YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 17

17
CAIBIDIOL XVII.
An t-Atharú gné ar Chríost. An leanbh a bhí n-a gheilt d’á leigheas aige. D’innis sé a pháis a bheith ag teacht, agus dhíol sé an didrachma.
1Agus sé lá ’n-a dhiaidh san do thóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a dhritháir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leith, 2Agus tháinig athrúghadh cló air ós a gcómhair. Agus tháinig taithneamh ’n-a ghnúis ar nós na gréine, agus d’iompuigh a chuid éadaigh chómh geal le sneachta. 3Agus féach, do chonacadar Maois agus Elias agus iad ag caint leis. 4Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, is maith an bhail orainne bheith anso; má’s áil leat deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Mhaois, agus pubal d’Elias. 5Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; #Supra 3:17; 2 Pead. 1:17.agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis. 6Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha. 7Agus tháinig Íosa agus chuir sé a lámh ortha, agus dubhairt sé leó: Eiríghidh, agus ná bíodh eagal oraibh. 8Agus d’fhéachadar suas, agus ní fheacadar aoinne ach Íosa féin. 9Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.
10Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis? 11Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: #Mal. 4:5.Tiocfaidh Elias, agus ceartóchaidh sé gach nídh. 12Ach deirim-se libh go dtáinig Elias cheana, agus níor aithnigheadar é, ach d’imireadar a dtoil air. Agus sin mar atá le fulang ag Mac an Duine uatha. 13Ansan do thuig na deisgiobuil gur ar Eóin Baiste a bhí sé ag trácht leó.
14Agus nuair a thánadar go dtí an sluagh, do tháinig chuige duine agus chaith sé é féin ar a ghlúinibh ’n-a láthair: A Thighearna, ar seisean, dein trócaire ar mo mhac; mar tá sé ’n-a gheilt, agus tá mórán pionóis air; agus tuiteann sé sa teine go minic, agus sa n-uisge go minic. 15Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas. 16Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Ó, a shliocht dhíth-chreidimh dho-theagasgtha, an fada a bheidh mé i n-bhúr measg? an fada a chuirfead suas libh? Tugaidh chúgham anso é. 17Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach. 18Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach? 19Agus dubhairt Íosa leó: Mar gheall ar bhúr n-easba creidimh. Go deimhin adeirim libh, #Lúc. 17:6.má bhíonn fiú oiread gráinne de shíol mustáird de chreideamh agaibh, déarfaidh sibh leis an gcnoc so, Aistirigh as so ansúd anonn, agus aistireóchaidh sé; agus ní bheidh aon rud ná beidh ar bhúr gcumas a dhéanamh.#17:19 Ver. 19. fiú oiread gráinne de shíol mustáird .i. creideamh beacht, .i., creideamh a samhaltar ’n-a mhianach agus ’n-a thoradh, leis an ngráinne de shíol mustáird sa pharabal. Caibh. 13:31. 20Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.
21Agus nuair a bhíodar ’n-a gcómhnuidhe i nGaililí, dubhairt Íosa leó: Tá Mac an duine le tabhairt i lámhaibh daoine; 22Agus cuirfid siad chun báis é, agus aiseireóchaidh sé an trímhadh lá. Agus tháinig buairt ana mhór ortha.
23Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se #17:23 Ver. 23. an didrachma .i., leath sicle, nú leath statéir, .i. tímpal chúig phingine déag d’airgead Shasana. Cáin ab eadh é a baintí de gach duine chun seirbhíse an teampuil.an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann. 24Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta? 25Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor. 26Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér#17:26 Dob’ fhiú leath-choróinn an statér. ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.

Currently Selected:

Maitiú 17: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in