Eoin 3
3
Caibidil III
Cómhrádh Chríost le Nichodemus. Fiadhnaise Eoin.
1Agus bhí duine de na Fairisínigh ann, darbh ainm Nicodemus, uachtarán de chuid na n-Iúdach.
2Tháinic sé seo chuig Íosa san oidhche, agus dubhairt leis: A Rabbi, tá a fhios againn go dtáinic tú i do mhúinteoir ó Dhia, óir ní féidir d’aoinneach na míorbhailte seo a ghní tusa a dhéanamh, gan Dia a bheith leis.
3D’fhreagair Íosa, agus dubhairt leis: Amén, amén, adeirim leat, muna ngeintear duine athuair, ní féidir dó ríoghacht Dé d’fheiceáil.
4Deir Nicodemus leis: Cad é mar is féidir do dhuine a gheineamhaint agus é sean? An dtig leis dul isteach i mbroinn a mháthar arís, agus a theacht ar an tsaoghal athuair?
5D’fhreagair Íosa: Amén, amén, adeirim leat, muna n-aithghein-tear duine#3, 5 muna n-aithghein-tear duine &c. Leis na briathra seo dheimhnigh ár Slánuightheoir go bhfuil an Baisteadh riachtanach. Ó luaidheann sé an t-uisce is léir go bhfuil sé riachtanach an t-uisce a chur ar dhuine i n-aoinfheacht le rádh na bhfocal, Mait. 28, 19. ó uisce agus ó’n Spiorad Naomh, ní féidir dó dul isteach i ríoghacht Dé.
6An nídh a gheintear ó’n cholainn, is colann é: agus an nídh a gheintear ó’n Spiorad, is spiorad é.
7Ná bíodh iongantas ort, gur dhubhairt mé leat: is éigean díbh bhur ngemeamhaint athuair.
8Séideann an Spiorad mar is áil leis: agus cluin tú a ghuth, acht ní h-eol duit cá h-as a dtig sé,#Sailm 134, 7. ná cá dtéid sé: is amhlaidh atá gach aoinneach a gheintear ó’n Spiorad.
9D’fhreagair Nicodemus, agus dubhairt leis: Cad é mar is féidir do na neithe sin a bheith?
10D’fhreagair Íosa, agus dubhairt leis: An bhfuil tusa i do mháighistir i n-Israél, agus gan fios na neithe seo agat?
11Amén, amén, adeirim leat, go n-abramuid an rud is eol dúinn, agus go dtabhramuid fiadhnaise ar an rud a chonnacamar, agus ní ghlacann sibh ár bhfiadhnaise.
12Má dubhairt mé neithe saoghalta libh, agus nach gcreideann sibh: cád é mar chreidfeas sibh, má deirim neithe neamhdha libh?
13Agus ní dheacaidh aoinneach suas ar neamh, acht an té a thuirling ó neamh, Mac an Duine atá ar neamh.
14Agus mar a d’arduigh Maoise an nathair nimhe san fhásach,#Uimh. 21, 9. is mar sin is éigean Mac an Duine d’árdughadh:
15Chun nach gcailltear aoinneach dá gcreidfidh ann, acht go raibh beatha shíorraidhe aige.
16Óir ghrádhuigh Dia an domhan cómh mór sin, go dtug sé a Aoin-ghein Mhic;#1 Eoin 4, 9. chun nach gcailltí aoinneach dá gcreidfeadh ann, acht go mbéadh beatha shíorraidhe aige.
17Óir níor chuir Dia a Mhac ar an domhan, le breitheamhnas a thabhairt ar an domhan, acht chun go slánuightí an domhan tríd.
