Eóin 8
8
Caibidil VIII
Trócaire Ċríosd don ṁnáoi ġaḃṫa a naḋaltrannaus. 39 Agus a breaṫ ar ṡiol Abraham, 44 agus ṡiol an aiṫḃirseóir.
1Agus dimṫiġ Iósa ċum ṡléiḃ na Noluiḋeaḋ. 2Agus táinig sé go moċ ar maidín a rís don teampull, agus tangadar an pobal uile ċuige; agus ar suiḋe ḋó, do ṫeagaisg sé íad. 3Agus tugadar na sgríobuiḋe, agus na Ṗairisíniġ bean ar a rugaḋ a naḋaltrannus ċuige; agus ar na cur a lár, 4A duḃradar rís, A Ṁaiġisdir, rugaḋ ar an mnáoisi sa ngníoṁ féin, ag déanaṁ aḋaltrannais. 5Agus do aiṫin Máoisi ḋínn sa dliġeaḋ, a leiṫeidso do ḃásuġaḋ lé clóċaiḃ: ar a naḋḃarsin créd a deir tusa? 6Agus a duḃradar sin dá ṫeasduġaḋsan, ionnus go gcuirfidís cúis air. Aċd ar gcromaḋ síos Díosa, do sgríoḃ sé lé na ṁéur ar a talaṁ. 7Agus an tan do leanadar ag cur na ceasda sin air, déíriġ sé suás, agus a duḃairt sé riú, Giḋ bé aguiḃsi atá gab ṗeacaḋ, caiṫeaḋ sé an ċéadċloċ ría. 8Agus ar gcromaḋ siós dó a rís do sgríoḃ sé ar a talaṁ. 9Aċd mar do ċúalardarsan na neiṫesi, agus a gcogús dá nagra, do imṫiġeadar amaċ a ndiaiġ a ċéile, ag tosuġaḋ ó na sinnsioraiḃ gus na dáoiniḃ déiġeanaċa: agus do fágaḋ Iósa na áonar, agus an ḃean na seasaṁ a lar. 10Agus ar néirġe suás Diósa, an tan naċ ḃfacuiḋ sé áonduine aċd an ḃean, a duḃairt sé ría, A ḃean, caír a ḃfuilid an ṁuinntir úd do ċuir cúis ort? nar ḋamnuiġe éanduine ṫú? 11A duḃairt sisim A Ṫiġearna, níor ḋamnuiġe áonduine. Agus a duḃairt Iósa riá, Ní mó ḋaṁnuiġimsi ṫú: imṫiḋ roṁad, agus na peacuiḋ feasda.
12Do laḃair Iósa riú a rís, ag ráḋ, Is misi solus an dóṁain: giḋ bé leanus misi, ní ṡioḃalfa sé a ndorċadas, aċd do ġéuḃa sé solus na beaṫa. 13Uime sin a duḃradar na Ṗairisiniġ ris, Atá tú ag deunaṁ fiaḋnuisi ḋuit féin; ni ḃfuil ṫfíaḋnuisi firinneaċ. 14Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé riú, Gé nimsi finné ḋaṁ féin, atá mfinné fírinneaċ: do ḃríġ go ḃfuil a ḟios agam gá háit as a dtáinig mé agus ga háit a dteiġim; aċd ní ḃfuil a ḟios aguiḃsi gá háit as a dtaínig mé, no ga háit a dtéiġim. 15Do réir na féola ḃeirtísi breaṫ, ní ḃeirimsi breaṫ ar áonduine. 16Agus fós dá mbéarainn breaṫ, as fírinneaċ mo ḃreiṫeaṁnus: oír ní ḃfuilim am áonar, aċd misi agus an Taṫair do ċuir uáḋ mé. 17Agus atá sgríoḃṫa an ḃur ndliḋeaḋsa, gur fíor finné deisi. 18Atáimse ag déanaṁ finné dom ṫáoḃ féin, agus an Taṫair do ċuír úaḋ mé do ní sé fíaḋnuisi leam. 19Uime sin a duḃradarsan ris, Gá háit a ḃfuil Haṫair? Do ḟreagair Iósa íad, Ní haiṫne ḋáoiḃse ceaċdar aguinn, misi ná Maṫair: dá mbeiṫ éolus aguiḃ oramsa, do ḃeiṫ éolus aguiḃ ar Maṫuir mar an gcéadna.
