YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 12

12
CAIBIDIOL XII.
Daille na bhFairisíneach dá cáineadh ag Críost, ⁊ iad á mbréagnú aige nuair a deirid siad gur le cómhacht Shátain a dheineann sé na mírbhuiltí.
1Sa n-am san do ghluais Íosa tré ghortaibh arbhair, lá na sabbóide; agus bhí ocras ar a dheisgiobuil, agus chromadar ar na diasaibh do stathadh agus d’ithe. 2Agus chonaic na Fairisínigh iad, agus dubhradar: Féach, táid do dheisgiobuil ag déanamh ruda nach dleaghthach a dhéanamh lá na sabbóide. 3Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair #1 Rígh. 21:6.cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? 4Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé agus d’ith sé na bulóga a bhí curtha i láthair Dé, nídh nár, cheaduighthe dhó a dh’ithe, ná do’n mhuintir a bhí le n-a chois, ná d’aoinne #Lebhit. 24:9.ach dos na sagairt amháin?#12:4 Ver. 4. .i. an dá bhulóig dhéag a curtí ar aghaidh an tsanctuáriuim i dteampul Dé. 5Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar, a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná dheinid siad peacadh? 6Ach deirim-se libh go bhfuil anso aon is mó ’ná an teampall. 7Ach dá dtuigeadh sibh cad é an nídh, #Ósee 6:6.Trócaire is áil liom, agus ní h-ídhbirt, ní dhaorfadh sibh choídhche na neamhchiontacha. 8Óir isé Tíghearna na sabbóide féin Mac an Duine.
9Ansan d’fhág sé an áit sin, agus tháinig sé isteach i n-a sinagóig chúcha. 10Agus féach, bhí duine ann agus a lámh gan tapadh. Agus d’fhiafraigheadar de, An dleaghthach leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? ionus go bhféadfaidís rud a chur ’n-a leith. 11Agus dubhairt seisean leo: Cé h-é an duine agaibh-se, dá mbeadh aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll lá sabbóide, na béarfadh uirthi agus í tharang amach? 12Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora? D’á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe déanamh sa tsabbóid. 13Ansan dubhairt sé leis an nduine: Sin amach do lámh. Agus do shín; agus bhí sí chómh slán leis an láimh eile.
14D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe. 15Ach bhí a fhios san ag Íosa, agus d’imthigh sé as an áit sin; agus do lean mórán daoine é, agus do leighis sé iad go léir. 16Agus d’órduigh sé dóibh gan é chur i n-iúil. 17Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhradh tré Isáias fáidh mar a ndeir sé: 18#Isáias 42:1.Féach, mo sheirbhíseach, an t-é a thoghas, an t-é is ionmhuin liom, an t-é ar a bhfuil greann ó m’anam. Cuirfead mo spioraid air, agus fógróchaidh sé breitheamhantas dos na geintibh. 19Ní dhéanfaidh sé aighneas, agus ní dhéanfaidh sé collóid; agus ní cloisfar a guth ins na sráidibh. 20Ní bhrisfidh sé an cuaile leóinte, agus ní mhúchfaidh sé an líon go bhfuil an deatach as, go dtí go gcuirfidh sé amach breitheamhantas chun buaidhte. 21Agus is as a ainim a bheidh a mainighin ag na geintibh.
22Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige. 23Agus tháinig uathbhás ar na sluaightibh go léir, agus deiridís: An féidir gur b’é seo mac Dáibhid? 24D’airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan. 25Ach do chonaic Íosa a smuínte, agus dubhairt sé leó: Gach righeacht a bheidh deighilte ’n-a choinnibh féin déanfaidh fásach dé; agus gach cathair, nó gach teighleach, a bheidh deigilte i gcoinnibh a chéile, ní sheasóchaidh sé; 26Agus má ’sé Sátan a chuireann amach Sátan, siné deigilte ’n-a choinnibh féin é; agus d’á bhrígh sin conus a sheasócaidh a rígheacht? 27Agus má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se amach na deamhain, cad leis go gcuirid #12:27 .i. na deisgiobuil.bhúr gclann féin amach iad? Fágaim, d’á bhrígh sin, fé bhreith bhur gclainne féin sibh. 28Ach má’s le Spioraid Dé a chuirim-se na deamhain amach, siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. 29Nó conus is féidir do dhuine dul isteach i dtigh an fhir láidir agus a sheóide dh’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis? Ansan sgartálfaidh sé a thigh. 30An t-é ná fuil liom, tá sé am’ aghaidh; agus an t-é ná cnuasaigheann a’ theannta, sgaipeann sé.
