1
Lúcás 23:34
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.
比較
Lúcás 23:34で検索
2
Lúcás 23:43
Agus aduḃairt seisean leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Béiḋ tú im’ ḟoċair‐se indiu i bPárrṫas.
Lúcás 23:43で検索
3
Lúcás 23:42
Agus aduḃairt sé, A Íosa, cuiṁniġ orm‐sa nuair ṫiocfas tú id’ ríoġaċt.
Lúcás 23:42で検索
4
Lúcás 23:46
Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim m’anam i leiṫ do láṁ‐sa; agus ag ráḋ na ḃfocal sin dó, do scar a anam leis.
Lúcás 23:46で検索
5
Lúcás 23:33
Agus nuair do ṡroiċeadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do ċéasadar annsin é, agus na cuirpṫiġ, duine aca ar a láiṁ ḋeis, agus an duine eile ar a láiṁ ċlé.
Lúcás 23:33で検索
6
Lúcás 23:44-45
Agus do ḃí sé timċeall na séṁaḋ h‐uaire, agus do leaṫ dorċadas ar an talaṁ uile go dtí an naoṁaḋ h‐uair, solas na gréine ag dul i laiġead: agus do réabaḋ brat an teampaill tré n‐a lár.
Lúcás 23:44-45で検索
7
Lúcás 23:47
Agus nuair do ċonnaic an ceanntúir créad ṫarla, ṫug sé glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Go deiṁin ba fíréan an fear so.
Lúcás 23:47で検索
ホーム
聖書
読書プラン
ビデオ