Maitiú 5
5
CAIBIDIOL V.
Seanmóin Chríost ar an gcnoc. Na h-ocht mbiatí.
1Agus nuair a chonaic sé na sluaighte chuaidh sé suas ar an gcnoc, agus nuair a shuidh sé ann tháinig a dheisgiobuil ag triall air. 2Agus d’osgail sé a bhéal agus do theagaisg sé iad, agus dubhairt sé:
3Is aoibhinn dos na bochtaibh sa spioraid, mar is leó san rígheacht na bhflathas.#5:3 Ver. 3. na bochtaibh sa spioraid, .i. na daoine a bhíonn úmhal agus na daoíne ná bíonn dúil a gcroidhe, nú a spioraide, i saidhbhreas acu.
4Is aoibhinn do lucht ceannsachta, mar isiad a gheóbhaidh seilbh na talmhan.
5Is aoibhinn do lucht dubróin, mar isiad a gheóbhaidh sólás.
6Is aoibhinn do’n mhuintir go bhfuil ocras agus tart chun fióraontachta ortha, mar ’s iad a gheóbhaidh a sáith.
7Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh, mar isiad a gheóbhaidh trócaire.
8Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar isiad a gheóbhaidh radharc ar Dhia.
9Is aoibhinn do lucht na síothchána dhéanamh, mar is ortha tabharfar clann Dé.
10Is aoibhinn do’n mhuintir a dh’fhuilingeann crádh ar son fióraontachta, mar is leó san rígheacht na bhflathas.
11Is aoibhinn daoibh-se nuair a déanfar spídiú oraibh agus ciapadh, agus an uile shaghas tromaidheachta éithigh, mar gheall orm-sa; 12Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.
13Is sibh-se salann na talmhan. #Marc. 9:49; Lúc. 14:34.Ach má théigheann an salann i leamhas conus a déanfar salann airís de? Ní’l de mhaith ann feasta ach go gcaithfí amach é agus go ngeóbhfaí do chosaibh daoine ann. 14Is sibh-se solus an domhain. Cathair ar chnoc ní féidir í dh’fholachadh. 15Ní lastar coinneal chun í chur fé bhéal árthaigh, ach chun í chur ar choinnleóir, chun go dtabharfadh sí solus d’á bhfuil sa tigh. 16Lasadh bhur solus-sa ar an gcuma san os cómhair daoine, #1 Pead. 2:12.i dtreó go bhfeicfid siad bhúr ngníomhartha fóghanta agus go molfaid siad bhúr n-Athair atá ins na flathais.
17Ná measaidh gur chun na dlíghe ná na bhfáidh do chur ar neamhnídh a thánag-sa. Ní chun iad do chur ar neamhnídh a thánag ach chun iad do chómhlíonadh.#5:17 Ver. 17. do chómhlíonadh .i. ag cómhlíonadh na bhfigiúirí agus na dtargaireachtaí, agus ag beachtú gach a raibh neambeacht. 18Óir deirim libh go fírinneach, go dtí go dtéidh an spéir agus an talamh ar neamhnídh ná raghaidh aon ióta amháin ná aon phúnc amháin de’n dlígh ar neamhnídh, go dtagaidh a h-iomláine chun cinn.#5:18 Ver. 18. go fírinneach, — ‘Amen,’ atá sa Laidin, .i. “go deimhin,” “go fíor.” Focal Eabhraise iseadh “Amen” agus cimeádtar é le h-úghdarás an cheathrair soisgéalaidhthe. Do labhair ár dTighearna an focal chun na fírinne do dheimhniú go láidir. 19#Séam. 2:10.An t-é d’á bhrígh sin, a mhillfidh aithne des na h-aitheantaibh sin is lúgha, agus do mhúinfidh na daoine mar sin, tabharfar air an t-é is lugha i rígheacht na bhflathas; ach an t-é choimeádfidh iad, agus do mhúinfidh [a gcoimeád] tabharfar duine mór air i rígheacht na bhflathas. 20Óir deirim libh mura mbeidh bhur bhfíoraontacht-sa níos lionmhaire ’ná fíoraontacht na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.#5:20 Ver. 20. na Sgríbhneóirí agus na bhFairisíneach — Dochtúirí dlighe Mhaoise na Sgríbhneóirí. Aicme daoine a bhí ana chruinn ab eadh na Fairisínigh. Do glacaidís ortha an dlígh do chómhlíonadh go beacht, agus mar gheall air sin bhíodh meas ana mhór ag an bpobul ortha.
