Agus do ṫóg Íosa na bollóga; agus iar mbreiṫ buiḋeaċais dó, do roinn sé iad orṫa‐san do ḃí ’n‐a suiḋe; agus na h‐iasca, ċóṁ maiṫ, an oiread díoḃ do ṫeastuiġ uaṫa. Agus nuair fuaradar a sáiṫ, aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Bailiġiḋ an sprúilleaċ atá fágṫa, ċum naċ raċaiḋ éinniḋ amuġa.