20Do laḃaír Iósa ná bríaṫrasa a náit ċoiṁéada an ċisde, ag teagasg ann sa teampall: agus níor ċuir áonduine láṁ ann; óir ní ṫaínig a uáir fós.
21Na ḋiáiġ sin do laḃuir Iósa ríu a rís, Atáimsi ag imṫeáċd, agus íarrfuiḋesi mé, agus do ġéuḃṫaói bás an ḃur bpeacaḋ: mar a dtéiġimsi, ní héidir liḃsi teaċd. 22Uime sin duḃradar na Iúdaiġe, An muirḃfe sé é féin fá a nabair sé, Mar a dtéiġimsi, ní héidir liḃsi teaċd. 23Agus a duḃairt sé riu, Is a nsíos dáoiḃsi; agus as nsúas daṁsa: don tsáoġalsa siḃsi, ní don tsaoġalsa mísi. 24Ar a naḋḃarsin a duḃairt mé riḃ, Go ḃfuiġeaḋ siḃ bás an ḃur bpeacaiḋíḃ. 25Uime sin a duḃradar ris, Cía ṫú féin? agus a duḃairt Iósa ríu, An ní a deirim riḃ ó ṫus. 26Atá mórán agam ré laḃairt agus ré ḃreaṫnuġaḋ ḃur dtimċeallsa: aċd as fírinneaċ an té do ċuir úaḋ mé; agus laḃruim ris a tsáoġal na neiṫe do ċúaluiḋ mé úaḋsan 27Aċd níor ṫuigeadar gur a dtimċeall a Naṫar do laḃuir sé ríu. 28Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ríu, An tan ṫóigeuḃṫáoi súas Mac an duine, ann sin aiṫéontáoi gur misi atá ann, agus naċ déunuim éinní uáim féin, aċd gur mar do ṫeaguisg an Taṫair mé, laḃruim na neiṫesi. 29Agus atá an té do ċuir úaḋ mé am ḟoċuir. Níor ḟág an Taṫair am áonar mé; do ḃriġ go ndéunuim do ġnáṫ na neiṫe as mían leision. 30Ar laḃairt na neiṫeaḋso ḋó, do ċréideadar mórán ann.
31Ar a naḋḃarsin a duḃairt Iósa ris na Iúdaiḋiḃ do ċreid ḋó, Má ċoṁnuiġṫísi am ḃréiṫirsi, go fírinneaċ beiṫí ḃar ndeiscioblaiḃ agam; 32Agus áiṫéontáoi a nfírinne, agus saorfaiḋ a nfirinne siḃ. 33Do ḟreagradarsan é, Síol Abraham sinne, agus ní ḋearnamar seirḃís déunduine ríaṁ: cionnas a deir tusa, Beiṫí sáor? 34Do ḟreaguir Iósa íad, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé do ní peacaḋ as seirḃíseaċ don ṗeacaḋ é. 35Aċd ni ċoṁnuiġeann an seirḃíseaċ sa tiġ go siorruiḋe: fanuiḋ an Mac go síorruiḋe. 36Ar a naḋḃarsin má ṡáorann an Mac siḃsi, beiṫí sáor ḋá ríriḃ. 37Atá a ḟios agam gur do ṡíol Abraham siḃ; giḋeaḋ íarrṫáoi misi ṁarḃaḋ, óir ní ḟagann mo ḃríaṫar ionad ionnuíḃ. 38Laḃruimsi an ní do ċunnairc mé ag Maṫair: agus do niṫísi an ní do ċunncaḃair ag ḃur naṫair féin. 39Do ḟreagradarsan agus a duḃradar ris, As é Abraham ar naṫairne. A duḃairt Iósa ríu. Dá maḋ clan Dabraham siḃ, do ḋéunaḋ siḃ oibreaċa Abraham. 40Aċd íarrṫáoi a nois misi ṁarḃaḋ, noċ do innis dáoiḃ a nfírinne, do ċúaluiḋ me ó Ḋía: ní ḋearna Abraham so. 41Do níṫísi oibreaċa ḃur naṫar féin. Uime sin a duḃradarsan ris, Ní a naḋaltrannus ruġaḋ sinnl atá áon Aṫuir aguinn, Día.
