Genesis 29

29
Caibidil XXIX.
Dfhoghain Iácob do Lában arson Rachel. 23 Tug sé Léah dhó na hionad. 28 Phós sé Ráchel arís. 31 Ach dfan fós aímrid.
1Ann sin do ghluáis Iacob ann a thurus, agus táinic go tír na ndaoine don taoibh shoir. 2Agus damhairc sé, agus féuch tobar san mhachaire, agus ar cheana, trí tréoid cháorach na luighe aige: óir is as an ttobar sin do bheirdís uisge dá ttréuduibh; agus do bhí cloch mhór air bhéul an tobair. 3Agus is annsin do chruinnidís na tréada uile: agus do chorruighedís an chloch ó bhéul an tobair, agus do beirdís uisge do na cáorchuibh, agus do chuirdís an chloch na háit feín ar bhéul an tobair a rís. 4Agus a dubhairt Iácob ríusan, A dhearbhráithre, gá has dibhsi? agus a dubhradarsan, ó Háran dúinne. 5Agus a dubhairt sé ríu, An aithne dhíbh Lában mac Nahor? agus a dubhradursan, As aithne dhúinn é. 6Agus a dubhairt seision, An bhfuilthear go maith aige? agus a dubhadur san, Atathar go maith: agus, feuch, atá Ráchel a inghean ag teachd leis na cáorcuibh. 7Agus a dubhairt seision, Achd cheana as mór atá romhuinn don lo, ní mó is am na tréad do chruinniughadh a bfochair a chéile: tuguidhsi uisge do na cáorchuibh, agus éirghidh, agus ingeiltigh íad. 8Agus a dubhradursan, Ní fhéadmáoid, nó go rabhaid na sealbha uile a bhfochair a chéile, agus go ccurthar an chloch do bhéul an tobuir; ann sin do bhermíd uisge do na cáorchaibh. 9Agus an feadh fós do bhí se ag caint ríu, tháinic Ráchel le cáorchuibh a hathar; óir a sí do bhí na mbun. 10Agus tárla, á núair do chonnairc Iacob Ráchel inghean Lában, dearbhrathair a mhathar, agus caóirigh Lábain dearbhrathair a mhathar, gur dhruid Iácob léith, agus gur chuir an chloch ó bhéul an tobair, agus tug uisge do thréad Laban dearbhrathair a mhathar. 11Agus do phóg Iacob Ráchel, agus do thóg súas a ghuth, agus do ghuil. 12Agus do innis Iacob do Ráchel, gurob é féin dearbhrathair a hathar, agus gúrob é mac Rebecah é: agus do rith sisi, agus do innis sin dá hathair. 13Agus tárla, a núair do chúaluidh Lában sgéula mhic a dherbhsheathrach, gur rith sé na choinne, agus gur theann ris é, agus tug póg dhó, agus tug leis é dá thigh: agus do innis Iacob na neithe si uile do Lában. 14Agus a dubhairt Laban ris, Is deimhin gur tú mo chnáimh agus mfeóil. Agus do fhan aige ar feadh míosa. 15Agus a dubhairt Lában ré Iácob, An do chionn gur tú mo dhearbhrathair, do dhéuntá seirbhís damhsa á naiscidh? innis damh créud an túarasdal bhías duit? 16Agus do bhádar días inghean ag Lában: ainm an tsinnsir Léah, agus ainm an tsósair Ráchel. 17Agus do bhádar súile boga ag Léah; agus do bhi Ráchel sgíamhach deaghnúiseach. 18Agus do bhí grádh ag Iacob ar Ráchel; agus a dubhairt, Foigheónuidh mé dhuit seachd mblíadhna ar son Ráchel hinghean as óige. 19Agus a dubhairt Lában, As fearr dhamhsa a tabhairt duitsi ná a tabhairt dfior oile: fan am fhochair. 20Agus do rinne Iacob seirbhis sheachd mblíadhan do cheannach ar Ráchel; agus níor tai hsiughadh dhó íad ach na mbeagán láethe, do mheid an ghradh do bhí aige uirre. 21Agus a dubhairt Iácob ré Laban, Tabhair mo bhean damh, (óir do choimhlíon mé maimsir) go ndearnar bean di. 22Agus do chruinnigh Lában dáoine na háite uile, a bhfochair a chéile, agus do rinne féusda dhóibh. 23Agus tárla trath nóna, gur glac sé Léah a inghean, agus go ttug chuigesion í, agus do bhí na fhior aice. 24Agus tug Lában dá inghin Léah Silpah a chailín, na hinilt. 25Agus tárla, ar maidin, féuch, gurab í Léah do bhí ann: agus a dubhairt seision ré Lában, Créud an ní si do rinne tú rium? nach ar son Ráchel do rinne misi seirbhís duit? uime sin créd far mheall tú mé? 26Agus a dubhairt Lában, Ní mar sin as gnáth do dhéunamh nar náithe an sósar, do thabhairt amach roimh an tsinnsior. 27Choimhlíon a seachdmhuin, agus do bhéaruimne í so dhuit mar an gcéadna ar son na searbhísi do dhéuna tú dhamh seachd mblíadhna eile fós. 28Agus do rinne Iacob sin, agus do chomhlíon a seachdmhuin: agus tug Ráchel a inghean dó mar mhnáoi mar an gcéudna. 29Agus tug Lában do Ráchel a inghin Bilhah a chailín do bheith na hinnilt aice. 30Agus do rinne bean do Ráchel mar an ccéudna, agus dob annsa leis fós Ráchel na Léah, agus do rinne seirbhís aige seachd mblíadhna eile fós. 31Agus a nuáir do chonnairc an TIGHEARNA go ráibh fúath ar Léah, do oscuil sé a brú: ach dó bhí Ráchel amrid. 32Agus do thoirrcheadh Léah, agus rug sí mac, agus tug sí Reuben dainm áir: óir a dubhairt sí, Go deimhin do fhéuch an TIGHEARNA ár mo bhuáidhreadh; a nois ar an adhbhar sin gráidheóchuidh mfear mé. 33Agus do thoirrcheadh a rís í, agus rug sí mac; agus a dubhairt, Do chionn go ccúaluidh an TIGHEARNA go raibh fuath oram, tug sé an mac so dhamh mar an gcéadna: agus tug sí Simeon dainm air. 34Agus do thoirrcheadh a ris í, agus rug sí mác: agus do ráidh, A nois bhías mfear a nuáirsi teanta riom, do chionn go rug mé tríur mac dhó: uime sin do goireadh Lébhi dhe. 35Agus do thoirrcheadh a rís í, agus rug sí mac: agus do ráidh si, A nois mholfa mé an TIGHEARNA; uime sin do ghoir sí Iudah dainm dhe; agus do scuir do bhreith.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Genesis 29: Bedell

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល