Maitiú 6:16-18

Maitiú 6:16-18 POL

Agus nuair a bheidh sibh ag déanamh trosgaidh ná bídhidh gruamdha ar nós na bhfeallairí; óir doirchighid siad a gceannacha, i dtreó go samhlóchadh na daoine iad a bheith ag déanamh trosgaidh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu. Ach tusa, nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t’aghaidh, I dtreó ná feicfid daoine thú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go bhfeicfidh t’Athair thu, atá fé cheilt; agus tabharfaidh t’Athair, a chíonn fé cheilt, do thuarasdal duit.

Funda Maitiú 6

Video for Maitiú 6:16-18