Akara Njirimara YouVersion
Akara Eji Eme Ọchịchọ

Gníomhartha 9

9
1Aċt do ċuaiḋ Saul, agus é ag sír‐ṡéideaḋ bagarṫa agus báis i gcoinniḃ deiscéabal an Tiġearna, ċum an ard‐ṡagairt, 2agus d’iarr sé air liṫreaċa do ṫaḃairt dó ċum na sionagóg i nDamascus, ċum, dá ḃfaiġeaḋ sé aon duine, fear nó bean de’n tSliġe seo, go dtiuḃraḋ sé leis iad ceangailte go h‐Iarúsalem. 3Agus ag imṫeaċt dó, ṫárla go raiḃ sé ag druidim le Damascus, agus do las solas ó neaṁ go h‐obann ’n‐a ṫimċeall: 4agus do ṫuit sé ċum na talṁan, agus d’airiġ sé an guṫ g‐á ráḋ leis, A Ṡaul, a Ṡaul, cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ġéirleanṁain? 5Agus aduḃairt seisean, Cia ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus d’ḟreagair sé, Is mise Íosa ar a ḃfuil tú ag géirleanṁain: 6aċt éiriġ, agus téiġ isteaċ san gcaṫair, agus innseoċar duit créad atá le déanaṁ agat. 7Agus na fir do ḃí ag taisteal i n‐éinḟeaċt leis do ḃíodar ’n‐a seasaṁ ’n‐a dtost, ag éisteaċt leis an nguṫ, aċt gan aon duine le feicsin aca. 8Agus d’éiriġ Saul de’n talaṁ; agus nuair d’ḟoscail sé a ṡúile, ní ḟaca sé rud ar biṫ; agus rugadar ar láiṁ air agus ṫreoruiġeadar isteaċ i nDamascus é. 9Agus do ḃí sé trí lá gan raḋarc, agus níor iṫ ná níor ól sé.
10Agus do ḃí i nDamascus deisceabal darḃ ainm Ananias, agus aduḃairt an Tiġearna i n‐aisling leis, A Ananias. Agus aduḃairt seisean, Atáim annso, a Ṫiġearna. 11Agus aduḃairt an Tiġearna leis, Éiriġ, agus imṫiġ go dtí an tsráid ar a dtugtar Díreaċ, agus loirg, i dtiġ Iúdáis, fear dar ab ainm Saul, ó Ṫársus; óir atá sé ag urnaiġe; 12agus do ċonnaic sé fear dar ab ainm Ananias ag teaċt isteaċ, agus ag cur a láṁ air, ċum go ḃfaiġeaḋ sé a raḋarc. 13Aċt d’ḟreagair Ananias, A Ṫiġearna, do‐ċualas ó ṁórán daoine i dtaoḃ an ḟir sin, go ndearna sé díoġḃáil ṁór dod’ naoṁaiḃ i nIarúsalem: 14agus atá uġdarás aige annso ó uaċtaránaiḃ na sagart ċum na daoine ġlaoḋas ar t’ainm do ġaḃáil. 15Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel: 16óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme. 17Agus d’imṫiġ Ananias, agus do ċuaiḋ sé isteaċ san tiġ; agus do ċuir sé a láṁa air agus aduḃairt, A Ṡaul, a ḃráṫair, an Tiġearna Íosa do ṫaisbeán é féin duit san tsliġe agus tú ag teaċt, do ċuir sé mise ċugat, ċum go ḃfaiġṫeá do raḋarc aṫuair, agus go líonfaiḋe ṫú de’n Spiorad Naoṁ. 18Agus ar an láṫair do ṫuit ó n‐a ṡúiliḃ mar ḃéaḋ gáinní, agus fuair sé a raḋarc; agus d’éiriġ sé agus do baisteaḋ é; 19agus do ġlac sé biaḋ agus fuair sé neart.
Agus d’ḟan sé roinnt laeṫe i ḃfoċair na ndeisceabal do ḃí i nDamascus. 20Agus ar ball, ins na sionagógaiḃ, do ċraoḃscaoil sé Íosa, gur ab é Mac Dé é. 21Agus do ḃí iongnaḋ mór ar a raiḃ ag éisteaċt leis, agus aduḃradar, Naċ é seo an té do‐rinne léirscrios i nIarúsalem orṫa‐san do ġlaoḋ ar an ainm sin? agus ṫáinig sé annso d’aon ġnó ċum iad do ṫaḃairt ceangailte i láṫair uaċtarán na sagart. 22Aċt is mó do ḃí Saul ag dul i neart, agus é ag cur na nIúdaċ do ċóṁnuiġ i nDamascus ’n‐a dtost, g‐á ċroṫú gur ab é sin an Críost.
