Agus nuair a ghní sibh troscadh, ná bígidh gruamdha ar nós na mbréagchráibhtheach: óir dorchuigheann siad-san a n-aighthe, chun go mba léir do dhaoine iad a bheith ag déanamh troscaidh. Amén adeirim libh, go bhfuil a luach saothair fáighte acu.
Acht nuair a ghní tusa troscadh, cuir ola ar do chionn, agus nigh d’aghaidh:
Chun nach bhfeicthear do dhaoine, acht do d’Athair atá i bhfolach, thú a bheith ag déanamh troscaidh; agus d’Athair, atchí a bhfuil i bhfolach, cúiteochaidh sé leat é.