42A duḃairt Iósa ríu: Dá maḋ é Día ḃur Naṫairsi, gan ċunntaḃairt do ġráiḋeóċaḋ siḃ misi: óir is ó Ḋía do ġluáis mé agus ṫáinig mé; agus ní uáim fein ṫáinig mé, aċd eisean do ċuir úáḋ mé. 43Créd fá naċ dtuiġṫí mo ċoṁráḋsa? ar son naċ ḃféudtáoi mo ḃríaṫar déisdeaċd. 44As é an díaḃal as aṫair ḋáoiḃ, agus as íad míana ḃur naṫair as toil liḃsi ḋéunaṁ. Do ḃi seision na ḟear dúnṁarḃṫa ó ṫus, agus níor ċoṁnuiḋ se sa ḃfírinne, óir ní ḃfuil fírinne ann. A núair do ní sé brég, úaḋ féin laḃrus sé: óir as bréaguire é, agus as é as aṫair don bréig. 45Aċd do ḃríġ go laḃruimsi an ḟírinne, ní ċreidtí me. 46Cíá ḋiḃsi ċuireas peacaḋ am letih? Má a deirim a nfírinne, créd fá naċ creidtí ḋaṁ? 47Giḋ bé atá ó Ḋía, éisdiḋ sé briaṫra Dé: is uime naċ éisdtisi, ar son naċ ó Ḋía siḃ.
48Uime sin dó ḟreagradar na Iúdaiḋe, agus a duḃradar ris, An né naċ maiṫ a deirmíd gur Samaritánaċ ṫú, agus go ḃfuil deaṁan ionnad? 49Do ḟreaguir Iósa, Ní ḃfuil deaṁan ionnamsa; aċd do ḃeirim onóir dom Aṫair, agus do ḃeirṫísi eas onóir ḋaṁsa. 50Agus ní í mó ġlóir féin íarruimsi: atá neaċ íarrus agus ḃeireas breaṫ. 51Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Giḋ bé ċoiṁéudfas mo ḃríaṫarsa, ní ḟaicfi sé bás go siorruiḋe. 52Ar a naḋḃarsin a duḃradar na Iúduiḋe ris, Aiṫnimíd a nois go ḃfuil an díaḃal ionnad. Fúair Abraham, agus na fáiḋe bás; agus a deir tusa, Giḋ bé ċoiṁéudfas mo ḃríaṫarsa, ní ḃlaisfe sé bás go síorruiḋe. 53An mó ṫusa ná ar naṫair Abraham, noċ fuáir bás? agus fuaradar na faiḋe bás: créd an neaċ do ní tusa ḋíot fein? 54Do ḟreagair Iósa, Má ḃeirimse glóir ḋaṁ féin, ní ḃfuil táḋḃaċd an mo ġlóir: as é Maṫair do ḃeir glóir ḋaṁ, noċ a deirṫísi, gur ab é ḃur Ndía féin é: 55Agus ní ḃfuil aiṫe aguiḃsi air; giḋeaḋ is aiṫne ḋaṁsa é: agus má a deirim, Naċ aiṫne ḋaṁ é, biáiḋ mé cosṁuil riḃsi bréagaċ: giḋeaḋ as aiṫne ḋaṁ é, agus coiṁéuduim a ḃriaṫar. 56Do ḃí gáirdeaċus mór ar ḃur naṫairse Abraham fám lása dfaicsin: agus do ċunnairc sé é, agus do ḃí lúaṫġáir air. 57Uime sin a duḃradar na Iúduiḋe ris; Ní ḃfuil deiċ mblíaḋna agus dá ḟiċead dáois agad fós, agus an ḃfacuiḋ tú Abraham? 58A duḃairt Iósa ríu, Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Go ḃuilimsi ann suil do ḃi Abrahám. 59Uime sin do ṫógḃadar cloċa do ċum go gcaiṫfidis ris íad: aċd do ḟoluiġ Iósa é féin, agus do ċuáiḋ sé amaċ as an teampall, ag dul tré na lár agus do ċuáiḋ sé ṫárrsa mar sin.
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.