1
Eóin 4:24
Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915, 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Spioraid iseadh Dia, agus an mhuintir a dh’adhrann é, is i spioraid agus i bhfírinne is ceart dóibh é dh’adhradh.
ತಾಳೆಮಾಡಿ
Eóin 4:24 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
2
Eóin 4:23
Ach tig an uair, agus is anois é, ’n-a ndéanfaid na h-adhar-thóirí fírinneacha an t-Athair a dh’adhradh i spioraid agus i bhfírinne.
Eóin 4:23 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
3
Eóin 4:14
Ach an t-uisge a thabharfad dó déanfaidh tobar uisge dhé istigh ann, ag fiaradh chun beatha síoruidhe.
Eóin 4:14 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
4
Eóin 4:10
D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: Dá mb’eól duit tabharthas Dé, agus cé h-é a deir leat, Tabhair dhom deoch, is dóigh gur tusa a dh’iarrfadh deoch air-sean, agus thabharfadh sé dhuit uisge beó.
Eóin 4:10 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
5
Eóin 4:34
Dubhairt Íosa leó: Isé is bia dhómh-sa go ndéanfainn toil an t-é a chuir uaidh mé, agus go gcuirfinn a ghnó chun cinn.
Eóin 4:34 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
6
Eóin 4:11
Dubhairt an bhean leis: A uasail, ní’l nídh agat chun an uisge thógaint aníos, agus tá an tobar doimhinn; cá bhfuil an t-uisge beó le fághail agat?
Eóin 4:11 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
7
Eóin 4:25-26
Dubhairt an bhean leis: Tá fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht, an t-é ar a dtugtar Críost; agus nuair a thiocfaidh sé sin neósfaidh sé gach aon rud dúinn. Dubhairt Íosa léi: Is mise é, atá ag caint leat.
Eóin 4:25-26 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
8
Eóin 4:29
Tagaidh go bhfeicfidh sibh fear a dh’innis dómh-sa gach nídh d’ár dheineas; an féidir gur b’é an Críost é?
Eóin 4:29 ಅನ್ವೇಷಿಸಿ
ಮುಖಪುಟ
ಬೈಬಲ್
ಯೋಜನೆಗಳು
ವೀಡಿಯೊಗಳು