Maitiú 22
22
Caibidil XXII
Fáithscéal na bainfheise: órduigheann Críost cáin a dhíol le Caesar: sáruigheann sé na Sadducaigh: innseann sé cé h-í an chéad aithne san dlighe: agus cuireann sé meadhrán ar na Fairisínigh.
1Agus d’fhreagair Íosa, agus labhair sé arís leo i#Lúc. 14, 16. bhfáithscéalta, ag rádh:
2Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le rígh a rinne bainfheis#Taidhbh. 19, 9. dá mhac.
3Agus chuir sé a sheirbhísigh le glaodhach ortha-san a fuair cuireadh chun na bainfheise; agus dhiúltuigh siad a theacht.
4Athuair chuir sé seirbhísigh eile, ag rádh: Abraigidh leobhtha-san a fuair cuireadh: Féach, d’ullmhuigh mé mo dhinnéar, tá mo mhairt agus mo bheithidhigh reamhra marbh, agus tá na h-uile neithe réidh: taraigidh chun na bainfheise.
5Acht rinne siad faillighe, agus d’imthigh siad leo, duine chun a fheirme, agus duine chuig a chuid earraidhe.
6Agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus i ndiaidh masla a thabhairt dóibh, chuir siad chun báis iad.
7Acht nuair a chuala an rí seo, bhí fearg air, agus chuir sé amach a airm gur scrios sé na dúnmharbhthóirí sin, agus dhóigh sé a gcathair.
8Annsin deir sé le n-a sheirbhísigh: Tá an bhainfheis réidh gan amhras, acht na daoine a fuair cuireadh, níorbh airidhe ortha í:
9Ar an adhbhar sin, imthighigidh fá na bóithre, agus an méid a chasfar libh, goirigidh chun na bainfheise ortha.
10Agus ar dhul amach fá na bóithre dá sheirbhísigh, chruinnigh siad le chéile a bhfuair siad, eadar olc agus mhaith, agus bhí an bhainfheis lán de dhaoine ina suidhe chun bídh.
11Agus chuaidh an rí isteach go bhfeiceadh sé an chuideachta, agus chonnaic sé fear annsin nach raibh éadach bainfheise air.
12Agus deir sé leis: A charaid, cad é mar tháinic tusa isteach annseo gan éadach bainfheise ort? Acht d’fhan sé ina thost.
13Annsin dubhairt an rí leis na freastalaidhthe: Ceanglaigidh a lámha agus a chosa, agus caithigidh amach san dorchadas amuigh é; annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal.
14Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní fhuil toighte acht beagán.
15Annsin d’imthigh na Fairisínigh,#Marc. 12, 13; Lúc. 20, 20. agus ghlac siad cómhairle le chéile fá’n dóigh a bhféadadh siad breith air ina chainnt.
16Agus chuir siad a ndeisciobail féin mar aon le lucht leanamhna Ioruaidh#22, 16 Lucht leanamhna Ioruaidh. Daoine a bhí i seirbhís agus ar leith Ioruaidh, agus a d’aontuigh leis gur chóir cáin a dhíol le Caesar, an t-Impire Rómhánach. Measann corr dhuine gurbh aicme de na h-Iúdaigh iad a síl gurbh é Ioruadh an Messías., ag rádh: A mháighistir, is eol dúinn gur cainnteoir fíor thú, agus go dteagascann tú slighe Dé go fírinneach, agus nach bhfuil beann agat ar dhuine ar bith: óir ní dhearcann tú ar phearsain daoine.
17Innis dúinn, mar sin, cad é do bharamhail: An cóir cáin a thabhairt do Chaesar, nó nach cóir?
18Acht bhí fios a n-urchóide ag Íosa, agus dubhairt sé: A lucht na ceilge, cad chuige a bhfuil sibh ag cur féachála orm?
19Taisbeáinigidh airgead na cánach damh. Agus thairg siad pighinn dó.
20Agus deir Íosa leo: Cé ar de an íomháigh agus an scríbhinn seo?