21Chualabhair conus mar adubhradh leis na daoine a bhí ann fadó: #Exod. 20:13.Ná dein marbhadh: Agus an t-é dhéanfaidh marbhadh beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas.#5:21 Ver. 21. beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas .i. Beidh pionós tuillte aige o’n gcathaoír bheag, ar a dtugtí “an breitheamhantas,” agus go dtriailtí cúiseana do’n tsórd san os a cómhair. 22Ach deirim-se libh, gach duine atá i bhfeisg le n-a bhráthair beidh sé ciontach do’n bhreitheamhantas. An t-é ámhthach #5:22 .i. an t-é dhéanfaidh táiriúgadh, nó tarcaisniú, ar a chómharsain.a déarfaidh le n-a bhráthair, #5:22 Ver. 22. Raca, focal ana-tharcuisneach, ana-fheargach, ab eadh an focal san. “Beidh sé ciontach do’n chómhairle”: .i. Beidh pionós tuillte aige ó’n gcúirt ab aoírde, an chúirt ar a dtugtí “an chómhairle” nú an “Sanhedrím.” I gcathair Ierúsalem a bhí an chúirt sin agus bhí seacht-ndeich-a-dó de bhreitheamhnaibh inti agus is os a cómhair a triailtí na cúiseana ba thruime agus a tugtí na breitheana ba thruime. Raca, beidh sé ciontach do’n chómhairle. Agus an t-é a déarfaidh, #5:22 Ver. 22. A amadáin, – Bhí brígh ana tharcuisneach leis an bhfocal san nuair a labhartí é le droch-aigne agus le mailís. Mar gheall air sin iseadh do labharthar chómh dian anso air. “Beidh sé ciontach chun teine ifrinn.” “Beidh tuíllte aige é chaitheamh i nGehenna chun teine,” do réir na Gréigise. Dhein ar Slanuightheoir úsáid des na focalaibh sin chun pionóisí ifrinn do chur i gcéill.A amadáin, beidh sé ciontach cun teine ifrinn. 23D’á bhrígh sin, má bhíonn tabharthas agat d’á thabhairt uait os cómhair na h-altórach, agus go gcuimhneóchair go bhfuil rud éigin ad’ choinnibh agat’ bhráthair; 24Fág ansan do thabharthas os cómhair na h-altórach, agus imthigh agus dein síothcháin led’bhráthair, agus ansan tar agus bronn do thabharthas.
25 #
Lúc. 12:58. Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an t-eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an bhreitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu. 26Go deimhin adeirim leat, ní thiocfair amach as san go ndíolair an fheóirling dheirineach.
27Do chualabhair conus mar adubhradh leis an muintir fadó: #Exod. 20:14.Ná dein adhaltranas. 28Ach deirim-se libh, an t-é fhéachfaidh ar mhnaoí le dúil sa droch-ghníomh, go bhfuil peacadh an adhaltranais déanta cheana aige léi i n-a chroidhe féin.
29D’á bhrígh sin, má’s trúig pheactha dhuit do shúil dheas, strac amach í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball de d’bhallaibh do chailleamhaint ’ná do cholann go léir a chur go h-ifreann.#5:29 Ver. 29. trúig pheactha dhuit .i. ma bhíonn sí ’n-a trúig bharathuisle dhuit, nú n-a h-ócáid pheactha dhuit. Curtar i n-úil dúinn anso nách foláir dúinn gach ócáid achamair peactha do sheachaint bíodh go gcuirfadh san fhéachaint orainn sgaramhaint le rud go mbeadh sé chómh deacair sgaramhaint leis agus bheadh sé sgaramhaint le láimh nú le súil. 30Agus ma’s trúig pheactha dhuit do lámh dheas, gearr anuas díot í agus caith uait í; óir is fearra dhuit ball ded’ bhallaibh do chailleamhaint ’ná do chorp go léir a dhul go h-ifreann.
