1
Eoin 3:16
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Óir ghrádhuigh Dia an domhan cómh mór sin, go dtug sé a Aoin-ghein Mhic; chun nach gcailltí aoinneach dá gcreidfeadh ann, acht go mbéadh beatha shíorraidhe aige.
Qhathanisa
Hlola Eoin 3:16
2
Eoin 3:17
Óir níor chuir Dia a Mhac ar an domhan, le breitheamhnas a thabhairt ar an domhan, acht chun go slánuightí an domhan tríd.
Hlola Eoin 3:17
3
Eoin 3:3
D’fhreagair Íosa, agus dubhairt leis: Amén, amén, adeirim leat, muna ngeintear duine athuair, ní féidir dó ríoghacht Dé d’fheiceáil.
Hlola Eoin 3:3
4
Eoin 3:18
An té a chreideas ann, ní thabhartar breitheamhnas air: acht an thé nach gcreideann, tá breitheamhnas tugtha air cheana féin: de bhrígh nach gcreideann sé i n-ainm Mhic Dé, an t-Aoin-ghein.
Hlola Eoin 3:18
5
Eoin 3:19
Agus seo é an breitheamhnas: de bhrígh go dtáinic an solus ar an tsaoghal, agus gur mhó a ghrádhuigh na daoine an dorchadas ná an solus: óir bhí a ngníomhartha olc.
Hlola Eoin 3:19
6
Eoin 3:30
Is dual dó-san méadughadh, acht damh-sa laghdughadh.
Hlola Eoin 3:30
7
Eoin 3:20
Óir gach aoinneach dá ndéan an t-olc, bíonn fuath aige ar an tsolus, agus ní thig sé chun an tsoluis, ar eagla go gcáintí a ghníomhartha.
Hlola Eoin 3:20
8
Eoin 3:36
An té a chreideas san Mhac, tá beatha shíorraidhe aige: acht an té nach gcreideann an Mac, ní fheicfidh sé beatha, acht cómhnuigheann fearg Dé air.
Hlola Eoin 3:36
9
Eoin 3:14
Agus mar a d’arduigh Maoise an nathair nimhe san fhásach, is mar sin is éigean Mac an Duine d’árdughadh
Hlola Eoin 3:14
10
Eoin 3:35
Tá grádh ag an Athair do’n Mhac, agus thug sé na h-uile neithe ina láimh dó.
Hlola Eoin 3:35
Ikhaya
IBhayibheli
Amapulani
Amavidiyo