1
Eoin 4:24
An Bíobla Naofa 1981
Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”
Compare
Explore Eoin 4:24
2
Eoin 4:23
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
Explore Eoin 4:23
3
Eoin 4:14
Ach má olann aon duine an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t‑uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.”
Explore Eoin 4:14
4
Eoin 4:10
D'fhreagair Íosa: “Dá mba eol duit tabhartas Dé,” ar sé léi, “agus cé hé a deir leat: ‘Tabhair dom deoch,’ is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.”
Explore Eoin 4:10
5
Eoin 4:34
Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
Explore Eoin 4:34
6
Eoin 4:11
“Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,” arsa an bhean leis, “agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t‑uisce beo seo?
Explore Eoin 4:11
7
Eoin 4:25-26
Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.” Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”
Explore Eoin 4:25-26
8
Eoin 4:29
“Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”
Explore Eoin 4:29
ಮುಖಪುಟ
ಬೈಬಲ್
ಯೋಜನೆಗಳು
ವೀಡಿಯೊಗಳು