21Deir siad leis: De Chaesar. Annsin deir sé leo:#Rómh. 13, 7. Ar an adhbhar sin, tabhairigidh do Chaesar na neithe is le Caesar, agus do Dhia na neithe is le Dia.
22Agus ar a chluinstin sin dóibh, bhí iongantas ortha; agus d’fhág siad é, agus d’imthigh leo.
23An lá céadna sin tháinic Sadducaigh chuige, daoine a deir nach bhfuil eiséirghe ann,#Gníomh. 23, 6. agus cheistigh siad é,
24Ag rádh: A mháighistir, dubhairt Maoise:#Deut. 25, 5; Marc. 12, 19; Lúc. 20, 28. Má gheibh duine bás gan mac, pósadh a dhearbhráthair a bhean, agus tógadh sé sliocht dá dhearbhráthair.
25Bhí seachtar dearbhráithreach i n-ár measc; agus phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás: agus mar nach raibh sliocht aige, d’fhág sé a bhean ag a dhearbhráthair.
26B’amhlaidh sin do’n dara, agus do’n tríomhadh duine, agus dá réir sin go dtí an seachtmhadh duine.
27Agus ina ndiaidh go léir, fuair an bhean bás fosta.
28San eiséirghe, dá bhrígh sin, cé acu de’n tseachtar a mbéidh sí ina mnaoi aige? Óir bhí sí acu go léir.
29Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Tá sibh ar seachrán as siocair nach eol díbh na Scrioptúirí ná cumhacht Dé.
30Óir san eiséirghe ní phóstar ná ní thabhartar le pósadh, acht béidh siad mar aingle Dé ar neamh.
31Acht i dtaoibh eiséirghe na marbh, nár léigh sibh an rud a dubhairt Dia, nuair dubhairt sé líbh:#Ecs. 3, 6.
32Is mise Dia Abrahaim, agus Dia Isaaic, agus Dia Iacóib? ní Dia do dhaoine marbha é, acht do dhaoine beo.
33Agus nuair a chuala na sluaighte sin, rinne siad iongantas dá theagasc.
34Agus nuair a chuala na Fairisínigh gur chuir sé na Sadducaigh ina dtost, tháinic siad i dteannta a chéile.
35Agus d’fhiafruigh duine acu, doctúir dlighe,#Marc. 12, 28; Lúc. 10, 25. de, ag cur féachála air:
36A mháighistir, cé h-í an aithne mhór san dlighe?
37Dubhairt Íosa leis:#Deut. 6, 5. Grádhóchaidh tú an Tighearna, do Dhia, le do chroidhe go h-iomlán, agus le d’anam go h-iomlán, agus le d’intinn go h-iomlán.
38Is í seo an aithne is mó agus an chéad aithne.
39Agus is cosamhail léithe seo an dara h-aithne:#Leibh. 19, 18; Marc. 12, 31. Grádhóchaidh tú do chómharsa mar thú féin.
40Is ar an dá aithne seo atá seasamh an dlighe go h-iomlán agus na bhfáidh.
41Agus ar bheith cruinnighthe i gcionn a chéile do na Fairisínigh, d’fhiafruigh Íosa díobh,
42Ag rádh: Cad é bhur mbaramhail fá’n Chríost? Cé h-é ar mac dó é? Deir siad-san leis: Dáibhidh.
43Deir seisean leo:#Marc. 12, 35; Lúc. 20, 41. Cad chuige, mar sin, a dtabhrann Dáibhidh Tighearna air i spiorad, ag rádh:
44Dubhairt an Tighearna le mo Thighearna:#Sailm 109, 1. Suidh ar mo dheis go dtí go gcuiridh mé do náimhde ina stól faoi do chosa?
45Dá bhrígh sin, má bheir Dáibhidh Tighearna air, cad é mar tá sé ina mhac aige?
46Agus ní tháinic le duine ar bith focal a rádh mar fhreagair air, agus ó’n lá sin amach ní raibh sé de dhánacht i nduine ar bith aon cheist eile a chur air.
Currently Selected:
Maitiú 22: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland