YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 8

8
Caibidil VIII
Glanann Críost an lobhar, agus leigheasann sé giolla an cheanntúra, máthair chéile Pheadair, agus mórán eile: ciúineann sé an stoirm ar an fhairrge, teilgeann sé deamhain amach as dhá dhuine, agus bheir sé cead do na deamhain dul isteach ins na muca.
1Agus nuair a tháinic sé anuas de’n tsliabh, lean sluaighte móra é:
2Agus féach, tháinic lobhar chuige,#Marc. 1, 40; Lúc. 5, 12. agus shléacht sé dó, ag rádh: A Thighearna, má’s áil leat, tig leat mé a dhéanamh glan.
3Agus ag síneadh amach a láimhe do Íosa, leig sé air í, agus dubhairt: Is áil: Déantar glan thú. Agus san bhomaite bhí an lobhra glanta de.
4Agus deir Íosa leis: Tabhair aire agus ná h-innis do dhuine ar bith; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus ofráil an tiodhlacadh a d’órduigh Maoise,#Leibh. 14, 2. mar fhiadhnaise dóbhtha-san.
5Agus ar theacht isteach go Capharnaum dó, tháinic ceanntúir#Lúc. 7, 1. chuige, ghá ghuidhe,
6Agus ag rádh: A Thighearna, tá mo ghiolla san bhaile ina luighe tinn le galar creathach, agus é fá phéin ghéir.
7Agus deir Íosa leis: Rachaidh mé agus leigheasfaidh mé é.
8Acht d’fhreagair an ceanntúir é, agus dubhairt:#Lúc. 7, 6. A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá faoi mo dhíon; acht abair amháin an focal, agus béidh mo ghiolla slán.
9Óir is dhuine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm: agus deirim leis an fhear seo: imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: déan seo, agus ghní sé é.
10Ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus dubhairt sé leis an mhuinntir a bhí ghá leanamhaint: Amén, adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreidheamh i n-Israél.
11Agus deirim libh go dtiocfaidh mórán as an oirthear agus as an iarthar,#Mal. 1, 11. agus go suidhfidh siad síos le h-Abraham, le h-Isaac, agus le h-Iacób i ríoghacht na bhflaitheas:
12Acht teilgfear clann na ríoghachta amach san dorchadas amuigh: béidh gol agus díoscarnach fiacal annsin.
13Agus dubhairt Íosa leis an cheanntúir: Imthigh, agus bíodh duit do réir mar chreid tú. Agus fuair an giolla a shláinte ar an uair sin.
14Agus nuair a tháinic Íosa go tigh Pheadair, chonnaic sé máthair a mhná ina luighe tinn le fiabhras:
15Agus rug sé ar láimh léi, agus d’imthigh an fhiabhras dí; agus d’éirigh sí agus rinne freastal ortha.
16Agus nuair a tháinic an tráthnóna,#Marc. 1, 32. thug siad chuige mórán a raibh deamhain ionnta: agus theilg sé amach na spioraid le n-a fhocal: agus leigheas sé an méid a bhí easlán:
17Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a bhí ráidhte ag Isaias, fháidh,#Isaias 53, 4; 1 Pead. 2, 24. a dubhairt: Ghabh sé chuige ár n-éagcruadhais, agus d’iomchar sé ár ngalair.
18Agus nuair a chonnaic Íosa sluaighte móra fá dtaoibh de, d’órdhuigh sé dul trasna an uisce.
19Agus tháinic Scríobhaidhe áirithe, agus dubhairt leis: A Mháighistir, leanfaidh mé thú cibé ar bith áit a rachas tú.
20Agus deir Íosa leis: Tá plothógaí ag na sionnaigh,#Lúc. 9, 58. agus tá neadracha ag éanacha an aeir: acht ag Mac an Duine ní fhuil áit ar a leagfadh sé a cheann.
21Agus dubhairt duine eile dá dheisciobail leis: A Thighearna, leig damh-sa dul a chéadradh, agus m’athair a chur.
22Acht dubhairt Íosa leis: lean mise, agus cuireadh na mairbh a gcuid marbh.
23 # Marc. 4, 36; Lúc. 8, 22. Agus nuair a chuaidh sé isteach san bhád, lean a dheisciobail é.
24Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an fhairrge, san chruth go raibh an bád dá múchadh ag na tonnaí: acht bhí seisean ina chodladh.
25Agus tháinic a dheisciobail chuige, agus mhuscail siad é, ag rádh: A Thighearna, sábháil sinn, támuid dár gcailleadh.
26Agus deir Íosa leo: Cad chuige a bhfuil eagla oraibh, a lucht an chreidimh bhig? Annsin d’éirigh sé, thug órdughadh do na gaotha agus don fhairrge, agus tháinic ciúineas mór.
27Acht tháinic iongantas ar na fir, agus dubhairt siad: Cad é an cinéal duine é seo, óir tá na gaotha agus an fhairrge umhal dó?
28Agus nuair a tháinic sé trasna an uisce go tír na nGeraisíní,#Marc. 5, 1; Lúc. 8, 26. casadh air beirt fhear a bhí i seilbh deamhan, ag teacht amach as na tuambaí, agus iad as cuimse fíochmhar, san chruth nárbh fhéidhir le h-aoinneach an bealach sin a ghabháil.
29Agus féach, leig siad béic astú, ag rádh: Cad é an bhaint atá againne agus agat-sa le chéile, a Íosa, a Mhic Dé, an dtáinic tú le sinn a phianadh roimh an am?
30Agus i ngar dóibh bhí tréad mór muc#Marc. 5, 11; Lúc. 8, 32. ag ingheilt.
31Agus d’athchuing na deamhain air, ag rádh: Má theilgeann tú as seo sinn, cuir isteach sinn i dtréad na muc.
32Agus dubhairt sé leo: Imthighigidh. Agus ar imtheacht amach dóibh, chuaidh siad isteach ins na muca; agus féach, rith an tréad uilig de dhearg-ruathar síos fánaidh isteach san fhairrge, agus cailleadh san uisce iad.
33Agus theich na tréadaidhthe, agus ar theacht isteach san chathair dóibh, d’aithris siad gach nídh, agus fá dtaoibh díobhtha sin a bhí i seilbh na ndeamhan.
34Agus féach, chuaidh an chathair uilig amach i n-airicis Íosa, agus nuair a chonnaic siad é, d’iarr siad air imtheacht as a dtír.#Marc. 5, 17; Lúc. 8, 37.

Currently Selected:

Maitiú 8: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in