Matha 12

12
1Ba é an t‑am sin a shiúil Íosa ar an tslí trí chuibhrinn na cruithneachta lá na sabóide; bhí an t‑ocras ar a dheisceabail, agus thosaigh siad ar stoitheadh na ndias agus á n‑ithe. 2Ach nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dúirt siad leis, “Féach, tá do dheisceabail ag déanamh ní nach ceadmhach a dhéanamh ar an tsabóid.” 3ls é a dúirt sé leo, “An é nár léigh sibh faoin rud a rinne Dáibhí, nuair a bhí an t‑ocras air féin, agus ar an dream a bhí ina chuideachta: 4mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus a dʼith sé arán na toirbhirte, nár cheadaigh an dlí dó a ithe é féin ná an dream a bhí ina chuideachta, ach do na sagairt amháin? 5Nó an é nach bhfuil léite agaibh sa dlí mar a bhíonn an tsabóid á sárú ag na sagairt sa teampall, agus gan coir orthu? 6Deirimse libh go bhfuil neach is mó ná an teampall anseo. 7Agus dá mbeadh fhios agaibh cad a chiallaíos sé seo, ‘Trócaire is áil liom, agus ní iobairt,’ ní dhaorfadh sibh daoine atá neamhchiontach. 8Mar tá tiarnas os cionn na sabóide ag Mac an duine.”
9Chuaigh sé ar aghaidh as sin, go ndeachaigh isteach ina sionagóg siúd. 10Bʼshiúd ansin fear a raibh leathlámh sheargtha air. Agus dʼfhiafraigh siad de, “An ceadmhach leigheas a dhéanamh ar an tsabóid?”, le cúis a fháil lena chur air. 11Ar seisean leo, “Cé an fear sin eadraibh, nach bhfuil aige ach aon chaora amháin, más rud é go dtiteann sí i bpoll lá na sabóide, nach mbéarfadh uirthi agus nach dtógfadh amach as í? 12Nach fiú i bhfad níos mó duine ná caora! Dá bhrí sin de, is ceadmhach an mhaith a dhéanamh ar an tsabóid.” 13Agus ar seisean ansin leis an bhfear, “Sín do lámh amach uait.” Agus shín an fear amach í, agus rinneadh slán folláin í, dála na leathláimhe eile. 14Ach chuaigh na Fairiséigh amach go ndeachaigh i gcomhairle le chéile ina aghaidh, conas a chuirfidís deireadh leis.
15Ní raibh Íosa dall air sin, agus dʼimigh sé as sin. Chuaigh mórán ina dhiaidh, agus leigheas sé iad uile go léir, 16agus dʼordaigh sé dóibh gan a insint go raibh sé ann. 17Tharla sin leis an ní a dúirt an fáidh Ísáia a chomhlíonadh:
18“Féach mo sheirbhíseach a thogh mé,
mo dhuine ionúin a mbíonn toil ag mʼanam ann.
Cuirfidh mé air mo Spiorad,
agus is é a fhógrós a gceart do na Gintlithe.
19Ní bheidh sé clamprach ná ardghlórach,
agus ní chluinfear a ghuth ar na sráideanna;
20ní bhrisfidh sé an ghiolcach bhrúite
agus ní mhúchfaidh sé an buaiceas smolchaite
go dtugann sé an ceart chun bua;
21agus is as a ainmsean a bheidh dóchas ag na Gintlithe.”
22Ba ansin a tugadh chuige balbhán dall a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, i dtreo go raibh idir urlabhra agus amharc ag an mbalbhán. 23Rinne na daoine uile iontas de, agus dúirt siad, “An féidir gurb é Mac Dháibhí é?” 24Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.” 25Ar seisean leo agus a dhea-fhios aige cad iad na smaointe a bhí ina n‑intinn, “Níl ríocht a dhealaítear ina héadan féin nach ndéantar fásach di, agus ní sheasóidh an chathair ná an teaghlach a dhealaítear ina éadan féin; 26agus más rud é go mbíonn Sátan ag díbirt Shátain, tá sé dealaithe ina éadan féin; agus conas a sheasós a ríocht mar sin? 27Agus más trí Bheelsebúl a dhíbrímse deamhain, cé hé sin a mbíonn bhur mic á ndíbirt tríd? Mar sin bíodh siadsan ina mbreithiúna oraibh. 28Ach más trí Spiorad Dé a bhímse ag díbirt deamhan, níl amhras nár tháinig ríocht Dé oraibh. 