1
Eoin 3:16
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.
Yenzanisa
Ongorora {{vhesi}}
2
Eoin 3:17
Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd.
3
Eoin 3:3
D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin.
4
Eoin 3:18
An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé.
5
Eoin 3:19
Agus is í seo an ḃreiṫ, go dtáinig an solas ar an saoġal, agus gurḃ annsa leis na daoiniḃ an dorċaċt ’ná an solas; toisc a ngníoṁarṫa ḃeiṫ go h‐olc.
6
Eoin 3:30
Caiṫfiḋ seisean dul i dtreise aċt caiṫfiḋ mise dul i laiġead.
7
Eoin 3:20
Óir gaċ duine ċleaċtas an t‐olc bíonn fuaṫ aige do’n tsolas, agus ní ṫig sé ċum an tsolais, ar eagla go noċtfaiḋe a ġníoṁarṫa.
8
Eoin 3:36
An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.
9
Eoin 3:14
Agus fá mar árduiġ Maois an naṫair niṁe sa ḃfásaċ, caiṫfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma ċéadna
10
Eoin 3:35
Gráḋuiġeann an t‐Aṫair an Mac, agus atá gaċ uile niḋ taḃarṫa aige ḋó ’n‐a láiṁ.
Pekutangira
Bhaibheri
Zvirongwa
Mavideo