YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 23

23
Caibidil XXIII
Pól ina sheasamh i láthair na chómhairle: cómhrún eadar na h-Iúdaigh é chur chun báis. Cuirtear ar shiubhal go Caesarea é.
1Agus ag dearcadh do Phól ar an chómhairle, dubhairt sé: A fheara, agus a bhráithre, rinne mhise seirbhís do Dhia le coinsias mhaith ar fad go dtí an lá indiu.
2Agus d’órduigh Ananias, uachtarán na sagart, dóbhtha sin a bhí ina seasamh le n-a thaoibh, é a bhualadh san bhéal.
3Annsin dubhairt Pól leis: Buailfidh Dia thusa, a bhalla aoldaithte. Óir an suidheann tú a thabhairt bhreitheamhnais orm-sa do néir an dlighe, agus an dtugann tú órdughadh mé a bhualadh i n-aghaidh an dlighe?
4Agus dubhairt na daoine a bhí ina seasamh annsin: An bhfuil tusa ag cáineadh árdshagart Dé?
5Agus dubhairt Pól: Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurab é uachtarán na sagart é. Óir tá scríobhtha: Ní cháinfidh tú prionnsa do phobail.#Ecs. 22, 28.
6Agus ó bhí a fhios ag Pól go raibh cuid acu ina Sadducaigh, agus an chuid eile ina bhFairisínigh, scairt sé amach san chómhairle: A fheara, agus a bhráithre, is Fairisíneach, agus mac le Fairisínigh mise:#Pilip. 3, 5. is fá dhóchas agus fá eiséirghe na marbh atáthar mo cheistuighadh.
7Agus nuair a dubhairt sé sin, d’éirigh achrann eadar na Fairisínigh agus na Sadducaigh: agus roinneadh an sluagh.
8Óir deir na Sadducaigh nach mbíonn eiséirghe ann,#Mait. 22, 23. ná aingeal, ná spiorad: acht admhuigheann na Fairisínigh iad sin araon.
9Agus d’éirigh callán mór ann. Agus d’éirigh cuid de na Fairisínigh a thabhairt catha, agus dubhairt: Ní fhaghamuid olc ar bit san duine seo: cad é, má labhair spiorad, nó aingeal leis?
10Agus tráth d’éirigh achrann mór ann, ar eagla go strócaidís Pól as a chéile, d’órduigh an ceann feadhain do na saighdiuirí dul síos, agus é bhreith uatha, agus a thabhairt isteach san champa.
11Agus an oidhche ina dhiaidh sin, sheasuigh an Tighearna ag a thaoibh, agus dubhairt: Bíodh misneach agat: óir mar rinne tú fiadhnaise damh i n-Ierusalem, is mar sin is, éigean duit fiadhnaise a dhéanamh fosta san Róimh.
12Agus nuair a tháinic an lá, chruinnigh cuid de na h-Iúdaigh i gcionn a chéile, agus cheangail siad iadh féin faoi mhionna, ag rádh, nach gcaithfidís biadh ná deoch, nó go marbhaidís Pól.
13Agus bhí ós cionn dhaichead fear ann, a rinne an connradh ceilge sin:
14Agus tháinic siad chuig uachtaráin na sagart agus na seanóirí, agus dubhairt: Mhionnuigheamar le móid gan aon nídh a bhlaiseadh, nó go marbhamuid Pól.
15Anois, dá bhrígh sin, cuirigidh-se, mar aon leis an chómhairle, i n-iúl do’n chionn feadhain é thabhairt amach chugaibh, amhail agus dá mba mhian libh eolas níos iomláine dh’fhagháil fá dtaoibh de. Agus sul a dtigidh sé fhad libh, tá sinne ullamh chun é a mharbhadh.
16Nuair a chuala mac dheirbhshiúr Phóil fá’n cheilg, tháinic sé, agus chuaidh isteach san champa gur innis do Phól.
17Agus ghoir Pól chuige duine de na ceanntúirí, agus dubhairt: Tabhair an t-óigfhear seo chuig an cionn feadhain, óir tá rud éigin aige le h-innse dó.
