1
Lúcás 9:23
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.
比較
Lúcás 9:23で検索
2
Lúcás 9:24
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, saorfaidh an duine sin é.
Lúcás 9:24で検索
3
Lúcás 9:62
Ach dúirt Íosa leis: “Aon duine a bhuaileann a lámh ar an gcéachta agus a fhéachann siar ina dhiaidh, níl sé oiriúnach do ríocht Dé.”
Lúcás 9:62で検索
4
Lúcás 9:25
Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal?
Lúcás 9:25で検索
5
Lúcás 9:26
Óir cibé ar náir leis mise agus mo bhriathra, is náir le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n-aingeal naofa.
Lúcás 9:26で検索
6
Lúcás 9:58
Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfaidh sé a cheann.”
Lúcás 9:58で検索
7
Lúcás 9:48
agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i mʼainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”
Lúcás 9:48で検索
ホーム
聖書
読書プラン
ビデオ