Agus ṫarla, nuair do ḃí sé i gceann de na caṫraċaiḃ, féaċ, fear do ḃí lán de loḃra; agus ar ḟeicsin Íosa ḋó, do ṫuit sé ar a aġaiḋ roiṁe, agus do ċuir sé aṫċuinġe air, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, má’s toil leat é, is féidir leat mise do ġlanaḋ. Agus do ṡín sé amaċ a láṁ, agus do ċuir sé air í, agus aduḃairt, Is toil liom é; glantar ṫú.