31Agus dubhradh, #Deut. 24:1.An t-é a chuirfidh uaidh a bhean phósta, tugadh sé sgríbhinn a díbeartha dhi. 32Ach de rim-se libh, aoinne a chuirfidh uaidh a bhean phósta, ach mar gheall ar adhaltranas amháin, go gcuireann se i dtreó í chun adhaltranais a dhéanamh, agus an t-é a ghlacfaidh mar chéile an bhean díbeartha deineann sé adhaltranas.
33Airís, do chualabhair conus mar a dubhradh leis an muintir fad ó. #Exod. 20:7.Ná tabhair leabhar éithigh, agus an nídh a dhearbhuighis cómhlíon do’n Tighearna é. 34Ach deirim-se libh #Séam. 5:12.gan dearbhú i n-aon chor; gan dearbhú dar neamh, mar isé sin cathaoir ríoga Dé;#5:34 Ver. 34. gan dearbhú i n-aon chor; — Ní’l sé coisgithe dearbhú sa bhfírinne, i gceart, agus i mbreitheamhantas; ar son onóra Dé; nú chun sinn féin nú ár gcómharsa do chosaint. Dearbhú obann, diamhaslach, chun cómhráidh, gan ghádh gan riachtanas, iseadh atá coisgithe. 35Ná dar talamh, mar isé stól a chos é; ná dar Ierúsalem, mar isí cathair an rí mhóir í. 36Ná dearbhuigh dar do cheann féin mar ní’l ar do chumas ruibe ann a dhéanamh geal ná dubh. 37#Séam. 5:12.Ach abraidh, Seadh, ’seadh; Ní h-eadh, ní h-eadh. An rud a théigheann thairis sin is ó’n olc é.
38Do chualabhair conus mar adubhradh, #Exod. 21:24; Lebhit. 24:20; Deut. 19:21.Súil ar shúil, agus fiacal ar fhiacail. 39Ach deirim-se libh-se gan cur i n-aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis.#5:39 Ver. 39. gan cur i n-aghaidh uilc; — An rud a dh’ órduíghthear anso iseadh olc do ghlacadh le foidhne; cur suas le droch-chaint, agus bheith toiltheanach chun tuille uilc d’fhulag níba thúisge ’ná mar a loirigeófí díoghaltas. Ní cheangalann an chuid eile de’n chaint de réir na leitire. Níor iompuigh Críost féin, ná Pól naomhtha, an leaca eile. Foidhne Chríostamhail brígh na cainte, feic Eóin 18., agus Gníomh. 23. 40Agus má’s mian le duine an dlígh chur ort agus do chasóg do bhreith leis sgaoil leis do bhrat ’n-a teannta. 41Agus an t-é chuirfidh fhiachaibh ort dul leis míle ’shlígh do t’aimhdheóin, eirigh dhá mhíle eile leis dod’ dheóin. 42An t-é a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má’s mian le duine iasacht do lorg ort ná h-iompuigh uaidh.
43Do chualabhair conus mar a dubhradh: #Lebhit. 19:18.Bíodh grádh agat do d’charaid agus fuath dod’namhaid. 44Ach deirim-se libh-se: Bíodh grádh agaibh d’bhúr namhdaibh; #Rómh. 12:20.deinidh maith do’n mhuintir a thugann fuath dhaoibh; agus #Gníomh. 7:59; Lúc. 23:34.deinidh guidhe ar son na muintire a dheineann crádh agus tromaidheacht oraibh. 45Ionus go mbeadh sibh i nbhúr macaibh ag bhúr n-Athair atá ins na flathais, an t-é chuireann a ghrian ag eirighe ar dhaoine, idir olc agus maith, agus chuireann an fhearthainn ag tuitim ortha, idir cheart agus aincheart. 46Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?#5:46 Ver. 46. puibliocánaigh — Daoine iad san a bhíodh ag bailiú na srathana, aicme a bhí fé fhuath agus fe mhí-chlú ameasg na nIúdach, mar gheall ar a ndeinidís de shárúghadh agus d’éagcóir. 47Agus mura ndeinidh sibh-se ach beannú d’bhúr ndrithárachaibh cad í an bhreis a dheineann sibh? Ná deinid na págánaigh féin an méid sin? 48Bídhidh-se, d’á bhrígh sin, fíor-mhaith, fé mar atá bhúr n-Athair ins na flathais fíor-mhaith.
historic text maintained by the Bible Society.