Genesis 11

11
Caibidil XI.
Tor Ḃabel. 5 Aṁluaḋ na Tteangṫa. 10 Geinealuiġ Ṡem.
1Agus do ḃí an doṁan uile ar éinteanguiḋ aṁáin, agus ar éanċoṁraḋ. 2Agus tarla, ar naistríuġaḋ ḋoiḃ ó naird ṡoir, go ḃfúaradar coṁard a ttír Ṡínáir; agus gur ċoṁnuiġeadar ann sin. 3Agus a duḃradar gaċ áon ré ċéile, Gluáisiḋ, déunam bríciḋ, agus loisciom go hiomlan iad. Agus is bríce do ḃí aca mar ċloiċ, agus pic ṫalṁuiġe mar ṁoirtéar. 4Agus a duḃradar, Gluáisiḋ, déunam caṫair ḋuinn féin, agus tor a roiṫeaċuiḋ a ḃárr go neaṁ; agus déunam ainm ḋuinn féin, deagla go spréiġfiġ sinn ar feaḋ na talṁan go huiliḋe. 5Agus táinic an TIĠEARNA a nṡúas dfeaċuin na caiṫreaċ, agus an tuir do rinneadar clann na ndáoine. 6Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Féuċ, is áon an pobal uile, agus is éinteanga atá aca uile; agus do ṫosuiġeadar so do ḋéunaṁ: agus a nóis ni coinneóċar éinni úaṫa, dar ṡáoileadar a ḋéunaṁ. 7Ag súd ċuguinn, déunnimne síos, agus buaiḋrim a teangaḋ, ionnus naċ dtúigfid siad glór a ċéile. 8Mar sin do sgáoil an TIĠEARNA ó ċéile íad as sin ar feaḋ na talṁan uile; agus do sguireadar an caṫair do ṫógḃáil. 9Is uime sin goirṫear Bábel dainm ḋi; do ċionn gur ḃuaiḋir an TIĠEARNA annsin teanga an doṁuín uile: agus do spréiġ an TIĠEARNA as sin íad ar feaḋ na talṁan uile. 10Ag so geinealaċ Ṡém: do ḃi Sem céud bliaḋain dáois, agus do ġein Arṗaxad ḋá ḃliaġain a ndiaiġ na dileann: 11Agus do ṁair Sem tar éis Arṗaxad go ġeineaṁuin cúig céud bliaġan, agus do ġein mic agus inġeana. 12Agus do ṁair Arṗaxad cúig ḃliaġna déug ar ḟiċid, agus do ġein Salah: 13Agus do ṁair Arṗaxad tar éis Salah do ġeineaṁuin ceiṫre ċéad agus trí bliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 14Agus do ṁair Salah tríoċad ḃíaġan, agus do ġein Eber: 15Agus do ṁair Salah tar éis Eber do ġeineaṁuin ceiṫre ċéad agus trí bliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 16Agus do ṁair Eber ceiṫre bliaġna agus trioċad, agus do ġein Péleg: 17Agus ṁair Eber tar éis Péleg do ġeineaṁuin ceiṫre ċéud bliaġan agus tríoċad, agus do ġein mic agus inġeana. 18Agus do ṁair Péleg tríoċad blíaġan, agus do ġein Réu: 19Agus do ṁair Péleg tar éis Réu do ġeineaṁuin ḋa ċéad agus náoí mbliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 20Agus do ṁair Réu tríoċad agus dá ḃliaġain, agus do ġein Serug: 21Agus do ṁair Réu tar éis Sárug do ġeineaṁuin ḋa ċéud agus seaċd mbliaġna, agus do ġein mic agus inġeana. 22Agus do ṁair Serug tríoċad bliaġan, agus do ġein Nahor: 23Agus do ṁair Serug tar éis Nahor do ġeineaṁuin ḋa ċéud blíaġan agus do ġein mic agus inġeana. 24Agus do ṁair Nahor naoí mbliaġna fiċiod, agus do ġein Térah: 25Agus do ṁair Nahor tar éis Térah do ġeineaṁuin ceud agus naoí mblíaġna déug, agus do ġein mic agus inġeana. 26Agus do ṁair Térah seaċdṁoḋad blíaġan, agus do ġein Abram, Nahor, agus Háran. 27Anois a síad so geinealuiġ Ṫérah: do ġein Térah Abram, Nahor, agus Háran; agus do ġein Háran Lot. 28Agus do éug Háran roiṁe a aṫair, Terah ann a ṫír ḋúṫaiġ féin ann Ur na Gcaldéanaċ. 29Agus tug Abram agus Nahor mná ċucṫa: ainm ṁná Abram Sárai; agus ainm ṁná Nahor Milcah, inġin Háran aṫair Ṁilcah, agus aṫair Iscah. 30Aċ do ḃí Sarai aimrid; ni raiḃ clann ar biṫ aice. 31Agus do ġlac Térah Abram a ṁac, agus Lot mac Hárain mac a ṁic, agus a ḃainċlíaṁuin Sárai, bean a ṁic Abram; agus do ċúadar amaċ leó ó Ur na Gcaldeanaċ, do ḋul go tír Ċanaáin; agus tangadar go Háran, agus daiṫreaḃuiġeadar ann sin. 32Agus do biad laeṫe Térah ḋá ċéud agus cúig ḃliaġna, agus do éng Térah ann Háran.

Valið núna:

Genesis 11: BedellG

Áherslumerki

Deildu

Afrita

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in