Gníomhartha 28
28
Caibidil XXVIII.
I ndiaidh trí mhí a chaitheamh i Melita, leanann Pól dá aistear, agus sroicheann sé an Róimh. Labhrann sé leis na h-Iúdaigh annsin.
1Agus nuair a tháiniceamar slán, bhí a fhios againn annsin gur Melita ab ainm do’n oileán. Agus níor bheag an cinéaltas a thais-beán na barbair dúinn.
2Óir, ag fadughadh teineadh dóibh, chuir siad beodhadh ionainn uilig, mar gheall ar an fhearthainn a bhí ag tuitim agus ar an fhuacht.
3Agus nuair a chruinnigh Pól bachlann spreasán agus leag sé ar an teinidh iad, tháinic nathair nimhe amach as an teas, agus léim sí ar a láimh.
4Agus tráth chonnaic na barbair an phiast crochta as a láimh, dubhairit siad le chéile: Gan amhras is dúnmharbhthóir an duine seo, óir gidh go dtáinic sé slán ó’n fhairrge, ní cheaduigheann an díoghaltas dó mairstin beo.
5Acht chraith seisean an phiast de isteach san teinidh, gan dochar ar bith d’fhuilstin.
6Acht shíl siad-san go n-atfadh sé, agus go dtuitfeadh sé marbh go tobann. Acht ar fhanacht tamall fada dóibh ag dréim le sin, nuair a chonnaic siad nár thárla dochar ar bith dó, tháinic a mhalairt de dhearcadh chuca, agus dubhairt siad gur dia a bhí ann.
7Agus i dtimcheall na h-áite sin bhí a chuid talaimh ag uachtarán an oileáin, arbh ainm dó Publius, agus ghabh seisean chuige sinn, go dtug aoidheacht dúinn go cáirdeamhail ár feadh thrí lá.
8Agus thárla go raibh athair Phubliuis ina luighe tinn le fiabhras, agus leis an bhuinnigh dheirg. Agus chuaidh Pól isteach chuighe: agus nuair a ghuidh sé, agus chuir sé a lámha air, leigeas sé é.
9Agus nuair a rinne sé sin, tháinic a raibh de daoine easlána san oileán chuige, agus leigheasadh iadh.
10Agus thug siad onóir mhór dúinn fosta, agus nuair a bhíomar ag imtheacht chun fairrge, chuir siad linn cibé neithe a bhí do dhíth orainn.
11Agus i gcionn thrí míos sheolamar i luing as Cathair Alastair, a bhí i ndiaidh an geimhreadh a chur dí san oileán, agus a raibh an Mac-Chúpla mar chómhartha uirthí.
12Agus ar theacht chun na Sioracúise dúinn, d’fhanamar annsin trí lá.
13Agus ag seoladh thart timcheáll dúinn as sin, tháiniceamar go Regium: agus i gcionn aoin lae, shéid an ghaoth a ndeas, agus tháiniceamar lá ar n-a bhárach go Puteoli:
14Mar a bhfhuaireamar bráithré, a d’iarr orainn fanacht acu seachtmhain: agus mar sin chuádhamar linn chun na Róimhe.
15Agus nuair a chuala na bhráithre fá dtaoibh dínn, tháinic siad amach as sin i n-ár n-airicis go margadh Appiuis agus na Trí Tabhairní. Agus nuair a chonnaic Pól iad, thug sé altughadh do Dhia, agus ghlac sé misneach.
16Agus nuair a tháiniceamar chún na Róimhe, tugadh cead do Phól cómhnughadh leis féin agus saghdiuir ghá choimhéad.
17Agus i gcionn thrí lá ghoir sé na príomh-Iúdaigh i gcionn a chéile. Agus ar bheith cruinnighthe i gcionn a chéile dóibh, dubhairt sé leo: A fheara agus a bhráithre, ghidh nach ndearna mise rud ar bith i n-agaidh an phobail, ná i n-aghaidh ghnas ár n-aithreach, tugadh mé ceangailte ó Ierusalem ar láimh do na Rómhánaigh,
18Agus nuair a cheistigh siad-san mé, ba mhian leo mé leigin saor, de bhrígh nach raibh coir bháis ar bith ionnam:
19Acht ó chuir ná h-Iúdaigh ina agháidh sin, b’éigean damh mhé fhéin a chur ar choimirce Chaesair, ní h-é go bhfuil aon nídh agam le cur i leith mo chinidh.
20Is fá’n adhbhár seo, dá bhrígh sin, a d’iarr mé sibh d’fheiceáil agus labhairt libh. Óir is mar gheall ar dhóchas Israéil atá mé ceangailte leis an tslabhradh seo.
21Acht dubhairt siad-san leis: Ní fhuaireamar aon litir fá dtaoibh díot ó Iudaia, ná ní tháinic aoinneach de na bhráithre annseo a d’aithris ná a d’innis rud ar bith olc fá dtaoibh díot.
22Acht ba mhaith linn do bharamhail a chluinstin uait: oir i dtaca leis an aicme seo de, tá a fhios againn go bhfuilthear ag cur ina h-aghaidh san uile áit.
23Agus nuair a leag siad amach lá dó, tháinic fíor-mhórán chuige go tigh a lóistín, agus thug sé teagasc dóibh, ag tabhairt fhiadhnaise ar ríoghacht Dé, agus ag cur na fírinne fá Íosa ina luíghe ortha as dlighe Mhaoise agus as na fáidhe, ó mhaidin go tráthnóna.
24Agus chreid cuid acu na neithe a dubhradh: acht bhí cuid eile nár chreid.
25Agus nuair nár aontuigh siad le chéile, d’imthigh siad, ar rádh an aoin bhriathair seo do Phól: Is maith a labhair an Spiorad Naomh le n-ár n-aithreacha tré Isaias, fáidh,
26Ag rádh:#Isaias 6, 9; Mait. 13, 14; Marc. 4, 12; Lúc. 8, 10; Eoin 12, 40; Rómh. 11, 8. Téigh chuig an phobal seo, agus abair leo: Cluinfidh sibh leis an chluais, agus ní thuigfidh sibh: agus ar fheiceáil díbh, tchifidh sibh, agus ní thabharfaidh sibh fá dear.
27Óir tháinic maolughadh ar chroidhe an phobal seo, agus bhí a gcluasa bodhar chun éisteachta, agus dhruid siad a súla, ar eagla go mb’fhéidir go bhfeiceadh siad le n-a súla, agus go gcluineadh siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeadh siad le n-a gcroidhe, agus go dtionntuigheadh siad, agus go leaghasainn iad.
28Bíodh a fios ágaibh, dá bhrígh sin, go bhfuil an slánughadh seo ó Dhia dá chur chuig na cinidheacha, agus éistfidh siad-san.
29Agus nuair a bhí na neithe sin ráidhte aige, d’imthigh na h-Iúdaigh amach uaidh, agus mórán díospóireachta acu eatortha féin.
30Agus d’fhan sé dhá bhliadhain iomlána ina thigh lóistín féin, agus o’fháiltigh sé roimh an uile dhuine dá dtáinic isteach chuige:
31Agus é ag seanmóir ríoghacht Dé, agus ag teagasc na neithe a bhaineas leis an Tighearna Íosa Críost fá lán-dhóchas, gan toirmeasc.
clóchuallucht chathail, tta. baile átha cliath
Currently Selected:
Gníomhartha 28: ASN1943
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland