YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 10

10
CAIBIDIOL X.
An dá Asbol déag dá gcur amach ag Críost agus cómhacht acu chun mírbhúiltí dhéanamh. Teagasg aige á thabhairt dóibh.
1Agus do ghlaoidh sé chuige a dháréag deisgiobul, agus thug sé dhóibh cómhacht ar na h-annspridíbh, chun iad do chur amach, agus chun gach galair agus breóiteachta do leigheas. 2Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir. 3Séamus mac Sebedé, agus Eóin a dhritháir, Pilib agus Partholán, Tomás, agus Maitiú an puibliocánach, Séamus mac Alphéis, agus Taddeus, 4Símón ó Chanaan, agus Iudás #10:4 .i. ó n-a bhaile dúchais.Iscariót, an fear a dhíol é.
5Chuir Íosa uaidh an dáréag san, agus thug sé órdú dhóibh mar seo: Ná h-imthighidh i slígh na ngeinte agus na téighidh isteach i gcatharachaibh na Samaritánach; 6Ac téighidh #Gníomh. 13:46.fé dhéin na gcaorach de theighleach Israéil atá imthighthe amú’. 7Imthíghidh, agus deinidh craobhsgaoileadh, agus abraidh, Tá rígheacht na bhflathas tagaithe i n-achmaireacht. 8Leighsidh daoine breóite; tógaidh na mairbh ó’n mbás; glanaidh na lobhair; cuiridh amach na deamhain. Is i n-aisge do fuarabhair; tugaidh uaibh i n-aisge.
9Ná bíodh ór ná airgead ná saidhbhreas i dtaisge agaibh i nbhúr gcrios. 10Ná bíodh mála chun lóin bhóthair agaibh, ná dhá chasóig, ná bróga, ná cleith; óir is fiú an fear oibre é chothú. 11Agus pé cathair nó dún n-a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht. 12Agus nuair a bheidh sibh ag dul isteach i dtigh, beannuighidh do’n tigh sin agus abraidh; Síothcháin do’n tigh seo. 13Agus má’s fiú an tigh sin é, tiocfidh bhúr síothcháin air; mura fiú, ámh, fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. 14Agus pé duine ná glacfaidh sibh agus ná h-éistfidh le nbhúr mbréithribh, téighidh amach as an dtigh sin, nó as an gcathair sin, agus caithidh an ceó d’bhúr gcosaibh ann. 15Go deimhin adeirim libh, is saoire a bheidh an sgéal ag tír Shodom nó ag tír Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná ag an gcathair sin.
16Féach, táim ag bhúr gcur amach ar nós caorach ameasg faolchon. Bídhidh, d’á bhrígh sin, chómh glic leis na h-aithreachaibh nimhe agus chómh #10:16 Ver. 16. símplídhe .i. macánta, soiléir, fírinneach, gan feall.símplídhe leis na colúraibh. 17Ach seachnaidh sibh féin ar na daoine. Óir, tabharfid siad ar láimh sibh, ins na cómhairlíbh agus sgiúrsálfaid siad sibh i n-a sinagógaibh; 18Agus béarfaid siad i láthair ríghthe agus uachtarán sibh mar gheall orm-sa #10:18 .i. chun na fírinne thaisbeáint dóibh.mar fhiadhnaise dhóibh-sin agus dos na geintibh. 19Nuair a thabharfid siad ar láimh sibh, ámhthach, ná bídhidh ag machtnamh féachaint cad’ déarfaidh sibh, ná conus; óir tabharfar daoibh an uair sin an nídh a labharfaidh sibh. 20Óir ní sibh-se do labhrann ach Spioraid bhur n-Athar a labhrann ionaibh. 21Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad. 22Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar. 23Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.
24Ní’l an deisgiobul níos fearr ’ná a mháighistir, agus ní’l an seirbhíseach níos fearr ná a thighearna. 25Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é? 26Ná bíodh eagla agaibh rómpa d’á bhrígh sin. Óir ní’l aon rud fé chlúid ná nochtfar, agus ní’l rud i bhfolach na h-aithneófar. 27An rud adeirim libh sa doircheacht abraidh sa tsolus é; agus an rud a dh’airigheann sibh [mar chogar] sa chluais deinidh é chraobhsgaoileadh ar bharraíbh na dtighthe. 28Agus ná bíodh eagla agaibh roimis an muintir a mharbhuigheann an corp, agus nách féidir dóibh an t-anam a mharbhú; ach bíodh eagla agaibh roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do chur go h-ifreann. 29Ná díoltar dhá ghealbhún ar fheóirling? Agus ní féidir do ghealbhún acu tuitim chun tailimh gan bhúr n-Athair. 30Ní’l ruibe d’bhúr ngruaig ná fuil cómhrighthe. 31Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrígh sin. Is mó le rádh sibh-se ’ná mórán des na gealbhúnaibh. 32Gach duine, d’á bhrígh sin, a dh’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais. 33Ach an t-é a shéanfaidh mise os cómhair daoine, séanfad-sa eisean os cómhair m’Athar atá ins na flathais.
34Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun an chlaidhimh a chur ann. 35Óir do thánag chun an duine chur i n-earaid le n-a athair, agus chun na h-inghine chur i n-aghaidh a máthar, agus chun mná an mhic do chur i n-aghaidh máthar a céile.#10:35 Ver. 35. thánag chun an duine chur i n-earaid ⁊rl. — Ní ’ghá rádh é gur bh’ shiné cúis bhunaidh a bhí ag ár Slánuightheóir le teacht, ach go dtiocfadh na neithe sin as a theacht agus as a theagasg, mar gheall ar an gcuma ’n-a mbeadh a lán ag cur ’n-a choinnibh go stuacach, agus ag crádh na ndaoine do leanfadh é. 36#Mích. 7:6.Agus namhaid duine a lucht aontíghis féin. 37An t-é gur measa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní’l sé maith a dhóithin dom; agus an t-é gur measa leis a mhac nó a inghean ’ná mé, ní’l sé maith a dhóithin dom. 38Agus an t-é ná glacfaidh a chros agus mise do leanmhaint, ní’l sé maith a dhóithin dom. 39An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. 40An t-é a ghlacann sibh-se, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh me.
41An t-é a ghlacann fáidh i n-ainim fáidhe, gheobhaidh sé tuarasdal fáidhe; agus an t-é a ghlacann fíoraon i n-ainim fíoraoin, gheobhaidh sé tuarasdal fíoraoin. 42#Marc. 9:40.Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.

Currently Selected:

Maitiú 10: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in