Logótipo YouVersion
Ícone de pesquisa

Gníomhartha 9:17-18

Gníomhartha 9:17-18 ABN2012

Dʼimigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, dá rá: “A Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé–an tÍosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo–chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.” Agus de phreab thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é.