Lúcás 22
22
CAIBIDIOL XXII.
Feall Iúdáis. An suipéar deirineach. An chéad chuid de thuairisig na Páise.
1Agus bhí féile an Aráin gan giost i n-achmaireacht, ar a dtugtar an Cháisg. 2Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha. 3Ach do chuaidh Sátan isteach i n-Iúdás, ar a dtugtí Iscariót, duine de’n dáréag. 4Agus d’imthigh sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt suas dóibh. 5Agus bhí áthas ortha, agus dheineadar margadh leis go dtabharfaidís airgead dó. 6Agus dhein sé an margadh leó, agus bhí sé ag faire go bhfaghadh sé caoi ar é thabhairt suas dóibh nuair ná beadh na daoine ann.
7Agus tháinig lá an aráin gan giost, nuair ba cheart an t-uan cásga do mharbhú. 8Agus chuir sé uaidh Peadar agus Eóin, agus dubhairt sé leó: Téighidh agus ollamhuighidh an cháisg dúinn go n-itheam é. 9Agus dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóchaimís é? 10Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh agus árthach uisge aige d’á iompar; leanaidh é go dtí an tigh go raghaidh sé isteach ann; 11Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul? 12Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seómra mór agus é curtha i dtreó, agus deinidh an t-ollamhú ansan. 13Agus d’imthigheadar agus fuaradar gach nídh mar a dubhairt sé leó agus d’ollamhuigheadar an cháisg.
14Agus nuair a tháinig an t-am do shuidh sé, agus an dáréag Aspol i n-a fhochair; 15Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh’ithe ’nbhur bhfochair roimh fhulang dom; 16Óir deirim libh ná h-íosfad é feasda go dtí go gcómhlionfar é i rígheacht Dé. 17Agus thóg sé an chailís agus do ghaibh sé buidheachas agus dubhairt: Glacaidh agus rainnidh eadraibh; 18Óir deirim libh ná h-ólfad de thoradh na fíneamhna go dtagaidh righeacht Dé. 19#1 Cor. 11:24.Agus thóg sé arán agus ghaibh sé buidhchas agus do bhris sé é agus thug sé dhóibh é agus dubhairt sé: ’Sé mo chorp é seo, a tugtar ar bhúr son; deinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm.#22:19 Ver. 19. deinidh an nídh seo mar chuimhneamh orm. — Tá an ídhbirt sin agus an t-sácramínt sin le leanmhaint sa n-Eaglais go dtí deire an tsaoghail, chun bháis Chríost do thaisbeáint os árd go dtí go dtiocfidh sé. Ach ní chuireann an commemoratio san, nú an cuímhneamh san, i n-aon chor, i gcoinnibh fola agus feóla ár Slánuightheóra a bheit láithreach go fírinneach, fé ghné an aráin agus an fhíona so a chuireann i n-úil a bhás. A mhalairt is fíor, óir is le n-a órdú féin a deintear an cuímhneamh san agus an commemoratio san ar a bhás, nuair ofráltar i n-ídhbirt agus nuair a glactar, sa tsácramínt, a chorp naomhtha féin agus a chuid fola naomhtha féin, le n-ar fhuasgail sé sinn. 20Agus mar an gcéadna an chailís, tar éis suipéir, agus dubhairt sé: An chailís í seo an tiomna nua am’ chuid fola, a doirtfar ar bhúr son.
21Ach féach, tá lámh an t-é a dhíolfaidh mé ar an mbórd am’ theannta. 22Is fíos go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, #Salm 40:9.fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é. 23Agus chromadar-san ar a fhiafraighe eatartha féin cé’cu dhíobh a bhí chun san do dhéanamh.
24Agus bhí tnúth eatartha, leis, féachaint cé’cu dhíobh ba chuibhe bheith i n-uachtar. 25Agus dubhairt sé leó: Gabhaid ríghthe na ngeinte forlámhas ortha, agus tugtar daoine foghanta ar na daoine go mbíonn cómhacht acu. 26Ní mar sin daoibh-se ámhthach; ach an t-é is mó oraibh bíodh sé mar an t-é is óige, agus an fear cinn riain i n’fhear friothálmha. 27Óir cé’cu is mó, an t-é atá ’n-a shuidhe nó an t-é atá agh friothalamh? Nach é an t-é atá ’n-a shuidhe? Ach táim-se i nbhúr measg ar nós an t-é a dheineann friothalamh. 28Agus is sibh-se do lean am’ fhochair-se am’ chathaíbh. 29Agus tugaim-se dhaoibh-se rígheacht, fé mar a thug m’Athair dómh-sa; 30Sibh a bheith ag ithe agus ag ól as mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.
