngir an Spiorad Naomh tré bhéal Dáibhi i dtaobh Iúdáis, an té do threoruigh iad‐san go ghabh Íosa. 17Óir do h‐áirmheadh é mar dhuine againn, agus fuair sé a chuid san tseirbhís seo. 18(Is amhlaidh fuair an fear sin talamh le tuarastal a chuirptheachta; agus do thuit sé i ndiaidh a chinn, agus do scoilt sé ’n‐a lár, agus do scéith a inní go léir amach. 19Agus tháinig fios scéil ’n‐a thaobh do mhuinntir Iarúsalem go léir; i dtreo go dtugadh ar an bhfearann sin ’n‐a dteangain‐sean, Aceldama, is é sin, Fearann na Fola.) 20Óir atá scríobhtha i leabhar na Salm,
Go ndéantar fásach d’á áit cómhnaidhthe,
Agus ná déanadh aon duine cómhnaidhe ann: agus,
GIacadh duine éigin eile a fheadhmannas.
21D’á bhrigh sin, as na fearaibh do bhí ’n‐ár gcuideachtain i rith an ama ’n‐a raibh an Tighearna Íosa ag dul isteach agus amach ’n‐ár measc, 22ag tosnú ó bhaisteadh Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógadh suas uainn é, caithfidh duine aca bheith ’n‐a fhiadhnaidhe ar a aiséirghe. 23Agus do cheapadar beirt, Seosamh ar a dtugadh Barsabbas, gur shloinneadh dhó Iustus, agus Maitias. 24Agus do ghuidheadar, agus adubhradar, A Thighearna, thuigeas croidheacha na ndaoine uile, taisbeán dúinn cia aca de’n bheirt seo is rogha leat, 25leis an ionad do ghlacadh san tseirbhís agus san abstalacht so; ó n‐a ndeachaidh Iúdás amugha, chum go rachadh sé d’á áit féin. 26Agus do chuireadar ar chrannaibh é; agus do thuit an crann ar Mhaitias; agus do h‐áirmheadh é mar dhuine de’n aon abstal déag.

Currently Selected:

Gníomhartha 1: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in