31Deirim libh, d’á bhrígh sin: Maithfar do dhaoine gach peacadh agus gach diamhasla, ach diamhasla i n-aghaidh an Spioraid ní maithfar do dhaoine é.#12:31 Ver. 31. diamhasla i n-aghaidh an Spioraid .i. an diamhasla a bhí ag na Fairisínigh ’á dhéanamh nuair a dubhradar gur le cómhacht Bheelsebub a deintí na mírbhuiltí a bhí ag Críost á dhéanamh le cómhacht an Spioraid Naoímh. Bhí an peaca san chómh ceanndána san agus chómh toilteanach san i gcoinnibh fírinne soiléire Spioraide Dé, go mba ró-dheacair do’n t-é a dhéanfadh é iompáil thar n-ais ar Dhia agus aithríghe déanamh. Agus ní féidir peaca mhaitheamh mura ndeintear aithríghe ann. Is fíor, ámhthach, gur féidir do Dhia an uile shaghas peactha do mhaitheamh ach go ndéanfar aithrighe go fírinneach ann agus go gcurfar fé eochracha na h-Eagailse é. 32Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.#12:32 Ver. 32. ná ar an saoghal atá le teacht. — Deir Auguistín naomhtha agus Gregóir naomhtha gur léir ó’n bhfocal san go bhfuil maitheamhnachas peacaí ar an saoghal eile, agus d’á bhrigh sin go bhfuil porgadóireacht ann.
33Deinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóghanta air; nó deinidh an crann go h-olc agus an toradh go h-olc air; óir is as a thoradh do h-aithnightear an crann. 34A shliocht na naithreach nimhe, conus is féidir daoíbh-se neithe fóghanta do labhairt agus sibh go h-olc? óir is á líonmhaireacht an chroidhe do labhrann an béal. 35Tugann an fear fóghanta neithe fóghanta uaidh, amach a’ stór fóghanta; agus tugann an droch-dhuine droch-neithe uaidh amach a’ droch-stór. 36Agus deirim libh, an uile fhocal díomhaoin d’á labhraid daoine, go dtabharfaid siad cúntas ann lá an bhreitheamhantais.#12:36 Ver. 36. fhocal díomhaoin — Taisbeánann san go bhfuil inead chun pionóis aimsire ar an saoghal eile mar a ndeintear cortha suaracha do dhíoghailt. 37Óir is de bhárr do bhréithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do bhréithre féin a daorfar thu.
38Ansan d’fhreagair cuid des na Sgríbhneóiríbh agus des na Fairisínigh agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn cómhartha dh’fheisgint uait.#12:38 Ver. 38. cómhartha .i., mírbhuilt ó neamh, N. Lúc. 11:16. 39Agus d’fhreagair sé iad: #Lúc. 11:29; 1 Cor. 1:22.Tá droch-shliocht adhaltranach ag lorg cómhartha; agus ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach #Ión. 2:1.cómhartha Iónais an fáidh. 40Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.#12:40 Ver. 40. trí lá ⁊rl., .i., Ní trí laethanta iomlána a bheirtear, ach cuid de trí lá, do réir chómhairimh na nIúdach, .i., ó thráthnóna go tráthnóna. 41#Ión. 3:5.Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaid siad iad; óir do dheineadar-san aithrighe nuair a theagaisg Iónas iad. Agus féach duine is mó ’ná Iónas anso. 42Eireóchaidh banríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; #3 Rígh. 10:1; 2 Par. 9:1.óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteacht le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó ’ná Salomón anso.
43Agus nuair a théigheann an spioraid neamhghlan amach as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. 44Agus deir sé, Raghad tar n-ais chun mo thighe féin as a dtánag amach. Agus tagann sé agus gheibheann sé an tigh folamh agus é sguabtha, glan, órnáideach. 45Ansan imthigheann sé, agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach, agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa an cor atá ar an nduine sin sa deire ’ná mar a bhí ar dtúis air. Sin mar a bheidh an sgéal ag an sliocht so atá chómh fíor-olc.
46An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a #12:46 .i. gaolta leisbhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis. 47Agus dubhairt duine leis, Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh, agus iad a d’iarraidh labhartha leat. 48Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Cia h-í mo mháthair, agus cé h-iad mo bhráithre?#12:48 Ver. 48. Cia h-í mo mháthair, ní le h-aon neamhshuím sa mháthair a dubhradh an chaint sin ach chun a thaisbeáint nách ceart dúinn choídhche leogaint do ghrádh athar ’ná máthar sinn a tharrac ó ghnó Dé: agus isé nídh is mó a thaithn leis an dTighearna ’n-a mháthair féin, ná go ndeineadh sí toil a Athar Shíoruidhe ins na flathais. Is féidir, leis, gur chuir an chaint i n-iúil séanadh a ghaolta féin, .i. na n-Iúdach, agus glacadh na ngeinte. 49Agus do shín sé a lámh chun a dheisgiobul agus dubhairt sé: Féach, siniad mo mháthair-se agus mo bhráithre. 50Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.

Currently Selected:

Maitiú 12: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in