Eoin 15
15
Caibidil XV.
Cainnt Chríost le n-a dheisciobail ar leanamhaint.
1Is mise an fhíneamhain fhíor: agus is é m’Athair an saothruightheoir.
2Gach géag orm nach dtabhrann toradh, gearrfaidh sé í: agus gach ceann a beir toradh, glanfaidh sé í, chun go mba mhóide a bhéarfas sí toradh uaithe.
3Tá sibh anois glan de thairbhe an bhriathair a labhair mé libh.
4Fanaigidh-se ionnam-sa: agus mise ionnaibh-se. Amhail mar nach féidir do’n ghéig toradh a thabhairt uaithe féin, muna bhfanaidh sí ar an fhíneamhain: ní féidir díbh-se acht a oiread, muna bhfanaidh síbh ionnam-sa.
5Is mise an fhíneamhain, síbh-se na géaga: an té a fhanas ionnam-sa, agus mise ann-san, bheir seisean toradh mór uaidh: óir gan mise ní féidir díbh aon nídh a dhéanamh.
6Cibé nach bhfanfaidh ionnam-sa: caithfear amach mar ghéig é, agus feochfaidh sé; agus tógfaidh siad, agus caithfidh siad san teinidh é, agus dóigheann sé.
7Má fhanann síbh ionnam-sa, agus má fhanann mo bhriathra-sa ionnaibh-se; iarrfaidh síbh cibé rud is mian libh, agus dhéanfar díbh é.
8As seo a gheibh m’Athair glóir, go dtabhrann síbh-se toradh an-mhór uaibh, agus go bhfuil sibh i bhur ndeisciobail agam-sa.
9Mar a thug an t-Athair grádh damh-sa, thug mise grádh díbh-se mar an gcéadna. Fanaigidh i mo ghrádh.
10Má chongbhuigheann sibh m’aitheanta, fanfaidh síbh i mo ghrádh, amhail mar chongbhuigh mise aitheanta m’Athar, agus fanaim ina ghrádh.
11Dubhairt mé na neithe seo libh: chun go mbéadh mo áthas ionnaibh, agus go mbéadh bhur n-áthas-sa iomlán.
12Is í seo m’aithne,#Eph. 5, 2; 1 Teas. 4, 9. síbh-se grádh a thabhairt dá chéile, mar a thug mise grádh díbh-se.
13Ní fuil grádh is mó ná seo ag aoinneach, ná go dtabharfadh duine a bheatha ar son a charad.
14Is cáirde damh-sa sibh, má ghní sibh na neithe a órduighim díbh.
15Ní thabharfaidh mé seirbhísigh oraibh anois: óir ní fios do’n tseirbhíseach cad é ghní a thighearna. Acht thug mé cáirde oraibh: óir chuir mé i n-iúl díbh gach uile nídh dár chuala mé ó m’Athair.
16Ní síbh-se a thogh mise, acht mise a thogh síbh-se, agus a chuir síbh chun go dtéigheadh síbh, agus go dtabharadh sibh toradh uaibh#Mait. 28, 19.: agus go bhfanadh bhur dtoradh: ionnas, cibé nídh a d’iarrfadh síbh ar an Athair i m’ainm-se, go dtabharadh sé díbh é.
17Órduighim na neithe seo díbh, chun go raibh grádh agaibh dá chéilé.#1 Eoin 3, 11, agus 4, 7.
18Má bheir an saoghal fuath díbh: bíodh a fhios agaibh go dtug sé fuath damh-sa rómhaibh.
19Dá mba de’n tsaoghal síbh: bhéadh grádh ag an tsaoghal dá chuid féin: acht de bhrígh nach de’n tsaoghal sibh, acht gur thogh mise as an tsaoghal sibh, dá bhrígh sin, tá fuath ag an tsaoghal oraibh.
20Cuimhnighigidh ar mo bhriathar a dubhairt mé libh: Ní fhuil an seirbhíseach níos mó ná a thighearna.#Mait. 10, 24. Má rinne siad géirleanamhaint orm-sa, dhéanfaidh siad géirleanamhaint oraibh-se fosta:#Mait. 24, 9. má chongbhuigh siad mo bhriathar-sa, congbhóchaidh siad bhur mbriathar-sa mar an gcéadna.
21Acht dhéanfaidh siad na neithe sin uilig oraibh mar gheall ar m’ainm-se: de bhrígh nach aithnid dóibh an té a chuir uaidh mé.
22Munab é go dtáinic mé, agus gur labhair mé leo, ní bhéadh peacadh ortha: acht anois ní fhuil leithscéal acu ina bpeacadh.
23An té a bhfuil fuath aige orm-sa, tá fuath aige ar m’Athair fosta.
24Munab é go ndearna mise ina measc na h-oibreacha nach ndearna neach ar bith eile, ní bhéadh peacadh ortha: acht anois chonnaic siad mise agus m’Athair, agus thug siad fuath dúinn araon.
25Acht chun go gcóimhlíontaí an briathar atá scríobhtha ina ndlighe: Thug siad fuath damh gan adhbhar.#Sailm 24, 19.
26Acht nuair a thiocfas an Cómhfhurtuightheoir, a chuirfeas mise chugaibh#15, 26 A chuirfeas mise chugaibh. Cruthuigheann seo i n-aghaidh na nGréagach go ngluaiseann an Spiorad Naomh ní amháin ó’n Athair acht ó’n Mhac mar an gcéadna. Munab é sin, níorbh fhéidir do’n Mhac a beith ghá chur uaidh. ó’n Athair,#Lúc. 24, 49. Spiorad na fírinne, a thig ó’n Athair, bhéarfaidh sé fiadhnaise fá dtaoibh díom-sa:
27Agus bhéarfaidh sibh-se fiadhnaise, de bhrígh go bhfuil sibh liom ó thús.
Currently Selected:
Eoin 15: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland