Ní mar sin a bheidh eadraibh-se; ach an t-é gur maith leis bheith mór eadraibh, bíodh sé ’n-a fhear fhriotháilte agaibh; Agus an t-é gur maith leis bheith i n’fhear thosaigh eadraibh, bíodh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh. Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.