1
Eoin 14:27
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Fágaim síothcháin agaibh; do‐bheirim mo shíothcháin daoibh: ní mar do‐bheir an saoghal, do‐bheirim‐se dhaoibh. Ná bíodh buaidhirt ar bhúr gcroidhe, ná eagla air.
ತಾಳೆಮಾಡಿ
Eoin 14:27 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
2
Eoin 14:6
Adubhairt Íosa leis, Is mise an tslighe, agus an fhírinne, agus an bheatha: ní thig aoinneach chum an Athar acht amháin tríom‐sa.
Eoin 14:6 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
3
Eoin 14:1
Ná bíodh buaidhirt croidhe oraibh; creididh i nDia, creididh ionnam‐sa mar an gcéadna.
Eoin 14:1 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
4
Eoin 14:26
Acht an Sólásaidhe, an Spiorad Naomh, chuirfeas an t‐Athair uaidh im’ ainm‐se, múinfidh seisean gach uile nidh dhaoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne dhaoibh gach a ndubhras libh.
Eoin 14:26 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
5
Eoin 14:21
An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó.
Eoin 14:21 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
6
Eoin 14:16-17
Agus cuirfead‐sa athchuinghe ar an Athair, agus do‐bhéarfaidh sé Sólásaidhe eile dhaoibh chum bheith ’n‐bhúr bhfochair go deoidh, Spiorad na fírinne: nach bhféadann an saoghal a ghlacadh; óir ní fheiceann ná ní aithnigheann sé é: aithnigheann sibh‐se é; óir fanann sé agaibh, agus béidh se ionnaibh.
Eoin 14:16-17 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
7
Eoin 14:13-14
Agus cibé nidh iarrfas sibh im’ ainm‐se, déanfad é, chum go nglóireochar an t‐Athair san Mac. Má iarrann sibh nidh ar bith im’ ainm‐se, déanfad é.
Eoin 14:13-14 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
8
Eoin 14:15
Má tá grádh agaibh dom, coimhéadfaidh sibh m’aitheanta.
Eoin 14:15 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
9
Eoin 14:2
Is iomdha árus i dteaghlach m’Athar; muna mar sin do bhí, adéarfainn libh é; óir atáim ag dul le áit do chur i n‐áirithe dhaoibh.
Eoin 14:2 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
10
Eoin 14:3
Agus má imthighim le áit do chur i n‐áirithe dhaoibh, fillfead agus glacfad chugam féin sibh; chum go mbéidh sibh‐se mar a mbéidhead‐sa, leis.
Eoin 14:3 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
11
Eoin 14:5
Adubhairt Tomás leis, A Thighearna, ní h‐eol dúinn cá bhfuilir ag dul; cionnas atá eolas an bhealaigh againne?
Eoin 14:5 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
ಮುಖಪುಟ
ಬೈಬಲ್
ಯೋಜನೆಗಳು
ವೀಡಿಯೊಗಳು