Eoin 7
7
Caibidil VII
Téid Críost suas go Féile na mBoth: bheir sé teagasc san teampall.
1Ina dhiaidh seo shuibhaladh Íosa san Ghailile: óir níorbh áil leis siubhal i n-Iudaia, de bhrígh go raibh na h-Iúdhaigh ag iarraidh a mharbhadh.
2Agus bhí Féile na n-Iúdach, Féile na mBoth,#Leibh. 23, 34. ar na gaobhair.
3Agus dubhairt a bhráithre leis: Fág seo, agus imthigh go n-Iudaia, chun go bhfeicidh do dheisciobail fosta na h-oibreacha seo agat a ghní tú.
4Óir ní dhéan aoinneach rud ar bith faoi cheilt, agus é féin ag iarraidh a bheith i mbéal an phobail: má ghní tú na neithe seo, léirigh thú féin do’n tsaoghal.
5Óir níor chreid a bhráithre féin ann.
6Deir Íosa leo, dá bhrígh sin: Ní tháinic mo am-sa go fóill: acht tá bhur n-am-sa i gcómhnaidhe ullamh.
7Ní féidir do’n tsaoghal fuath a thabhairt díbh-se: acht tá fuath aige orm-sa, de bhrígh go dtabhraim-se fiadhnaise air, gurab olc a oibreacha:
8Téighigidh sibh-se suas chun na féile seo, acht ní théighim-se suas chun na féile seo; óir ní fuil mo am-sa cóimhlíonta go fóill.
9Agus nuair a dubhairt sé seo, d’fhan sé féin san Ghailile.
10Agus i ndiaidh dhul suas dá bhráithre, annsin chuaidh sé féin suas fosta chun na féile, ní go puiblidhe, acht amhail faoi cheilt.
11Ar an adhbhar sin, bhí na h-Iúdaigh ghá chuartughadh lá na féile, agus deireadh siad: Cá bhfuil sé siúd?
12Agus bhí monabhar mór imeasc an tsluaigh fá dtaoibh de. Óir deireadh cuid acu: Is duine maith é. Acht deireadh tuilleadh: Ní h-eadh, acht tá sé ag mealladh na ndaoine.
13Acht ní labhradh duine ar bith air ós árd ar eagla roimh na h-Iúdaig.
14Acht nuair a bhí meadhón lae na féile ann, chuaidh Íosa suas chun an teampaill agus thug sé teagasc.
15Agus bhí iongantas ar na h-Iúdaigh, agus dubhairt siad: Cad é mar tá léigheann aige seo, nuair nár fhoghlaim sé?
16D’fhreagair Íosa iad, agus dubhairt: Ní liom féin mo theagasc, acht leis an té a chuir uaidh mé.
17Má’s mian le duine ar bith a thoil-sean a dhéanamh, béidh a fhios aige i dtaoibh an teagaisc, an ó Dhia é, nó an uaim féin a labhraim-se.
18An té a labhras uaidh féin, bíonn sé i bhfáthach le n-a ghlóir féin; acht an té atá i bhfáthach le glóir an té a chuir uaidh é, tá sé sin fírinneach, agus ní fhuil éagcóir ann.
19Nach dtug Maoise an dlighe#Ecs. 24, 3. díbh, agus ní chóimhlíonann aoinneach agaibh an dlighe?
20Cad chuige a bhfuil sibh ag iarraidh mé chur chun báis? D’fhreagair an sluagh, agus dubhairt: Tá deamhan ionnat: cé tá ag iarraidh thú chur chun báis?
21Dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Rinne mé aon obair amháin, agus tá iongantas oraibh uilig.
22Ar an adhbhar sin, thug Maoise an timcheallghearradh díbh,#Leibh. 12, 3. (ní ar son gurab ó Mhaoise é, acht ó na h-aithreacha#Gein. 17, 10.) agus ghní sibh duine a thimcheallghearradh ar an tsabóid.
23Má gheibh duine timcheallghearradh ar an tsabóid, chun nach mbristí dlighe Mhaoise: an bhfuil fearg oraibh liom-sa as siocair go ndearna mé duine uilig a leigheas ar an tsabóid?
24Ná tabhairigidh breitheamhnas#Deut. 1, 16. do réir an deallraimh, acht tabhairigidh breitheamhnas cóir.
25Ar an adhbhar sin, dubhairt cuid de mhuinntir Ierusalem: Nach é seo an té a bhfuilthear i bhfáthach le n-a chur chun báis?
26Féach, tá sé ag cainnt go puiblidhe, agus ní abrann siad dadamh leis. An bhfuil a fhios ag na h-uachtaráin go fíor gurab é seo an Críost?
