Genesis 31

31
Caibidil XXXI.
Ghabh Iacob go siobhal. 9 Dinnis gurab Día tug eallach ó Lában, dhósan. 22 Lean Lában tóir air. 29 Ach gur Shéol Día reíteadh dhóibh.
1Agus do chúaluidh sé bríathra mhac Lában ag rádh, Rug Iácob leis an mhéid bá le ar nathair; agus is don ní bá le ar nathair fuáir sé ann ghlóirsi uile. 2Agus do chonnuirc Iácob gnúis Lábain, agus féuch ní raibh leis mar do bhí roimhe. 3Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Iácob, Fill go dúthuigh haithreadh, agus go nuige do chineadh; agus biáidh misi maille riot. 4Agus do chuir Iácob fios uadha, agus do ghoir Ráchel agus Léah fán machaire go nuige a thréud. 5Agus a dubhairt ríu, Chím gnúis bhur nathar, nach bhfuil sí leam mar do bhí roimhe; ach do bhí Día máthar leam. 6Agus atá fhios aguibhsi go ndéarna mé serbhís do bhur nathair rém uile chumhachda. 7Agus dó mheall bhur nathair me, agus do mhalairt mo thúarusdal deich nuáire: ach níor leíg Día dhó dochar do dhéanamh dhamh. 8Ma dubhairt sé mar so, Biaidh a náirnéis bhallach na thuarusdal agad; ánn sinn do bhí a náirneis uile ballach: agus má dubhairt sé mar so, Budh híad a nairnéis shíogach do thúarusdal; ann sin do bhí a rugadur a náirnéis uile síogach. 9Mar so rug Día áirnéis bhur nathar nadh, agus tug dhamhsa iad. 10Agus tárla a nuáir do reitheadh a náirnéis, gur thóg misi mo shuile súas, agus do chonairc me an aisling, agus feuch, na reithean do bhi ag léim ar a nairneis go rabhadur síogach, ballach, measctha. 11Agus do labhair aingeal Dé rium a naisling dá rádh, A Iácob; agus do raidh misi, Atáim annso. 12Agus a dubhairt seision, Tóg a nois súas do shuile, agus feuch, na reithe lingios súas ar a náirneis átaid uile síogach, ballach, measctha: óir do chonnairc misi gach a ndéarna Lában ort. 13As misi Día Bhétel, áit ar ungaidh tusa an piléir, agus mar ar mhóidigh tú móid dhamhsa: a nois éirigh, fág an dúthaidhse amach, agus fill go tír do gháoil. 14Agus do fhreagair Ráchel agus Léah, agus a dubhradur ris, An bhfuil fós roinn ar bith nó oighreachd ar ccomhairne a ttigh ar nathar? 15A né nach meas coigcrích atá aige oruinn? óir do reac sé sinn, agus do anchaith sé mar an gcéadna ar nairgead uile. 16Oír a nuile shaidhbhrios rug Día ó ar nathair, a sé sin ar ccuidne, agus cuid ar ccloinne: a nois uime sin giodh bé a dubhairt Día riotsa, déana é. 17Ann sin do éirigh Iácob súas, agus do chuir a mhic agus a mhná ar chámhalluibh. 18Agus rug leis a áirnéis, agus a mhaóin uile, noch fuáir se, áirnéis a ghnodhuidh, noch fuair sé a Bpádan-Aram, chum imtheachd go Hísaac a athair a ttír Cánaain. 19Agus do chuáidh Lában á lomadh a cháorach: agus do ghoid Ráchel na híomháighe bá lé na hathair. 20Agus do éulóigh Iácob roimhe gan fhios do Lában an Sírianach, ó nár innis dó gur theith sé. 21Mar sin do theith sé leis á nuile ní do bhi aige, agus do éirigh, agus do chuáidh tar a nabhuin, agus tug a aghuidh fa thuairim shliabh Gílead. 22Agus do hinnseadh do Lában an treas lá gur theith Iacob. 23Agus do thóg a dhéarbhráithre leis, agus do lean é aistior sheachd la; agus rugadur air ar shliabh Gílead. 24Agus táinic Día go Lában an Sírianach a naisling sa noidhche, agus a dubhairt ris, Tabhair dod aire nach laibhéora tú ré Iácob go maith no go saith. 25Ann sin rug Lában ar Iácob. A nois do shuighidh Iácob a phubuil ar a tslíabh: agus do shuighidh Lában gun a dhearbhráithribh air slíabh Gílead. 26Agus a dubháirt Lában ré Iácob, Créad do rinne tú, far énlóigh tú gan fhios damhsa, agus fa rug tú mingheana leachd mar bhraighdibh do géubhtháoi le choidheamh? 27Cread fár theith tú uáim go foluigheach, agus far éulóigh tú uáim, agus nar innis tú dhamh go ccuirinn ar siubhal uáim thú maille re sólás, agus lé cantaireachd, le tabuirín, agus le cláirsigh? 28Agus nár fhuiling tú dhamh mingheana, agus mo mhic do phógadh? a nois as leamh do rinne tú súd. 29Atá a gcumhachd mo láimhesi dochar do dhéanamh dhuit, ach do labhair Día hathar riom a réir, ag rádh, Tabhair dod aire nach laibhéora tú re Iácob go maith ná go saith. 