29Mar conas a théann duine isteach i dteach tréanfhir, agus a thugann sé creach a mhaoine, mura gceanglaíonn sé an tréanfhear i dtús báire? Is cinnte go bhféadann sé creach a dhéanamh ar a theach ansin. 30An té nach bhfuil ar mo thaobh tá sé i mʼaghaidh, agus an té nach mbailíonn liom bíonn sé ag scaipeadh. 31lnsím daoibh dá bhrí sin, go maithfear gach peaca agus diamhasla do dhaoine, ach nach maithfear an diamhasla a dhéantar in aghaidh an Spioraid. 32Agus go maithfear cibé focal a labhrófar in aghaidh Mhac an duine; ach an té a labhraíos in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní mhaithfear dó é, san aois seo i láthair ná san aois atá le teacht.
33“Seo nó siúd: déanaigí dea-chrann agus dea-thoradh air, nó drochchrann agus drochthoradh air; mar aithnítear an crann ar a thoradh. 34A áil na nathracha nimhe! Conas a fhéadann sibh dea-rud a rá, nuair is olc sibh? Mar is as flúirse an chroí a labhraíos an béal. 35Tugann an dea-dhuine an dea-rud as an dea-stór a bhíos aige, agus tugann an drochdhuine an drochrud as a dhrochstórsan. 36Táim á insint daoibh, go gcaithfidh na daoine, lá an bhreithiúnais, míniú a thabhairt ar gach briathar éadrom dá sciurdann orthu; 37mar is as do bhriathra a thabharfar saorbhreith ort, agus is as do bhriathra a thabharfar daorbhreith ort.”
38Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.” 39Ach is é an freagra a thug sé orthu, “Bíonn an ghlúin seo an oilc agus an adhaltranais ag iarraidh comhartha; ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha an fháidh Ióna. 40Ó mar a bhí Ióna trí lá agus trí oiche i mbolg an mhíl mhóir, is amhlaidh a bheidh Mac an duine trí lá agus trí oiche i gcroí-lár an talaimh. 41Éireoidh fir Ninebhe nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh siad í; mar rinne siadsan aithrí le seanmóireacht Ióna, agus is mó ná Ióna an neach atá i láthair agaibh anseo. 42Éireoidh banríon an domhain theas nuair a chuirfear breithiúnas ar an nglúin seo agus daorfaidh sí í; mar tháinig sí ón gceann ab fhaide den talamh a éisteacht le heagnaíocht Sholaimh, agus is mó ná Solamh an neach atá agaibh i láthair anseo.
43“Nuair a bhíonn an sprid neamhghlan imithe as duine, siúlann sí na háiteanna gan uisce ag iarraidh suaimhnis, ach ní bhíonn an suaimhneas le fáil aici. 44Is é a deir sí ansin, ‘Fillfidh mé ar mo theachsa ar tháinig mé amach as.’ Agus nuair a thagann sí, faigheann sí é agus é folamh, scuabtha, slachtmhar. 45Imíonn sí léi ansin go nglacann chuici mór-sheisear sprid is measa arís ná í féin, agus téann siad isteach go ndéanann siad cónaí ann; agus is measaide críoch dheireanach an duine úd ná a thús. Is amhlaidh a bheidh leis an nglúin seo an oilc.”
46Nuair a bhí sé go fóill ag rá na cainte sin leis na daoine, bʼshiúd a mháthair agus a dheartháireacha ina seasamh taobh amuigh, agus iad ag iarraidh dul chun cainte leis#12:46 Cuireann sean-údaráis eile 47 isteach, Dúirt duine éigin leis, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha ina seasamh amuigh, ag iarraidh labhairt leat.” . 48Ach ar seisean leis an té a dʼinis dó é, “Cé hí mo mháthair, agus cé hiad mo dheartháireacha?” 49Agus shín sé a lámh amach uaidh i dtreo a dheisceabal, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha! 50Mar cibé duine a bhíos ag déanamh toil mʼAthar atá ar neamh, is deartháir, agus is deirfiúr, agus is máthair dom an duine sin.”

المحددات الحالية:

Matha 12: OC1970

تمييز النص

شارك

نسخ

None

هل تريد حفظ أبرز أعمالك على جميع أجهزتك؟ قم بالتسجيل أو تسجيل الدخول