Genesis 13

13
Caibidil XIII.
Do ḟág Abram an Egipt. 7 Dealaiġ se re Lot. 14 Do aṫnúaiġ Día geallaḋ uma ṡlioċd.
1Agus do ċuaiḋ Abram súas as an Egipt, é fein agus a ḃean, agus a nuile ni do ḃí aige, agus Lot maille ris, gus an árd andeas. 2Agus do ḃí Abram ro ṡaiḋḃir a náirnéis, a nairgead, agus a nór. 3Agus do imṫiġ ar aġaiḋ, ann a aistriḃ ón táoḃ ó ḋeas eaḋon go Betel, gus an áit a raiḃ a ṗáilliún ar tús, eidir Betel agus Hái. 4Go háit na haltóra, do rinne sé ann sin ar ttús: agus do ġoir Abram ann sin ar ainm an TIĠEARNA. 5Agus Lot mar an ccéadna, do ċuáiḋ le Abram, do ḃádur tréuda, agus áiriġe, agus páilliúin aige. 6Agus ní ṫáinic do nfearann a niom ċur, ionnus go náitreoḃaidís a ḃfoċair a ċéile: óir do ḃí a substaint cóṁmór sin, nár ḃféidir leó coṁnuiġe a náonáit. 7Agus do ḃí imreasan eidir áoḋairiḃ áirnéisi Abram, agus áoḋairiḃ áirnéisi Lot: agus do áitreaḃadar na Canáanitiġ, agus na Perisitiġ an tan sin ann sa duṫaiġ. 8Agus a duḃairt Abram ré Lot, Guiḋim ṫú, na bíoḋ ceannairge ar biṫ eadrumsa agus tusa, nó idir máoḋairiḃ agus ṫáoḋairiḃ: óir is dearḃráiṫre sinn. 9Naċ bfuil an duṫaiġ uile roṁad? guíḋim ṫú, dealuiġ ṫu fein riomsa: ma áil leat gaḃ don láiṁ ċle, ann sin geaḃa misi don láiṁ ḋeis: nó ma ṫéid tú don láiṁ ḋeis, ann sin raċa misi don láiṁ ċlé. 10Agus do ṫóg Lot a ṡuile súas, agus do ċonnairc réiteaċ Jordan uile, go raiḃ uisge go maiṫ an gaċ éun taoḃ, suil do scrios an TIĠEARNA Sodom agus Gomorrah, eaḋon aṁuil gáirdin TIĠEARNA, cosṁuil re talaṁ na Héigipte, mar ṫig tú go Soar: 11Ann sin do ṫoġ Lot dó féin réiteaċ Jordáin uile; agus do aistriġ Lot, soir: agus do ḋealuiġeadar iad féin gaċ áon, o ċéile. 12Do ċoṁnuiġ Abram a ttir Ċanáain, agus do ċoṁnuiġ Lot a ccaiṫreaċaiḃ an reitiġ, agus do ṡuiḋiġ a ṗaillíun leaṫ re Sodom. 13Aċ do ḃádar, dáoine Ṡodom go holc, agus na bpeacaċuiḃ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA go hiomurcaċ. 14Agus do ráiḋ an TIĠEARNA ré Abram, tar éis Lot dimṫeaċd uaḋ, Tóg súas a nois do ṡúile, agus féuċ ón áit a ḃfuil tú do ṫuaiġ, agus do ḋeas, soir agus siar: 15Oír an fearann uile do ċí tú, do ḃeur misi ḋuit é, agus dot ṡíol go bráṫ. 16Agus do ḋeana mé do ṡíol aṁuil luaiṫreaḋ na talṁan: iondus maḋ ḟéudan neaċ luaiṫreaḋ na talṁan dáireaṁ, annsin aireoṁṫar do ṡíolsa mar an gceadna. 17Eíriġ, siuḃail ar feaḋ an ḟearuinn ann a ḟad agus ann a leiṫead; óir do ḃéura misi ḋuit é. 18Ann sin do aṫruiġ Abram a ṗáilliún, agus táinic agus do ċóṁnuiġ á reiteaċ Ṁamre, noċ atá ann Ebron, agus do ċuir súas annsin altóir don TIĠEARNA.

選択箇所:

Genesis 13: BedellG

ハイライト

シェア

コピー

None

すべてのデバイスで、ハイライト箇所を保存したいですか? サインアップまたはサインインしてください。