30Agus a nois máta nach géubhthá gan imtheachd do chionn go raibh fonn mór ort a ndiáigh tighe hathar, thairis sin, créad fár ghoid tú mo dhee? 31Agus do fhreagair Iácob, agus dubhairt sé ré Lában, Do chionn go raibh éagla orum, agus go ndubhairt mé, Go mféidir go mbeanfá hingheana air éigin díom. 32Gidh bé ar bith gá bhfuighe tú do dhee, nar ab beó é: féuch a lathair air ndearbhráithreach má tá éinní agumsa dod chuid, agus beir chugad féin é: óir níor eidir Iacob gur ghoid Ráchel íad. 33Agus do chuaidh Lában go pubuil Iácob agus go pubuil Léah, agus go puiblibh an dá chumhal; ach ní bhfuáir sé íad aca. Ann sin do chuáidh sé as pubuil Léah, agus do chuáidh a steach a bpubuil Ráchel. 34A nois do ghabh Ráchel na híomhaighe, agus do chuir a nughaim na ccamhull íad, agus do shuigh orra: agus do spíon Laban an pubuil eile, ach ní bhfuáir sé íad. 35Agus a dubhairt sisi ré na hathair, Na cuireadh fearg ar mó thighearna nach bhféaduimse éirge súas romhad; óir atá gnath na mban orum: agus do spíon Lában an pubuil, agus ní bhfuáir na híomháighe. 36Agus do bhí fearg ar Iácob, agus do cháin Lában: agus do fhreagair Iácob, agus a dubhairt sé ré Lában Cread é maindligheadh, cread í mo choir, as ar lean tú choimhghéarso mé? 37A náit ar spíon tú mo thruscán uile, créud fuáir tú dod áirnéis tighe agam? cuir annso as coinne mo dhearbráithreach agus do dhearbhráithreachsa é, go mbeirid breath eadruinn aráon. 38A nfichid blíadhanso atáím ag foghnamh dhuit, níor theilgeadar do cháoirigh a nuáin, ná do ghabhair bhinionna a mionnáin, agus ní duáigh mé reithe do thréuda. 39An mhéid do mharbhadar na beathuigh, ní thug mé chugadsa é, is orum féin do bhí a dhul a mugha: as mo láimhsi do íarr tusa é, má gadadh sa ló, nó má ghadadh sa noidhche é. 40Mar so do bhí mé; san ló do sheargadh an tiormach mé, agus an sioc sa noidhche; agus do dhealuigh codladh rém shuilibh. 41Mar so do bhí mé fithche blíadhan ann do thigh: do fhoghuín mé dhuit ceithre bliadhna déag ar son do dhías inghean, agus sé bhíadhna ar son tháirnéisi: agus do áthruigh tú mo thúarasdal deich nuáire. 42Muna bheith Día máthar, Día Abraham, agus eagla Isaac leam, go deimhin do churfeá ar siubhal a nois mé folamh: do chonnairc Día mo leathtrom agus sáothar mo lámh, agus tug aithfear dhuitsi a réir. 43Agus do fhreagair Lában agus a dubhairt ré Iacob, A síad na hingheanaso mingheanasa, agus an chlannso mo chlannsa, agus a náirnéisse a síad máirnéisse íad, agus a bhfaicionn tú uile as liomsa íad; agus cread fhéaduim mingheana féin, nó ré na ccloinn do rugadar? 44Ar a nadhbharsin, tárrsa a nois déunam cunnradh, misi agus tusa; agus bíodh sé mar fhíaghuin eadrum agus tú. 45Agus do thóg Iacob cloch, agus do chuir na seasamh í mar phileir. 46Agus a dubhairt Iacob ré na dhearbhráithribh, Cruinnighidh clocha; agus do chruinnigheadar clocha, agus do rinneadar leachda: agus a dúadar bíadh ann sin ar an leachda. 47Agus do ghoir Lában dainm dhe Iégar-Sahaduta: ach do goir Iacob Gáleed de. 48Agus a dubhairt Lában, Is fiadhnuisi an leachdaso éadrum agus tú a niugh: agus uime sin do goireadh Gáleeed dainm dhe; 49Agus Mispah: óir a dubhairt sé, Déunadh an TIGHEARNA faire eadrum agus tú, a nuáir bhéam gan bheith a láithair a chéile. 50Má ní tú leatrom ar mingheanuibh, nó má bheir tú mná eile leith amuigh dom ingheanuibh, ní bhfuil áonduine ar bhfochair: féuch, atá Día dfhíaghuin eadruinn. 51Agus a dubhairt Lában ré Iácob, Féuch an leachdasa, agus féuch an piléir noch do thog mé eadrum agus tú. 52Bíodh an leachdasa dfíaghuin, agus bíodh an piléirsé dfíaghuin, nách racha misi tar an leachdasa chugadsa, agus nach dtiocfa tusa tar an leachdasa chugamsa, agus tar an bpiléirse, do dhéunamh dochair. 53Déunadh Día Abraham, agus Día Nahor, Día a naithreach breitheamhnus eadruinn: agus do mhionnuigh Iacob fá eagla a athar Isaac. 54Ann sin do rinne Iácob íodhbuirt ar a tslíabh, agus do ghoir a dhearbhráithre dithe aráin: agus a duadar arán, agus do fhanadar feadh na hoidhche san tslíabh. 55Agus go moch ar maidin do éirigh Lában súas agus do phóg sé a mhic agus a ingheana, agus do bheannuigh sé íad: agus do dhealuigh Lában riú, agus do fhill chum a áite féin.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Genesis 31: Bedell

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល