Ag rádh: Téigh chuig an phobal seo, agus abair leo: Cluinfidh sibh leis an chluais, agus ní thuigfidh sibh: agus ar fheiceáil díbh, tchifidh sibh, agus ní thabharfaidh sibh fá dear.
Óir tháinic maolughadh ar chroidhe an phobal seo, agus bhí a gcluasa bodhar chun éisteachta, agus dhruid siad a súla, ar eagla go mb’fhéidir go bhfeiceadh siad le n-a súla, agus go gcluineadh siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeadh siad le n-a gcroidhe, agus go dtionntuigheadh siad, agus go leaghasainn iad.