YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 6

6
CAIBIDIOL VI.
An tseanmóin ar an gcnuc ar leanmhaint.
1Seachnaidh agus ná deinidh bhúr bhfíoraontacht-sa os cómhair daoine, i dtreó go bhfeicfí sibh, nó ní bheidh tuarasdal le fághail agaibh i láthair bhúr n-Athar atá ins na flathais.#6:1 Ver. 1. bhúr bhfíoraontacht-sa, .i. Na h-oibreacha fíoraontachta a dheineann sibh, .i. trosgadh, úrnuighthe, déirc; agus gan iad a dhéanamh le baoís, ná chun daoíne shásamh, ach iad a dhéanamh chun toile Dé do shásamh. 2D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 3Nuair a dhéanfair-se déirc, ámhthach, ná bíodh a fhios agat’ láimh chlé cad a dheineann do lámh dheas. 4Ionus go mbeadh do dhéirc fé cheilt, agus go dtabharfadh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.
5Agus nuair a dhéanfaidh sibh úrnuighthe, ná bídhidh mar na feallairí gur maith leó úrnuighthe dhéanamh ’n-a seasamh ins na sinagógaibh agus ag cúinníbh na sráideana, i dtreó go bhfeiceadh daoine iad. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 6Ach nuair a dhéanfair-se úrnuighthe, eirigh isteach ad’ sheómra agus dún an dorus, agus cuir do ghuidhe chun t’Athar fé cheilt, agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit. 7I nbhúr nguidhe, ámhthach, ná deinidh mórán cainte, mar a dheinid na págánaigh; óir is dóigh leó gur as méid a gcainte do h-éistfar leó. 8D’á bhrígh sin ná bídhidh-se mar iad; óir is eól d’bhur n-Athair an nídh is gádh dhaoibh sar a ndeineann sibh guidhe chuige. 9Seo, d’á bhrígh sin, mar a dhéanfaidh sibh guidhe:
10 # Lúc. 11:2. Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim. Go dtagaidh do rígheacht. Go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. 11Ár n-arán róshubstainteamhail tabhair dúinn indiu.#6:11 Ver. 11. róshubstainteamhail — ’Sé focal atá ag Lúcás Naomhtha i n-ionaid an fhocail seo ná, “Ár n-arán laethamhail.” Tuigtear go gcialluigheann sé arán na beatha, an t-arán a ghlacaimíd i Sácramint Chorp Chríost. 12Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh. 13Agus ná leig sinn i gcathaíbh; ach saor sinn ó olc.#6:13 Ver. 13. ná leig sinn i gcathaíbh; .i. Ná leig do sna cathíbh buachtaint orainn. Amen.
14 # Eccli. 28:3-5; Marc. 11:25. Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí. 15Ach mura maithfidh sibh-se a bpeacaí do dhaoine, ní mhaithfidh bhúr n-Athair daoibh-se bhúr bpeacaí.
16Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. 17Ach tusa, nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t’aghaidh, 18I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.
19Ná cúmhdaighidh stór daoibh fein ar an dtalamh so, mar a ndeinid na leómhain agus an mheirg é dh’ídiú, agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghuid. 20Ach deinidh stór do chúmhdach daoibh féin ar neamh, an áit ná deinid na leómhain é dh’ídiú agus ná deinid bitheamhnaigh é thóch ná é dh’fhuadach. 21Óir, an áit ’n-a bhfuil do stór is ann atá do chroidhe leis.
22Isí do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir go solusmhar. 23Ach má bhíonn do shúil #6:23 .i. gan radharc.go h-olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin?
24Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.#6:24 Ver. 24. Mammon, .i. saidhbhreas saoghaltha.
25D’á bhrígh sin deirim libh, ná bíodh buairt oraibh i dtaobh bhúr mbeatha, féachaint cad d’íosfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, féachaint cad a chuirfidh sibh umaibh. Nách mó le rádh an t-anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t-éadach? 26Féachaidh éanlaithe an aeir; ní chuirid siad síol ná ní bhainid siad fóghmhar, ná ní dheinid siad cnuasach i sgioból; Agus deineann bhúr n-Athair neamhdha iad do chothú. Nách mó go mór le rádh sibh-se ’ná iad san? 27Cé’cu agaib-se, ag machtnamh dó air, d’fhéadfadh aon bhanlámha amháin do chur le n-a aoirde? 28Agus cad chuige go mbíonn buaireamh i dtaobh éadaigh oraibh? Breithnighidh bláthana an bháin, conus mar fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh. 29Deirim libh, ámhthach, ná raibh Salomón féin i n-a ghradam go léir clúdaithe mar cheann acu san. 30Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh? 31Ná bídhidh ag déanamh buartha, d’á bhrígh sin, ’ghá rádh, Cad d’íosfaimíd? ná, Cad d’ól-faimíd? ná, Cad a chlúdóchaidh sinn? 32Óir, siniad na neithe go mbíd na geinte ’ghá lorg. Óir tá ’fhios ag bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin go léir. 33Loirgidh ar dtúis, d’á bhrígh sin, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus tabharfar daoibh, leis, na neithe sin go léir. 34Ná bíodh buaireamh oraibh, dá bhrígh sin, i dtaobh an lae amáirigh; tá a bhuaireamh féin i gcóir an lae amáirigh. Ní beag do gach lá a chuid uilc féin.

Currently Selected:

Maitiú 6: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy