1
Lúcás 6:38
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
maiṫiḋ, agus maiṫfear daoiḃ: taḃraiḋ uaiḃ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ; tóṁas lán, dingṫe, croiṫte, ag cur ṫar maol, is eaḋ ṫiuḃras siad daoiḃ ’n‐ḃúr n‐uċt. Óir an tóṁas le n‐a dtóṁaiseann siḃ, is leis tóṁaisfear ar ais ċugaiḃ.
Yenzanisa
Ongorora {{vhesi}}
2
Lúcás 6:45
Do‐ḃeir an deaġ‐ḋuine an deaġ‐niḋ amaċ as deaġ‐stór a ċroiḋe; agus do‐ḃeir an droċ‐ḋuine an droċ‐niḋ amaċ as droċ‐stór a ċroiḋe: óir as líonṁaireaċt an ċroiḋe is eaḋ laḃras a ḃéal.
3
Lúcás 6:35
Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.
4
Lúcás 6:36
Biḋiḋ trócaireaċ, d’á ḃriġ sin, fá mar atá ḃúr nAṫair trócaireaċ.
5
Lúcás 6:37
Agus ná beiriḋ breiṫ, agus ní béarfar breiṫ oraiḃ: agus ná daoraiḋ, agus ní daorfar siḃ
6
Lúcás 6:27-28
Aċt adeirim liḃ‐se atá ag éisteaċt liom, Taḃraiḋ gráḋ do ḃúr náiṁdiḃ, déanaiḋ maiṫ ḋóiḃ‐sean do‐ḃeir fuaṫ ḋaoiḃ. Taḃraiḋ beannaċt dóiḃ‐sean do‐ḃeir mallaċt daoiḃ, déanaiḋ guiḋe orṫa‐san do‐ġní tromaiḋeaċt oraiḃ.
7
Lúcás 6:31
Agus fá mar ba ṁaiṫ liḃ do‐ġéanaḋ daoine ḋaoiḃ, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean.
8
Lúcás 6:29-30
An té ḃuaileas ṫú ar leacain leat, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis; agus an té ḃaineas do ḃrat díot ná h‐eitiġ do ċasóg air, ċóṁ maiṫ. Taḃair dó‐san iarras niḋ ort; agus an té ṫógas do ċuid uait, ná h‐éiliġ air arís é.
9
Lúcás 6:43
Óir ní ḟuil crann maiṫ do‐ḃeir droċ‐ṫoraḋ; ná droċ‐ċrann do‐ḃeir toraḋ maiṫ.
10
Lúcás 6:44
Óir as a ṫoraḋ is eaḋ aiṫeantar gaċ crann. Óir ní bailiġtear figí de ḋeilgniġ, ná ní bailiġtear caora fíneaṁna de ḋriseoig.
Pekutangira
Bhaibheri
Zvirongwa
Mavideo