31Agus dubhairt an Tighearna: A Shimóin, a Shimóin, féach, tá Sátan ag bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a déanfaí cruithneacht do chriathradh; 32Ach do dheineas-sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreideamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre. 33Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis. 34Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó:
35 #
Mait. 10:9. Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh? 36Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh. 37Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómlíonadh ionam-sa: #Isáias 53:12.Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó. 38Agus dubhradar-san leis: Féach, a Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé leó: Ní bheag san.
39Agus chuaidh sé amach, agus chuaid sé, mar ba ghnáth, go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil é. 40Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh. 41#Mait. 26:39; Marc. 14:35.Agus d’imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe, 42Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se. 43Agus do taisbeánadh dó aingeal ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian agus ag guidhe go cruaidh. 44Agus bhí allus air a bhí ’n-a bhraonachaibh fola ag tuitim chun tailimh. 45Agus nuair a dh’eirigh sé ó’n nguidhe agus tháinig sé chun a dheisgiobul fuair sé iad ’n-a gcodla tré bhrón. 46Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla? Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcathaíbh.
47An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de’n dáréag, rómpa amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó. 48Agus dubhairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a deineann tú Mac an Duine do brath? 49Agus nuair a chonaic an mhuintir a bhí i n’aice cad a bhí ag teacht dubhradar: An mbuailfimíd le claidheamh, a Thighearna? 50Agus do bhuail duine acu seirbhíseach an árd-shagairt agus bhain sé an chluas dheas de. 51Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é. 52Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh? 53Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais.
54Agus do ghabhadar é, agus do rugadar leó é go tigh an árd-shagairt; agus do lean Peadar iad, abhfad siar. 55Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus bhíodar ’n-a suidhe ’n-a tímpal, bhí Peadar ’n-a measg. 56Agus chonaic cailín aimsire é ’n-a shuidhe sa tsolus, agus d’fhéach sí go dlúth air, agus dubhairt sí: Bhí sé seo leis i n’fhochair siúd. 57Agus do shéan seisean é, agus dubhairt sé: A bhean, ní’l aon aithne agam air. 58Agus i gcionn tamaill bhig chonaic duine eile é, agus dubhairt sé: Is díobh rúd tusa leis. Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní díobh.#22:58 Ver. 58. Agus i gcionn — Tabhair fé ndeara anso, chun na cheithre soisgéalaidhthe thabhairt d’á chéile, go raibh níos mó ná aoinne amháin do chuir i leith Pheadair gur dheisgiobol do Chríost é, go dtí, fé dheire, gur chuireadar fhéachaint air é shéanadh trí h-uaire. 1. Cailín an doruis do leog isteach é, chonaic sí ag an dteine é ’n-a dhiaidh san, agus isí do chuir an cheist ar dtúis chuige, agus do dheimhnigh sí go raibh sé i bhfochair Chríost. 2. ansan chuir cailín eile ’n-a leith é, os cómhair a raibh láithreach, agus, as san, do chuir duine des na fearaibh ’n-a leith é, agus dhein Peadar an tarna séanadh. 3. Ansan thug tuille d’á raibh láithreach fé ndeara gur Gaililíach, é agus bhí gaol do Mhalchus láithreach agus dubhairt se go bhfeacaidh sé féin sa gháirdín é, ansan do dhein Peadar an trímhadh séanadh. 59#Eóin 18:26.Agus i gcionn tímpal uair a’ chluig ’n-a dhiaidh san dubhairt duine eile: Go deimhin bhí sé seo ’n-a theannta súd, mar is Gaililíach é. 60Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eól dom cad ’tá agat d’á rádh. Agus láithreach, le linn an fhocail a rádh dhó, do ghlaoidh an coileach. 61Agus d’iompuigh an Tighearna agus d’fhéach sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se mise trí h-uaire. 62Agus d’imthigh Peadar amach agus do ghoil sé go dubhach.
63Agus na fir go raibh Íosa gabhtha acu, bhíodar ag déanamh magaidh faoi agus ’ghá bhualadh. 64Agus dheineadar a aghaidh do chlúdach agus é bhualadh, agus deiridís: Targair dúinn, cé h-é an t-é a bhuail tu? 65Agus deiridís a lán neithe eile leis ag tabhairt masla dhó.
66 #
Mait. 27:1; Marc. 15:1; Eóin 18:28. Agus nuair tháinig an lá do shuidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil agus na Shgríbhneóirí i gcómhairle, agus thugadar eisean isteach sa cómhairle, agus dubhradar: Innis dúinn an tusa Críost. 67Agus dubhairt sé leó: Má ínnsim daoibh é ní chreidfidh sibh mé; 68Agus má cheistíghim sibh ní fhreagróchaidh sibh mé, ’ná ní leigfidh sibh uaibh mé. 69Ach ó’n dtráth so amach beidh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé. 70Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: #22:70 .i. Is fíor gur mé.Deirthí-se gur mé. 71Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a thuille fiadhnuise? Óir d’airigheamair as a bhéal féin é.
Currently Selected:
Lúcás 22: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.