YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 11

11
CAIBIDIOL XI.
A dheisgiobuil ag Eóin dhá gcur ag triall ar Chríost. Na Iúdaigh dh’á gcáineadh ag Críost mar gheall ar na creidfidís, agus na daoine d’á nglaodhach chuige a mhothuighid ualaí troma bheith ortha.
1Agus do thárla, nuair a bhí na h-órduighthe tabhartha ag Íosa d’á dháréag deisgiobul, gur imthigh sé as an áit sin chun teagasg agus craobhsgaoileadh dhéanamh i n-a mbailtibh-sin.
2 # Lúc. 7:18. Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis: 3An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 4Agus dubhairt Íosa leó ’ghá bhfreagradh: Imthíghidh agus ínnsidh d’Eóin na neithe d’aireabhair agus do chonacabhair; 5#Isáias 35:5.Tá radharc ag daill; tá siúbhal ag bacaigh; glantar na lobhair; tá éisteacht ag daoine a bhí bodhar; Eirighid na mairbh; Tá an Soisgéal d’á #Isáias 61:1.theagasg dos na bochtaibh. 6Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sganall umam-sa.#11:6 Ver. 6. ná glacfaidh sganall umam-sa .i. ná glacfaidh sganall, nú diombádh, mar gheall ar mé bheith úmhal, agus mar gheall ar an mbás fé tharcuisne atá agam lé fulag.
7Agus nuair a bhí an bheirt imthighthe do chrom Íosa ar labhairt leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach sa bhfásach? Slat d’a suathadh le gaoith? 8Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fear i n-éadaighibh míne? Féach, i dtighthibh na rí atá lucht an éadaigh mhín. 9Ach cad a bhí uaibh le feisgint nuair a thánabhair amach? Fáidh, an eadh? Ach deirim-se libh gur duine é is mó ’ná fáidh. 10Óir is air seo atá sgríobhtha: #Mal. 3:1.Féach, táim-se ag cur m’aingil rómhat amach chun na slíghe d’ollamhú rómhat. 11Go deimhin adeirim libh, níor eirigh, ar an rugadh ó mhnáibh, duine ba mhó ’ná Eóin Baiste; ach an t-é is lúgha i rígheacht na bhflathas is mó é ’ná eisean. 12Ach ó aimsir Eóin Baiste go dtí anois tá éigean ’á déanamh ar rígheacht na bhflathas, agus isiad lucht an éigin a bheireann leó é.#11:12 Ver. 12. tá éigean ⁊rl., .i. ní faghtar rígheacht na bhflathas ach le fóirneart, le h-éigin a dheanamh orainn féin tré dhéine aithrighe agus tré chur i gcoinnibh an ndroch-mhian. 13Óir targaireacht iseadh dhein na fáidhe go léir agus an dlígh, go dtí Eóin. 14Agus má’s áil libh a ghlacadh, isé #11:14 .i. Elias i gcómhacht; Mal. 4:5.Elias é atá le teacht.#11:14 Ver. 14. isé Elias é ní h-i bpearsain, ámh, ach i spioraid, cf. Lúc. 1:17. 15An t-é ar a bhfuil cluasa chun éisteachta, éisteadh sé.
16Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h-aos óg ’n-a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: Agus ’ghá rádh: 17Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; do chaoineamair, agus níor dheineabhair gol. 18Óir do tháinig Eóin gan ithe gan ól, agus deirid siad: Tá deamhan ann. 19Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n-a clainn féin.
20Ansan do chrom sé ar mhilleán do chur ar na cathrachaibh ionar h-oibrigheadh an chuid ba mhó d’á chómhachtaibh, toisg nár dheineadar aithrighe: 21Mairg duit, a Chorosain mairg duit, a Bhetsáida! óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na fearta atá déanta ionaibh-se, is fadó a dhéanfaidís aithrighe fé éadach gharbh agus fé luaithrigh. 22Ach deirim libh, ámhthach, Beidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag Tuíre agus ag Sídón ’na agaibh-se. 23Agus tusa, a Chapharnaum, an suas go flathas Dé a tógfar tú? Síos go h-ifreann iseadh a curfar thú; óir dá mba i Sodomaibh a déanfaí na fearta a deineadh ionat-sa, b’fhéidir go mbeadh an chathair sin ann do dtí an lá so. 24Ach deirim libh, ámhthach, go mbeidh an sgéal níos saoire lá an bhreitheamhantais ag muintir Shodom ’ná agat-sa. 25Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh. 26Iseadh, a Athair; óir sin mar a bhi taithneamhach ad’ láthair-se. 27Tá gach uile nídh tabhartha dómh-sa ag m’Athair. Agus ní’l aithne ag aoinne ar an Mac ach ag an Athair; ná ar an Athair ach ag an Mac, agus ag an t-é gur toil leis an Mac a dh’fhoillsiú dhó. 28Tagaidh go léir ag triall orm-sa, gach duine go bhfuil cruadhtan agus tromualach air, agus tabharfad-sa faoiseamh oraibh. 29Tógaidh mo chuing-se oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus úmhal ó chroidhe; #Ierem. 6:16.agus gheobhaidh sibh suaimhneas d’bhúr gcroidhthibh. 30#1 Eóin 5:3.Óir is suairc mo chuing-se agus is éadtrom m’ualach.

Currently Selected:

Maitiú 11: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in