1
Maitiú 7:7
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Iarraigiḋ, agus ḃéarfar díḃ; cuartuiġigiḋ, agus ġeoḃaiḋ siḃ; buailigiḋ, agus fosclóċar díḃ.
Palyginti
Naršyti Maitiú 7:7
2
Maitiú 7:8
Óir glacann gaċ aoinneaċ a iarras, ġeiḃ an té a ċuartuiġeas, agus ḟosclóċar do’n te a ḃuaileas.
Naršyti Maitiú 7:8
3
Maitiú 7:24
Ar an aḋḃar sin, gaċ duine a ċluineas na briaṫra seo agam-sa, agus a ġní dá réir, saṁlóċar é le fear críonna a ṫóg a ṫeaċ ar ċarraig.
Naršyti Maitiú 7:24
4
Maitiú 7:12
Gaċ uile níḋ, ar an aḋḃar sin, dár ṁaiṫ liḃ go ndéanfaḋ daoine díḃ, déanaigiḋ dóḃṫa-san é: óir is é seo an dliġe agus na fáiḋe.
Naršyti Maitiú 7:12
5
Maitiú 7:14
Naċ cuṁang an geafta, agus naċ caol an bóṫar, a ṫreoruiġeas ċun na beaṫa; agus is beag a ċuireas eolas air.
Naršyti Maitiú 7:14
6
Maitiú 7:13
Téiġigiḋ isteaċ ar an ġeafta ċuṁang, óir is fairsing an geafta, agus is leaṫan an bóṫar a ṫreoruiġeas ċun na h-aiṁleasa; agus dá mórán a ṫéid isteaċ air.
Naršyti Maitiú 7:13
7
Maitiú 7:11
Dá ḃríġ sin, má tá tuigse agaiḃ-se, atá olc, taḃartaisí maiṫe a ṫaḃairt do ḃur gcloinn: naċ mó go mór a ḃéarfas ḃur n-Aṫair, atá ar neaṁ, neiṫe maiṫe dóḃṫa sin a iarras air?
Naršyti Maitiú 7:11
8
Maitiú 7:1-2
Ná taḃairigiḋ breiṫ, ċun naċ dtaḃarṫar breiṫ oraiḃ. Óir is do réir na breiṫe a ṫug siḃ, a ḃéarfar breiṫ oraiḃ: agus is leis an ṁiosúr le n-ar ṫóṁais siḃ, a ṫóṁaisfear ṫar ais díḃ.
Naršyti Maitiú 7:1-2
9
Maitiú 7:26
Agus gaċ duine a ċluineas na briaṫra seo agam-sa, agus naċ ndéan dá réir, béiḋ sé cosaṁail le fear amaideaċ a ṫóg a ṫeaċ ar an ġainiṁ.
Naršyti Maitiú 7:26
10
Maitiú 7:3-4
Agus cad ċuige a ḃfeiceann tú an scealbóg i súil do ḋear-ḃráṫar, agus naċ dtaḃrann tú fá dear an tsail i do ṡúil ḟéin? Nó cad é mar ṫig leat ráḋ le do ḋearḃráṫair: leig daṁ an scealbóg a ḃaint as do ṡúil; agus féaċ, an tsail i do ṡúil ḟéin?
Naršyti Maitiú 7:3-4
11
Maitiú 7:15-16
Seaċnaigiḋ na ḟáiḋe bréige, a ṫig ċugaiḃ i gcúlaiṫ ċaoraċ, aċt ar maca tíre crosaċa iad ar an taoiḃ istiġ. As a dtorṫa a ċuirfeas siḃ aiṫne orṫa. An gcruinniġeann daoine caora fíneaṁna de ḋreasógaí, nó fígí de ḟoṫannáin?
Naršyti Maitiú 7:15-16
12
Maitiú 7:17
Mar sin, ḃeir gaċ crann maiṫ toraḋ maiṫ uaiḋ, aċt ḃeir an droċ-ċrann droċ-ṫoraḋ uaiḋ.
Naršyti Maitiú 7:17
13
Maitiú 7:18
Ní ṫig le crann maiṫ droċ-ṫoraḋ a ṫaḃairt, agus ní ṫig le droċ-ċrann toraḋ maiṫ a ṫaḃairt.
Naršyti Maitiú 7:18
14
Maitiú 7:19
Gaċ crann naċ dtugann toraḋ maiṫ, gearrfar anuas é, agus caiṫfear san teiniḋ é.
Naršyti Maitiú 7:19
Pradžia
Biblija
Planai
Vaizdo įrašai