27Acht tá a fhios againn cá h-as dó seo: acht nuair a thiocfas an Críost, ní bhíonn a fhios ag aoinneach cá h-as dó.
28Ar an adhbhar sin, labhair Íosa de ghuth árd san teampall, agus é ag teagasc, agus dubhairt: Tá aithne agaibh orm-sa, agus tá a fhios agaibh cá h-as damh: agus ní uaim féin a tháinic mé, acht tá an té a chuir uaidh mé fíor, agus ní h-aithnid díbh-se é.
29Is aithnid damh-sa é, óir is uaidh mé, agus is é féin a chuir uaidh mé.
30Ar an adhbhar sin, bhí siad i bhfáthach le breith air: acht níor leag aoinneach lámh air, de bhrígh nach dtáinic a uair go fóill.
31Acht chreid mórán de’n tsluagh ann, agus deireadh siad: Nuair a thiocfas an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó míorbhailte ná ghní sé seo?
32Chuala na Fairisínigh an sluagh ag monabhar na neithe seo fá dtaoibh de: agus chuir na h-uachtaráin agus na Fairisínigh oificigh le breith air.
33Dubhairt Íosa leo, dá bhrígh sin: Ar feadh tamaill bhig go fóill tá mé i bhur measc: agus téighim chuig an té a chuir uaidh mé.
34Béidh sibh ar mo lorg, agus ní fhuighidh sibh mé: agus mar a mbím, ní féidir díbh-se teacht.
35Dubhairt na h-Iúdaigh eatortha féin, dá bhrígh sin: Cá bhfuil sé seo ag dul, de bhrígh nach bhfuighimíd é? An bhfuil sé ag dul chuig an mhuinntir atá scaptha imeasc na gCinidheach, agus an bhfuil sé ag dul a theagasc na gCinidheach?
36Cad é is ciall do’n chainnt seo a dubhairt sé: Béidh sibh ar mo lorg, agus ní fhuighidh sibh mé: agus mar a mbím-se, ní féidir díbh-se teacht?
37Agus an lá mór deireannach de’n fhéile,#Leibh. 23, 27. sheasuigh Íosa, agus labhair sé de ghuth árd, ag rádh: Má bhíonn tart ar aoinneach, taradh sé chugam-sa, agus óladh sé.
38An té a chreideas ionnam-sa, mar deir an scrioptúir,#Deut. 18, 15; Ióel 2, 28; Gníomh. 2, 17. gluaisfidh as a bholg srothanna de uisce bheo.
39Agus dubhairt sé seo fá’n Spiorad a gheobhadh an méid a chreidfeadh ann: óir ní raibh an Spiorad bronnta go fóill, de bhrígh nach raibh Íosa go fóill ina ghlóir.
40Ar an adhbhar sin, nuair a chuala cuid de’n tsluagh úd na briathra sin aige, dubhairt siad: Is é seo go deimhin an Fáidh.
41Dubhairt cuid eile: Is é seo an Críost. Acht dubhairt cuid acu: An as an Ghailile a thig an Críost?
42Nach n-abrann an Scrioptúir: Gur de shliocht Dháibhidh agus as Beithil,#Micheas 5, 2; Mait. 2, 6. an baile ina raibh Dáibhidh, a thig an Críost?
43Ar an adhbhar sin, d’éirigh conspóid imeasc an tsluaigh mar gheall air.
44Agus ba mhian le cuid acu breith air: acht níor leag aoinneach lámh air.
45Tháinic na h-oificigh, mar sin de, chuig na sagairt agus na Fairisínigh, agus dubhairt siad-san leo: Cad chuige nach dtug sibh libh é?
46D’fhreagair na h-oificigh: Níor labhair aon duine ariamh mar an duine seo.
47D’fhreagair na Fairisínigh iad, dá bhrígh sin: An féidir gur mealladh sibh-se fosta?
48Ar chreid aon duine de na h-uachtaráin, nó de na Fairisínigh, ann?
49Acht an sluagh seo, nach bhfuil fios an dlighe acu, tá siad malluighthe.
50Dubhairt Nicodemus leo, an té úd a tháinic chuige san oidhche agus ar dhuine acu é:
51An dtabhrann ár ndlighe breitheamhnas ar an duine, gan éisteacht leis féin ar dtús, agus fios d’fhagháil ar cad é bhíos de dhéanamh aige?#Deut. 17, 6, agus 19, 15.
52Dubhairt siad leis, ghá fhreagairt: An féidir gur Gaililéach thusa fosta? Cuartuigh na Scrioptúirí, agus feic nach n-éirigheann fáidh as an Ghailile.
53Agus chuaidh gach aon duine acu abhaile chun a thighe féin.
Currently Selected:
Eoin 7: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland