Genesis 8

8
Caibidil VIII.
Traoṫaḋ na tuile. 20 Buiḋeaċus Naói.
1Agus do ċuiṁniġ Día air Naói, agus gaċ áonní beó, agus a uile áirnéis do ḃí na ḟoċair sa náirc: agus do rinne Día gáoṫ do ḋul ṫar án talaṁ, agus do ṫraoṫadar na huisgiḋe. 2Do stopaḋ mar an cceadna toibreaċa a naigéin agus fuinnéoga neiṁe, agus do coisgeaḋ a nfearṫuinn o neaṁ; 3Agus do ḟilleadar na huisgiḋe ó ḃeiṫ ar an talaṁ a ccoṁnuiġe: agus tareis na ccéad agus na ccáogad la do laġduiġeaḋ na huisgiḋe. 4Agus do ċoṁnuiġ a náirc ar an seaċdṁaḋ mí, ar an seaċdṁaḋ la déug don ṁí, ar ṡléiḃtiḃ Ararat. 5Agus do ṫráoṫadar na huisgiḋe a gcoṁnuiḋe gus an deaċṁaḋ mí: annsa deaċṁaḋ mí, ar an ccead la don ṁí, do ċonnarcas mulluiġe na sliaḃ. 6Agus tárla, a ccionn ċeaṫraċad lá, gur osguil Naói fuinneóg na háirce do rinne sé féin: 7Agus do ċuir sé amaċ fiaċ, noċ do ċuaiġ amaċ ag teaċd agus ag imṫeaċd, nó gur tiormuiġeaḋ na huisgiḋe súas ón talaṁ. 8Mar an gceadna do ċuir sé colum uaḋa, amaċ; dféaċuin nar ṫráoṫadar na huisgiḋe ó aġaiḋ na talṁan. 9Aċ ní ḃfuair an colum áit ċoṁnuiġe do ḃonn a coisi, agus do ḟill si ċuige asteaċ do nairc, óir da ḃádar na huisgíḋe ar uaċdar na talṁan uile; ann sin do ċuir a láṁ amaċ, agus do rug uirre, agus do ṫarraing ċuige a steaċ í do nairc. 10Agus do ḟan sé fós seaċd lá oile; agus a rís do ċuir sé an colum amaċ as a náirc; 11Agus táinig an colum ċuige tráṫ nóna a steaċ; agus, féaċ, do ḃí ann a gob duilleog ċroinn ola noċ do ṫarruing sí; as ar aiṫin Naói gur ṫraóṫadar na huisgiḋe ó ḋruim na talṁan. 12Agus do ḟan sé fós seaċd lá oile; agus do ċuir an colum amaċ; noċ nar ḟill ċuige a rís ní is mó. 13Agus tárla, sa náonṁaḋ agus sé ċeud bliaġan, san ċéud ṁí, san céud ló don ṁi, do tiormuiġeaḋ na huisgiḋe súas ón talaṁ: agus do aṫruiġ Naói folaċ na háirce, agus daṁairc, agus féuċ, do ḃí aġaiḋ na talṁan tirim. 14Agus annsa dara mí, air a seaċdṁaḋ lá fiċead don ṁí, do ḃí an talaṁ tirim. 15Agus do laḃair Día ré Naói, da raḋ, 16Eíriġ amaċ as an aírc, ṫú féin agus do ḃean, agus do ṁic, agus mná do ṁac leaċd. 17Beir leaċd amaċ gaċ éinní béo dá ḃfuil agad, don uile ḟeóil, idir éunlaiṫ, agus áirnéis, agus a nuile ni sníġṫeaċ noċ ṡníġios ar an ttalaṁ; ionnus go síolfuid go líonṁar ar an ttalaṁ, agus go raḃaid tórrṫaċ, agus go ndeunaid iomaduġaḋ ar an ttalaṁ. 18Agus do ċuáiḋ Naói amaċ, agus a ṁic, agus a ḃean, agus mná a ṁac maille ris: 19A nuile ḃeaṫaċ, a nuile ní ṡníġeas, agus a nuile éun, agus gaċ ni ṡniġeas ar an ttalaṁ, do réir a gcinéil, do ċúadar amaċ as a náirc. 20Agus do rinne Naóṫ altóir don TIĠEARNA; agus do ġlac da gaċ éinḃeaṫaċ glan, agus dá gaċ uile éun glan, agus díoḋbuir ofráil loisge ar a naltóir. 21Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé. 22An feaḋ ṁairfeas an talaṁ, ní sguirfiḋ aimsir an tsíolċuir agus an foġṁar, agus an ḟuaċd agus an teas, agus an saṁraḋ agus an ġeiṁreaḋ, agus an lá agus a noiḋċe.

Valið núna:

Genesis 8: BedellG

Áherslumerki

Deildu

Afrita

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in