Is mar sin atá brón oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh agus beidh lúcháir ar bhur gcroithe, agus ní fhéadfaidh aon duine bhur lúcháir a thógáil uaibh. San lá úd ní bheidh sibh ag fiafraí feasa díom. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach bhfuil ní dá n‑iarrfaidh sibh ar an Athair i mʼainmse nach dtabharfaidh sé daoibh.