Lúcás 7:21-22
Lúcás 7:21-22 ABN2012
An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n-éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall. Agus dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Imígí agus insígí dʼEoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.