Annsin do ṫreoruiġ sé go h‐Iarúsalem é, agus do ċuir sé ar ḃinn an teampaill é, agus aduḃairt sé leis, Má’s tú Mac Dé, caiṫ ṫú féin as so le fánaiḋ síos; óir atá scríoḃṫa,
Do‐ḃéarfaiḋ sé órdú d’á aingliḃ id’ ṫaoḃ, go gcuṁdóċaidís ṫú:
agus,
Tógfaid ar a láṁaiḃ ṫú,
Ar eagla go mbuailfeá do ċos, am ar biṫ, i gcoinniḃ cloiċe.
Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Atá ráiḋte, Ní ḋéanfair froṁaḋ ar an Tiġearna, do Ḋia.