1
Matha 2:11
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Agus do ċuadar isteaċ sa tiġ, agus fuaradar an leanḃ i ḃfoċair a ṁátar Muire, agus do ṡléaċtadar dó, agus d’aḋradar é, agus ag foscailt a dtaisce ḋóiḃ, ṫugadar bronntanais dó: ór, agus túis, agus mirr.
Jämför
Utforska Matha 2:11
2
Matha 2:1-2
Agus nuair rugaḋ Íosa i mBeiṫil Iúdaea, i laeṫiḃ an ríoġ Ioruaṫ, ṫáinig draoiṫe ó’n doṁan ṫoir go h‐Iarúsalem, agus aduḃradar, Cá ḃfuil an rí seo na nIúdaċ atá beirṫe? óir do ċonnacamar a réalta sa doṁan ṫoir agus ṫángamar d’á aḋraḋ.
Utforska Matha 2:1-2
3
Matha 2:10
Nuair do ċonnacadar an réalta ṫáinig luṫġáir ṁór orta.
Utforska Matha 2:10
4
Matha 2:12-13
Annsin tugaḋ foráileaṁ i n‐aisling dóiḃ gan filleaḋ ar Ioruaṫ, agus do ċuadar bóṫar eile ar ais ċum a dtíre féin. Nuair do ḃíodar imṫiġṫe, do taiḋḃriġeaḋ aingeal an Tiġearna i n‐aisling do Ṡeosaṁ, agus aduḃairt sé, Éiriġ, tóg leat an leanḃ agus a ṁáṫair agus éaluiġ do’n Éigipt, agus fan annsin go laḃrad leat; óir béiḋ Ioruaṫ ar lorg an leinḃ ċum a ṁillte.
Utforska Matha 2:12-13
YouVersion använder cookies för att anpassa din upplevelse. Genom att använda vår webbplats accepterar du vår användning av cookies enligt beskrivningen i vår Integritetspolicy
Hem
Bibeln
Läsplaner
Videor