Genesis 2
2
Caibidil II.
An seaċdṁaḋ lá ar ná naoṁuġaḋ. 21 An pósaḋ ar na ordúġaḋ.
1Mar sin do ċríoċnuiġeaḋ na neaṁḋa águs an talaṁ, agus a sluáġ uile. 2Agus annsa seaċdṁaḋ lá do ċríoċnuiġ Día a obair noċ do rinne sé; agus dó ċoṁnuiġ sé ar an seaċdṁaḋ lá ó na obair uile noċ do rinne sé. 3Agus do ḃeannaiḋ Día an seaċdṁaḋ lá, agus do náoṁuiġ é, do ḃríġ gurab ann do sguir sé dá uile obair noċ do ċrúṫaiḋ Día agus do rinne sé. 4A síad so geinealaiġ na neaṁḋa agus na talṁan a nuáir do cruṫaiġeaḋ íad, annsa ló ann ar ċruṫaiḋ an TIĠEARNA Día an talaṁ agus na neaṁḋa. 5Agus gaċ plannda don ṁaċaire suil do ḃí sé annsá talaṁ, agus gaċ uile luiḃ don ṁaċaire suil do ḟás sé: óir ní ṫug an TIĠEARNA Día fearṫuinn ar an ttalaṁ, agus ní raiḃ duine do ṡáoiṫreóċaḋ an talaṁ. 6Aċ do ċuáiḋ ceó súas ón dtalaṁ, agus do ḟliuċ aġaiḋ na talṁan uile. 7Agus do ċum an TIĠEARNA Día an duine do luáiṫreaḋ na talṁan, agus do ṡéid ann a ṗoill-sróna anál na beaṫa, agus táinig an duine ċum ḃeiṫ na anam beó. 8Agus do ṗlannduiġ an TIĠEARNA Día garḋaḋ táoḃ ṡoir ann Eden; agus do ċuir sé an duine do ċum sé ann sin. 9Agus as an ttalaṁ do ṫug an TIĠEARNA Día ar gaċ uile ċrann fás noċ is taitneaṁaċ don tsúil agus is maiṫ ċum bíḋ; crann na beaṫa mar an ccéudna a lár an ġáirdín, agus crann feasa maiṫeasa agus uilc. 10Agus do ċuáiḋ aḃann amaċ as Eden do ḟliuċhaḋ an ġáirdín agus do roinneaḋ as sin í, agus tainig ná cceiṫre ċeannuiḃ. 11Ainm an ċead Pison, a sí sin ṫig timċioll ṫíre Haḃila uile, áit a bfuil ór, 12Agus is maiṫ ór na tíre sin; atá an bdellium, agus an ċloċ ónix. 13Agus an dara haḃann Gihon: isí sin ṫimċiollus tír na Hétiópia uile. 14Agus ainm an treas aḃann Hidecel: a sí sin ṫeid a táoiḃ ṡoir don Asiria. Agus an ceaṫraṁaḋ aḃann Euṗrátes. 15Agus do ġlac an TIĠEARNA Día an duine, agus do ċuir a ngáirdín Eden é, dá ḋeasúġaḋ agus dá ċuṁdaċ. 16Agus do aiṫin an TIĠEARNA Día don duine, ag ráḋ. Do ṫoraḋ gaċ uile ċrainn annsa ġairdin féaduiġ tu diṫċe go sáor: 17Aċ do ċrann feasa maiṫeasa agus uilc, ní íosaiḋ tú ḋe sin: óir ánnsa ló a níosa tú ḋe éugfa tú go deiṁin. 18Agus do ráiḋ an TIĠEARNA Día, Ní maiṫ an duine ḃeiṫ na áonar: do ḋéuna mé cunġnaṁ ḋó ḃías iomċúḃaiḋ ḋó. 19Agus as a ttalaṁ do ċum an TIĠEARNA Día a nuile ḃeiṫeaċ an ṁaċaire, agus gaċ uile éun an aéir; agus tug leis ċum Aḋaiṁ íad dá ḟéuċuin cread do ġoirfeaḋ sé ḋíoḃ; agus giḋ bé do ġoir Aḋaṁ don uile ċréatúir beó, a sé sin dob ainm ḋó. 20Agus do ġoir Aḋaṁ anmanna don uile áirnéis, agus déunuiḃ an aiéir, agus do uile ḃeiṫeaċ an ṁaċaire; aċ do Aḋaṁ ní fríṫ cunġnaṁ iomċuḃuiḋ ḋó. 21Agus tug an TIĠEARNA Día codlaḋ trom do ṫuitim ar Aḋaṁ, agus do ċoduil sé: agus do ġlac sé áon dá asuaiḃ, agus do ḋruid sé an ḟeóil na áit sin; 22Agus an tasna, do ḃean an TIĠEARNA Día as an duine, do ċum sé bean de, agus tug sé ċum an duine í. 23Agus a duḃairt Aḋaṁ, A nois is cnáiṁ so dom ċnáṁuiḃse, agus feóil dom ḟeóil; goirfiġear bean di, do ċionn gurab as an ḃfear do ḃeanaḋ í. 24Uime sin fúigfiḋ an fear a aṫair, agus a ṁaṫair, agus ceangóluiḋ da ṁnáoi: agus béid na náoin ḟeóil. 25Agus do ḃádar aráon lomnoċd, an fear agus an ḃean, agus ni raiḃ náire orra.
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.