23Agus nuair ḃí mórán laeṫe imṫiġṫe, do ġlac na h‐Iúdaiġ cóṁairle a ċéile go marḃóċaidís é: 24aċt fuair Saul fios a gcóiṁ‐ċeilge. Agus do ḃíodar ag faire ar na geataiḃ de ló agus d’oiḋċe ċum go marḃóċaidís é: 25aċt do ṫóg a ḋeisceabail é san oiḋċe, agus do ċuireadar síos é tríd an mballa, g‐a leigin síos i gciseán.
26Agus ar ṫeaċt go h‐Iarúsalem dó, d’iarr sé greamú leis na beisceablaiḃ: agus ḃí eagla orṫa go léir roiṁe, agus ní ċreidfidís gur ḋeisceabal é. 27Aċt do ġlac Barnabas ċuige é, agus ṫug sé ċum na n‐abstal é, agus d’innis sé ḋóiḃ cionnas do ċonnaic sé an Tiġearna san tsliġe, agus gur laḃair sé leis, agus cionnas mar laḃair sé i nDamascus i n‐ainm Íosa. 28Agus do ḃí sé ’n‐a ḃfoċair súd ag gaḃáil isteaċ agus amaċ i nIarúsalem, 29ag laḃairt go dána i n‐ainm an Tiġearna: agus do ḃíoḋ sé ag laḃairt agus ag diospóireaċt i n‐aġaiḋ na nGréagaċ; go ndeaċadar‐san ag iarraiḋ a ṁarḃaḋ. 30Agus nuair fuair na bráiṫre fios ’n‐a ṫaoḃ sin, ṫugadar síos go Céasaria é, agus do ċuireadar as sin go Társus é.
31Agus do ḃí síoṫċáin ag an eaglais ar fud Iúdaea, agus ar fud na Galilé agus Samária, ḃí beannaċt uirṫi; agus í ag dul i méid, ag gluaiseaċt i n‐eagla an Tiġearna, agus an Spiorad Naoṁ ag neartú léi.
32Agus ṫárla, nuair do ḃí Peadar ag gaḃáil ó áit go h‐áit, go dtáinig sé ċum na naoṁ do ċóṁnuiġ i Lidda. 33Agus fuair sé annsin duine darḃ ainm Aenéas, d’ḟan ’n‐a leabaiḋ ar feaḋ oċt mbliaḋan, agus pairilis air. 34Agus aduḃairt Peadar leis, A Aenéis, atá Íosa Críost ’gad’ ṡlánú: éiriġ, agus cóiriġ do leaba. Agus d’éiriġ sé ar an láṫair. 35Agus do ċonnaic siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe i Lidda agus i Sáróna é, agus d’iompuiġeadar ċum an Tiġearna.
36Agus do ḃí i nIoppé deisceabal darḃ ainm Tabitá, (ainm ċialluiġeas, Dorcás): bean do ḃí ag sír‐ċleaċtaḋ deaġ‐ġníoṁ agus carṫannaċta. 37Agus ṫárla ins na laeṫiḃ sin gur buaileaḋ tinn í, go ḃfuair sí bás: agus nuair do niġeaḋ í, do ċuireadar i seomra uaċtair í. 38Agus ó ḃí Lidda i ngar do Ióppé, ar n‐a ċlos do na deisceablaiḃ go raiḃ Peadar san áit sin, do ċuireadar beirt deisceabal ċuige, d’iarraiḋ d’aṫċuinge air teaċt ċuca gan ṁoill. 39Agus d’éiriġ Peadar agus ċuaiḋ sé n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair ṫáinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uaċtaraċ: agus do ḃí na baintreaḃaċa ’n‐a seasaṁ ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaiṫeaċ do‐rinne Dorcás a ḟad agus ḃí sí ’n‐a measc. 40Aċt do ċuir Peadar iad go léir amaċ, agus do leig sé é féin ar a ġlúnaiḃ, agus do‐rinne sé urnaiġe; agus ag iompoḋ ċum an ċuirp, aduḃairt sé, A Ṫabitá, éiriġ. Agus d’ḟoscail sí a súile; agus nuair do ċonnaic sí Peadar, d’éiriġ sí aniar. 41Agus ṫug sé a láṁ dí, agus do ṫóg sé ’n‐a seasaṁ í; agus ag glaoḋaċ na naoṁ agus na mbaintreaḃaċ dó, ṫug sé ḋóiḃ í ’n‐a beaṫaiḋ. 42Agus do luaḋaḋ é ar feaḋ Ioppé ar fad: agus do ḃí mórán do ċreid san Tiġearna. 43Agus ṫárla gur ḟan sé morán laeṫe i nIoppé i dtiġ Ṡíomóin, fear leasuiġṫe leaṫair.

Nke Ahọpụtara Ugbu A:

Gníomhartha 9: JOYNTG

Mee ka ọ bụrụ isi

Kesaa

Mapịa

None

Ịchọrọ ka echekwaara gị ihe ndị gasị ị mere ka ha pụta ìhè ná ngwaọrụ gị niile? Debanye aha gị ma ọ bụ mee mbanye