Sin é an fáth ar thug Dia suas do phaisin mhínáireacha iad; mhalartaigh a gcuid ban an taithí nádúrtha ar thaithí mhínádúrtha; agus mar an gcéanna do na fir: thréig siad taithí nádúrtha ban agus las siad le dúil ina chéile, sa tslí go mbíodh fir ag cleachtadh míghnímh le fir agus ag fáil dóibh féin an chúitimh a bhí tuillte ag a gcuid seachráin. Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n-aithne, dʼfhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí