1
Matha 10:16
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.
နှိုင်းယှဉ်
Matha 10:16ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
2
Matha 10:39
Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.
Matha 10:39ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
3
Matha 10:28
Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ na daoiniḃ ṁarḃas an corp, agus naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ an t‐anam do ṁarḃaḋ: aċ bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do ḃascaḋ i n‐ifreann.
Matha 10:28ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
4
Matha 10:38
Agus an té naċ dtógann a ċros agus naċ leanann im’ ḋiaiḋ‐se, ní fiú liom é.
Matha 10:38ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
5
Matha 10:32-33
D’á ḃriġ sin, gaċ duine adṁóċas mise i láṫair na ndaoine, adṁóċad‐sa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ. Aċt an té ṡéanfas mé i láṫair na ndaoine, séanfadsa eisean i láṫair m’Aṫar atá ar neaṁ.
Matha 10:32-33ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
6
Matha 10:8
Leiġeasaiḋ na h‐easláin, dúisiġiḋ na mairḃ, glanaiḋ na loḃair, caiṫiḋ amaċ na deaṁain: i n‐aisce do fuaraḃar, taḃraiḋ uaiḃ i n‐aisce.
Matha 10:8ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
7
Matha 10:31
Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃriġ sin; is mó le ráḋ siḃ‐se go mór ’ná mórán gealḃan.
Matha 10:31ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
8
Matha 10:34
Ná measaiḋ gur ċum síoṫċáin do ċur ar an dtalaṁ ṫánag‐sa: ní ċum síoṫċáin do ċur ṫánag, aċt ċum claiḋeaṁ do ċur ann.
Matha 10:34ရှာဖွေလေ့လာလိုက်ပါ။
ပင်မစာမျက်နှာ
ကျမ်းစာ
အစီအစဉ်
ဗီဒီယို