1
Matha 9:37-38
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Annsin adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach, is mór é an fóghmhar, acht is gann iad na h‐oibridhthe. Guidhidh, d’á bhrigh sin, Tighearna an fhóghmhair, go gcuirfidh sé amach oibridhthe chum an fhóghmhair do bhaint dó.
සසඳන්න
Matha 9:37-38 ගවේෂණය කරන්න
2
Matha 9:13
Acht imthighidh agus foghlamaidh brigh na cainste sin. Trócaire is áil liom, agus ní h‐íodhbairt: óir ní chum na bhfíréan do ghlaodhach tháinig mé, acht chum na bpeacach do ghlaodhach.
Matha 9:13 ගවේෂණය කරන්න
3
Matha 9:36
Acht nuair do chonnaic sé na sluaighte, do ghabh truagh an‐mhór dóibh é, toisc go rabhadar traochta, scaipthe amhail caoirigh gan aodhaire.
Matha 9:36 ගවේෂණය කරන්න
4
Matha 9:12
Acht nuair do‐chuala seisean é, adubhairt sé, Ní h‐iad‐san atá slán ag a bhfuil gábhadh le liaigh, acht iad atá breoite.
Matha 9:12 ගවේෂණය කරන්න
5
Matha 9:35
Agus do ghluais Íosa thart timcheall ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh beaga, ag teagasc ’n‐a sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas gach uile shóirt galair agus breoiteachta.
Matha 9:35 ගවේෂණය කරන්න
නිවස
බයිබලය
සැලසුම්
වීඩියෝ