18Agus ghá bhreith leis dó-san, thug sé go dtí an ceann feadhain é, agus dubhairt: D’iarr an príosúnach Pól orm an t-óigfhear seo a thabhairt chugat, mar go bhfuil rud éigin aige le rádh leat.
19Agus ghá bhreit leis ar ghreim láimhe do’n chionn feadhain, chuaidh sé i leat taoibh leis, agus d’fhiafruigh de: Cad é tá agat le h-innse damh?
20Agus dubhairt seisean: Tá socair ag na h-Iúdaigh iarraidh ort-sa Pól a thabhairt amach chun na cómhairle i mbárach, amhail agus dá mbéadh siad ar tí tuairisc éigin níos iomláine air a chuartughadh:
21Acht ná creid thusa iad, óir tá ós cionn dhaicheadh fear acu ag déanamh luigheacháin roimhe, agus cheangail siad iad féin faoi mhionna gan biadh ná deoch a chaitheamh nó go marbhaidís é: agus tá siad ullamh anois, ag feitheamh le do gheallamhaint-se.
22Ar an adhbhar sin, leig an ceann feadhain an t-óigfhear chun siubhail, agus chros sé air innse do dhuine ar bith gur chuir sé na neithe sin i n-iúl dó féin.
23Agus ghoir sé beirt cheanntúir chuige, agus dubhairt leo: Ullmhuighigidh fá choinne na tríomhadh h-uaire de’n oidhche dhá chéad saighdiuir le dul go Caesarea, agus deich agus trí fichid marcach, agus bá chéad lannaire:
24Agus faghaigidh beithidhigh, go gcuiridh siad Pól a mharcaidheacht, agus go dtugaidh siad slán é go dtí an t-uachtarán Felics.
25(Óir bhí eagla air go mb’fhéidir go ndéanadh na h-Iúdaigh é d’fhuadach agus a mharbhadh, agus go gcuirtí bréag air féin ina dhiaidh sin, amhail agus dá mbéadh sé ar tí airgead a ghlacadh).
26Agus scríobh sé litir a raibh seo inntí: Sláinte ó Chluad Lisias chuig an uachtarán ró-oirdhearc Felics.
27Rug na h-Iúdaigh ar an fhear seo, agus bhí siad ar tí a mharbhadh, nuair a tháinic mise ortha le h-arm, agus sciob mé uatha é, ar a thuigbheáil damh gur Rómhánach é:
28Agus d’fhonn fios d’fhagháil ar an choir a bhí dá cur ina leith acu, thug mé chun a gcómhairle é.
29Agus fuair mé amach gur fá cheisteanna a ndlighe féin a bhí siad a chionntughadh, acht gan aon choir ann a thuill bás ná geimhleacha.
30Agus nuair a h-innseadh damh fá luigheachán a bhí dá ullmhughadh acu roimhe, chuir mé chugat-sa é, agus d’fhuagair mé fosta do lucht a chionntuighthe a gcás a chur ós do chómhair-se. Slán agat.
31Ar an adhbhar sin, thug na saighdhiuirí leo Pól, dho réir mar h-órduigheadh dóibh, agus threoruigh siad san oidhche go h-Antipatris é.
32Agus lá ar n-a bhárach leig siad uatha na marcaigh le dul leis, agus phill siad chun an champa.
33Agus nuair a tháinic siad-san go Caesarea, agus thug siad an litir do’n uachtarán, chuir siad Pól ina sheasamh ós a chómhair fosta.
34Agus nuair a bhí sí léighte aige, agus d’fhiafruigh sé cé an chúige arbh as dó: agus nuair a thuig sé gurbh as Cilicia dó:
35Dubhairt sé: Éistfidh mé leat, nuair a thiocfas lucht do chionntuighthe. Agus d’órduigh sé é a chongbháil i gcúirt Ioruaid.

Currently Selected:

Gníomhartha 23: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in