18An té a chreideas ann, ní thabhartar breitheamhnas air#3, 18 Ní thabhartar breitheamhnas air. An té a chreideas le creideamh a oibrigheas tré charthannacht, ní thabhartar breitheamhnas air; is é sin le rádh, ní dhaortar é. Acht bheirtear breitheamhnas ar an díchreidmheach ceanndána, is é sin le rádh, tá sé daortha cheana féin, de bhrígh go mbíonn sé tar éis é féin a ghearradh amach ó chómhluadar Chríost agus na h-Eaglaise.: acht an thé nach gcreideann, tá breitheamhnas tugtha air cheana féin: de bhrígh nach gcreideann sé i n-ainm Mhic Dé, an t-Aoin-ghein.
19Agus seo é an breitheamhnas#3, 19 An breitheamhnas. Is é sin fáth a dhaortha.: de bhrígh go dtáinic an solus ar an tsaoghal, agus gur mhó a ghrádhuigh na daoine an dorchadas ná an solus: óir bhí a ngníomhartha olc.
20Óir gach aoinneach dá ndéan an t-olc, bíonn fuath aige ar an tsolus, agus ní thig sé chun an tsoluis, ar eagla go gcáintí a ghníomhartha.
21Acht an té a ghní an fhírinne#3, 21 An té a ghní an fhírinne. An té a ghní do réir na fírinne. Cialluigheann an fhírinne annseo dlighe Dé. Is fírinne do dhlighe. Sailm 118, 142., tig sé chun an tsoluis go léirightear a ghníomhartha, óir is i nDia a rinneadh iad.
22Ina dhiaidh seo tháinic Íosa agus a dheisciobail go tír Iudaia: agus chómhnuigh sé annsin mar aon leo, agus bhíodh sé ag déanamh baistidh.
23Agus bhíodh Eoin ag baisceadh daoine fosta i n-Aennon, i n-aice le Salim; óir bhí mórán uisce annsin, agus thigeadh siad, agus bhaistthí iad.
24Óir ní raibh Eoin curtha i bpríosún go fóill.
25Agus d’éirigh ceist eadar deisciobail le h-Eoin agus Iúdaigh fá nigheachán.
26Agus tháinic siad chuig Eoin, agus dubhairt siad leis: A Rabbi, an té a bhí i d’fhochair ar an taoibh thall de’n Iordáin, agus a ndearna tú fiadhnaise dó, féach, baisteann sé, agus tig an uile dhuine chuige.
27D’fhreagair Eoin, agus dubhairt: Ní féidir do dhuine aon nídh a ghlacadh, muna dtugadh dó ó neamh é.
28Tá sibh-se féin i bhur bhfiadhnaisigh agam-sa gur dhubhairt mé: Ní mise an Críost, acht gur cuireadh roimhe mhé.
29An té ag a mbíonn an bhrídeog, is é an fear nuaphósta é: acht cara an fhir nuaphósta, a bhíos ina sheasamh agus ag éisteacht leis, gabann lúthgháir mhór é mar gheall ar ghuth án fhir nuaphósta: ar an adhbhar sin, tá an lúthgháir seo orm-sa iomlán.
30Is dual dó-san méadughadh, acht damh-sa laghdughadh.
31An té a thig anuas, tá sé ós cionn cháich. An té atá ó’n talamh, is de’n talamh é, agus is neithe talmhaidhe a labhras sé. An té a thig ó neamh, tá sé ós cionn cháich.
32Agus an rud a chonnaic sé agus a chuala sé, bheir sé fiadhnaise air: agus ní ghlacann aoinneach a fhiadhnaise.
33An té a ghlac a fhiadhnaise, tá sé tugtha fá n-a shéala aige go bhfuil Dia fírinneach.#Rómh. 3, 4.
34Óir an té ar chuir Dia uaidh é, labhrann sé briathra Dé: óir ní do réir mioshúir a bheir Dia an spiorad.
35Tá grádh ag an Athair do’n Mhac, agus thug sé na h-uile neithe ina láimh dó.
36An té a chreideas san Mhac, tá beatha shíorraidhe aige:#1 Eoin 5, 10. acht an té nach gcreideann an Mac, ní fheicfidh sé beatha, acht cómhnuigheann fearg Dé air.
Currently Selected:
Eoin 3: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland